Comhairle don Taoiseach nua –bí cineálta, crua, solúbtha, dochorraithe, láidir agus lách

Tá barr sléibhe sroichte ag Leo Varadkar agus radharc ar shaol na hÉireann agus an domhain aige nach raibh ach ag trí dhuine dhéag eile ó bunaíodh an stát. Seo roinnt comhairle dó…

Comhairle don Taoiseach nua –bí cineálta, crua, solúbtha, dochorraithe, láidir agus lách

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Comhghairdeas! Tá tú ar tí a bheith tofa mar cheannaire náisiúnta agus gan fiú daichead bliain caite ar an saol agat. Éacht nach ndearnadh abhus ó toghadh Parnell mar cheannaire ar na hÉireannaigh in Westminster in 1880. Ní raibh seisean ach 34 bliain d’aois an uair sin agus féach ar a ndearna sé gur díbríodh é.

Tá barr sléibhe sroichte anois agat agus radharc ar shaol na hÉireann agus an domhain agat nach raibh ach ag trí dhuine dhéag eile ó bunaíodh an stát.

Is fiú cuimhneamh orthu sin agus ar fhad a dtréimhsí oifige agus do phlean oibre á mheá agat roimh imeacht Enda Kenny. 

Fág tréimhse eisceachtúil Éamoin De Valera in oifig an Taoisigh (21 bliain) as an áireamh. Breathnaigh ar mheántréimhse oifige na dTaoiseach a toghadh le leathchéad bliain anuas.

Chaith na Taoisigh a toghadh ó 1967 anonn cúig bliana go leith i gceannas. Ní fios cén t-achar a mhairfidh do thréimhse féin, tharla nach bhfuil móramh Dála agat, mar a bhí ag Lynch, Cosgrave, Haughey, Fitzgerald, Reynolds, Bruton, Ahern, Cowen agus Kenny.

Ní foláir duit mar sin, díriú (a) ar aidhmeanna atá ar do chumas iad a chur i gcrích mar cheannaire ar rialtas mionlaigh agus (b) ar an gcur chuige a theastaíonn chun móramh Dála a bhaint amach, ar bhealach éigin, tar éis an chéad olltoghcháin eile. 

Beidh do lucht leanúna ag súil le caint ghéar ionsaitheach uait go minic. Chomh maith le fonóid faoin bhfreasúra agus cáineadh láidir ar a bpolasaithe gan mhaith, dar leat.

Beidh fonn ort iad a shásamh, mar a rinne gach Taoiseach romhat, ach cuimhnigh i gcónaí ar an dá aidhm thuas.

Más mian leat a bheith ar comhchéim le Taoisigh eile Fhine Gael, ní leor ríméad a chur ar pháirtí parlaiminte, ar chosmhuintir agus ar vótóirí Fhine Gael le géire béil. Ní foláir daoine eile a mhealladh chun cur le líon na suíochán Dála (50) atá ag an bpáirtí faoi láthair. 

Teastaíonn móramh, nó bunús móraimh (seachtó suíochán, ar a laghad) ó Fhine Gael chun teacht as an lagrialtas ina bhfuil sibh páirteach ó anuraidh.

Ní bhainfear an sprioc sin amach cheal cúpla cinneadh fiúntach roimh dheireadh ré an rialtais reatha.

É sin agus ábhar dóchais a shásóidh suas le daichead faoin gcéad den phobal ar a laghad go gcuirfidh sibh beartais fhiúntacha i bhfeidhm má bhíonn sibh i gceannas ar an gcéad rialtas eile. 

Anois, an cheist mhór. Ní bheidh rath ort mar Thaoiseach ná ar do pháirtí (ná ar an tír, déanta na fírinne), mura roghnaíonn tú foireann fhuinniúil rialtais de réir an tseanfhocail a deir ‘mol an óige agus tiocfaidh sí’.

Cuimhnigh ar liosta na n-airí stáit agus Teachtaí Dála a thug tacaíocht duit sa toghchán a ghnóthaigh tú. Is léir nach bhfuil aon dul as agat ach duine  nó beirt ar an liosta seo a fhágáil ar lár: Charlie Flanagan, Mary Mitchell O’Connor agus (toisc nach ar bhonn trócaire a roghnaítear airí) Frances Fitzgerald nó Richard Bruton.

Má chuirtear easpa trócaire nó tuisceana i do leith, bíodh trí fhreagra réasúnta agat: 

1. Tá deis tuillte ag an aos óg, agus ag Michael Ring, a gcumas mar airí rialtais a léiriú.

2. Mura ndíbreoinn beirt airí rialtais, ar a laghad, cé mar a d’fhéadfainn ardú céime a thabhairt do leithéid Eoghan Murphy [ceannaire fheachtas Varadkar], Seán Kyne, Regina Doherty, Peter Buke, John Deasy [más fíor na ráflaí] Michael D’Arcy, Colm Brophy agus corrdhuine eile.

3. Riachtanais a bhaineann le tír eolas atá i gceist thar aon rud eile.

Iarfhocal: coinnigh Simon Harris sa rialtas.

Mar gheall ar phrionsabal an tseanfhocail (mol an óige… srl) agus toisc gur fusa aire sláinte reatha a fhágáil i mbun na roinne sin ná aire nua a aimsiú. 

Gach rath ar an obair!

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Comhairle don Taoiseach nua –bí cineálta, crua, solúbtha, dochorraithe, láidir agus lách'