Comhairle na nDílseoirí – rófhada ar an bhfód?

Níl aon chlaochlú déanta ar pharaimíleataigh ach tá imeaglú, sracadh airgid, mangaireacht drugaí agus coiriúlacht eile luaite leo 

Comhairle na nDílseoirí – rófhada ar an bhfód?

Dá mba dream straitéiseach iad déarfá gur chinn siad gurb é seo an t-am chun tabhairt faoi Simon Coveney i ngeall ar an dochar atá déanta ag scéal Zappone don Aire Gnóthaí Eachtracha agus don rialtas ó dheas. Ach is deacair éirim nó éifeachtúlacht a lua le scáth-eagras na ndílseoirí paraimíleatacha, an LCC. 

Mhaígh cathaoirleach Chomhairle na nDílseoirí (Loyalist Communities Council), David Campbell le gairid go ndearna Simon Coveney veto faoi dhó ar chainteanna leis an ngrúpa faoina bhfreasúra don bPrótacal iarBhreatimeachta. Dar le Campbell, chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha stop le cainteanna idir rialtas na hÉireann agus an LCC agus rinne sé an cleas céanna chun a chinntiú nach labhródh Maroš Šefčovič leo thar ceann an Aontais Eorpaigh.

Grúpa lán de mhórchúis is ea an LCC is cosúil, iad cinnte go bhfuil siad i dteideal bualadh le rialtais, airí agus príomh-airí. Is fíor gur chothaigh Oifig Thuaisceart Éireann a sotal nuair a bhuail siadsan leo. Rinne Arlene Foster amhlaidh freisin mar cheannaire an DUP agus mar Chéad-Aire in Stormont. Ina theannta sin thug Coiste Parlaiminteach Thuaisceart Éireann in Westminster éisteacht dóibh cé go raibh cuid de bhaill an choiste sin go mór in éadan an chinnidh sin. 

Níl ach dhá mhí ann ó bhagair siad nach mbeadh fáilte roimh airí ó rialtas na hÉireann i dTuaisceart Éireann i ngeall ar an bPrótacal. Níos luaithe sa bhliain scríobh siad chuig an Taoiseach, Micheál Martin agus Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson chun a chur in iúl dóibh go raibh a dtacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta ar ceal de bharr na teorann i Muir Éireann.

Ba mhór an t-iontas é iad a bheith ag tabhairt le fios go raibh siad ag tacú leis an gComhaontú go dtí sin. Ba mhinice an socrú sin á shárú ná á chomhlíonadh ag paraimíleataigh dhílseacha in imeacht na mblianta. Ba é an míshuaimhneas faoi pharaimíleataigh dhílseacha a bheith fós gníomhach – d’uireasa díbhinn síochána ná tacaíocht ó vótóirí – faoi ndear bunú an LCC sé bliana ó shin.  

In 2015 bunaíodh an LCC mar scáth-eagraíocht don UVF, RHC agus UDA, le tacaíocht ó leithéidí Jonathan Powell, a bhí lárnach i bpróiseas na síochána mar chomhairleoir an Phríomh-Aire Blair. Dúirt Powell go raibh cás na ndílseoirí ar cheann de na ceisteanna ar deineadh faillí orthu i bpróiseas na síochána. D’aontaigh sé le daoine ar nós Billy Hutchinson, ceannaire an PUP, go ndearnadh neamart i bhforbairt eacnamaíochta na gceantar dílseach.

Tá an PUP (eite pholaitiúil an UVF agus an Red Hand Commando) fós ar an bhfód ach é taobh le triúr comhairleoirí áitiúla. Tá an UDP, an páirtí a bhí luaite leis an UDA, scortha le fiche bliain. Is minic a dhéanann dílseoirí casaoid faoi neart Shinn Féin i gcodarsnacht leo féin ach ba léir sách luath i ndiaidh 1998 nach raibh móramh de na (hiar)paraimíleataigh ag tacú leo.

Ba é cuspóir an LCC tráth a bhunaithe go dtabharfaí aghaidh ar an bhochtanas, easpa fostaíochta, caighdeán íseal agus easpa deiseanna oideachais agus go bhféachfaí le himeallú na ndílseoirí ón bpolaitíocht a chealú. Gealladh freisin go mbeadh coiriúlacht do-ghlactha. Próiseas claochlaithe do na paraimíleataigh a bhí in ainm is a bheith mar aidhm. 

Mór idir sin agus a gcosúlacht inniu. Mar a dúradh sa cholún seo cheana is beag atá bainte amach ag breabadh agus mealladh. Dá mbeadh toradh scrúdaithe ar an LCC ní bheadh sé dearfach. Tá fadhbanna eacnamaíochta agus oideachais follasach i gcónaí. Níl aon chlaochlú déanta ar pharaimíleataigh ach imeaglú, sracadh airgid, mangaireacht drugaí agus cineálacha eile coiriúlachta luaite leo chomh maith le cos ar bolg ar an bpobal.

Maidir le rannpháirtíocht sa pholaitíocht, nó dílseoirí ‘a thabhairt isteach as an bhfuacht’ mar a tugadh air in aidhmeanna an LCC, is aisteach mar a táthar ag tabhairt faoi. Ní hamháin go bhfuil Simon Coveney ina cheap fuatha acu (Leo Varadkar freisin) ach tá sáiteáin á bhfáil ag na páirtithe aontachtacha freisin. 

Seans nach iontas é an íde béil a fuair Coveney i bhfianaise na guagachta iarBhreatimeachta cé nár facthas fianaise ar bith mar thaca leis na líomhaintí faoi veto ar chainteanna. Más fíor, is iomaí duine a mholfadh é, agus go leor den bharúil nár cheart a bheith ag déileáil le brú-ghrúpa a bhfuil lucht aindlí luaite leis. 

Bhí díomá ar an LCC gur fhreastail an Chéad-Aire Paul Givan ón DUP ar chruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas. D’éiligh an LCC go ndéanfadh an DUP agus an UUP baghcat iomlán ar chruinnithe leis an rialtas ó dheas. Bhainfeadh aon teagmháil an bonn den bhfeachtas aontachtach in aghaidh an Phrótacail, a dúradh. 

I bhfianaise a laghad atá déanta aige chun rannpháirtíocht i bpolaitíocht dhílseach a chur chun cinn is dána an mhaise don LCC é a bheith ag tabhairt treorach do pholaiteoirí tofa. Ó bhí buíonta beaga as measc na n-eagraíochtaí atá páirteach san LCC bainteach le círéibeacha níos luaithe sa bhliain theastódh ón gceannaireacht a bheith tomhaiste. Rómhaith atá a fhios againn cé chomh furasta is atá sé ag briathra bhladhmannacha tine a fhadú. Mura bhfuil aon rud úsáideach le rá nó le déanamh ag an LCC chun spriocanna a bhunaithe a bhaint amach b’fhéidir gur mhithid dóibh éirí as.

Fág freagra ar 'Comhairle na nDílseoirí – rófhada ar an bhfód?'