Comhairle do Shinn Féin…

Agus d'Fhine Gael, d'Fhianna Fáil, agus don Lucht Oibre. Ní fúibhse, na páirtithe, ach fúinne, na vótóirí, atá sé an rogha a dhéanamh cé a bheidh sa chéad chomhrialtas eile.

8/10/2014 Sinn Fein Pre Budgets 2015
Pictiúr: Photocall Ireland

Tá cúrsaí comhrialtais á bplé ag Ard-Fheis Shinn Féin i nDoire. Bí cinnte nach mbeidh an cinneadh a dhéanfar rófhada ón dearcadh réamh-ardfheise a chualamar ar RTÉ inné ó dhuine de Theachtaí Dála sinsearacha an pháirtí.

Ní bhreithneofaí dul i gcomhrialtas, a dúirt Pearse Doherty le mo chomrádaí Justin McCarthy, mura mbeadh níos mó ionadaithe ag Sinn Féin sa Dáil ná mar a bheadh ag páirtí eile.

Is fear díograiseach ardchumais é Pearse, agus táim cinnte go raibh sé dáiríre ina chuid cainte.

Ní ceist faoi pholasaithe amháin atá anseo agus is cinnte go bhfuil gach polaiteoir feasach an léasadh a thug vótóirí do gach mionpháirtí a ghlac páirt i gcomhrialtas go dtí seo.

Ach cogar, a Phiarais, agus a dhaoine uaisle i ngach páirtí, tá réamhchoinníollacha mar seo cloiste againn le fada. Má fhágaimid margadh comhrialtais idir Fine Gael agus Fianna Fáil as an áireamh, roimhe seo, caitheadh gach réamhchoinníoll dá leithéid i leataobh, luath nó mall. Agus ní bheidh iontas ar mhórán, mé fein ina measc, má chuireann uimhreacha Dála iachall ar FG agus FF teacht le chéile tar éis toghcháin sara i bhfad.

Tá ciall lena sheasamh, mura bhfuil ach leas an pháirtí fein á chur sa meá – mar atá curtha ag gach comhalta d’Fhine Gael, d’Fhianna Fáil agus den Lucht Oibre a dúirt nach suífeadh a phairtí síos ag bord an rialtais le pairtí áirithe eile.

Tá lánchead acu go léir dream ar bith a chur as an áireamh roimh ré. Ach tar eis an toghcháin, beidh breith an phobail tugtha. Mura dtagann páirtithe ar athrú intinne, faoi cheann achair bhig, beidh olltoghchán eile ann. Agus toghchán eile, b’fhéidir, mar a tharla i 1981-82.

Má sheasann Sinn Féin an fód in aghaidh rannpháirtíocht rialtais tar éis dhá olltoghchán, nó fiú trí cinn, beidh diancheisteanna á gcur. Mar shampla: cén fath go rabhthas ag diúltú dul i mbun rialtais ar choinnioll ar bith ar an taobh ó dheas den teorainn, ainneoin toil an pháirtí glacadh le freagracht rialtais i Stormont.

Ós ag caint ar Thuaisceart Éireann atáimid, is fiú tagairt a dhéanamh do dhá ábhar suntais nach bpléifear i nDoire, go hoscailte pé scéal é.

  1. Ní dhéanfaidh reachtáil na hArd-Fheise i nDoire aon dochar d’iarrachtaí an pháirtí suíochan na cathrach i Westminster a bhaint den SDLP – éacht nár éirigh le Sinn Féin a dhéanamh fós.
  2. Le tamall anuas, tá sé raite ag ceannairí Fhine Gael agus an Lucht Oibre go mbeadh an tír trína chéile dá mbeadh deis ag Sinn Féin a bpolasaithe místuama a chur i bhfeidhm. Ach ní místuaim (mar a thuigtear an focal sin i bpáirtithe an rialtais) ach a mhalairt atá á leiriú ag Sinn Féin ó thuaidh agus ciorruithe éagsúla ar chaiteachas á gcur i bhfeidhm acu – laghdú 20,000 mar shampla ar líon na n-oibrithe sa tseirbhís phoiblí.

Ní stuaim a thabharfar ar a leithéid ag an Ard-Fheis, ar ndóigh, ach géire an rialtais i Londain a mhaolaigh Sinn Féin, dar leo féin.

Macalla den chosaint a rinne airí an Lucht Oibre i gCill Airne ar a dtionchar, dar leo féin, ar pholasaithe an rialtais i mBaile Átha Cliath.

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Comhairle do Shinn Féin…'