Comhairle Chontae na Gaillimhe buailte ag cúrsaí airgid agus ‘luach cupán caife’ á lorg

Murar féidir a theacht ar airgead breise ón Stát d’fhéadfadh seirbhísí go leor a bheith thíos leis sa Ghaillimh

Comhairle Chontae na Gaillimhe buailte ag cúrsaí airgid agus ‘luach cupán caife’ á lorg

Luach cupán caife sa tseachtain. Sin a raibh uaidh ó 91% de theaghlaigh chontae na Gaillimhe agus bheadh cúraimí na Comhairle Contae slán in 2021. Sin a bhí le rá ag an mbainisteoir gníomhach, Caoimhín Ó Ceallaigh, le Comhairleoirí Contae na Gaillimhe ag a gcruinniú míosúil inné.

Míniú simplí a thuigfeadh chuile dhuine ar an scéal. Mura bhfaighfí luach an chupáin chaife, d’fhéadfadh cúrsaí airgid na Comhairle a bheith ina gcíor thuathail an chéad bhliain eile, a deir an Ceallach.

An leigheas a bheadh ar an scéal dar leis ná ardú a chur ar an gCáin Mhaoine sa gcontae. De réir na meastachán a bhí déanta aigesean ní chuirfeadh an t-ardú a bhí lucht na bainistíochta a mholadh ar an gCáin Mhaoine ach tuairim is 87 cent sa mbreis sa tseachtain ar an airgead a bheadh le n-íoc ag formhór na dteaghlach ar fud chontae na Gaillimhe.

Ach ní raibh aon sos caife á thairiscint don bhainisteoir.  

Go deimhin, ba ghearr gur tharraing an Comhairleoir Joe Beirne, Fine Gael (as Cinn Mhara) anuas na cupáin chaife sa gcur agus sa gcúiteamh. “Dá gcaithfeadh an Rialtas linn mar ba chóir bheadh 300 cupán caife an duine ag dul do chuile dhuine sa gcontae seo,” arsa fear Chinn Mhara. De réir a chuid áirimh siúd bhí Gaillimh €300 an duine gann ar an meándeontas a fhaigheann Comhairlí Contae ar fud na tíre ón Rialtas.

“Níl sé ceart ná cóir go mbeadh ar mhuintir an chontae seo an bhearna sin san airgead a líonadh,” a deir an Comhairleoir Beirne.

Ansin atá an buille, nó an chuid is mó de.

Ar chúis éigin nach bhfuil míniú simplí air tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ar an dara húdarás áitiúil is lú sa tír a fhaigheann tacaíocht dhíreach amach ón Státchiste i mBaile Átha Cliath. D’éirigh an scéal go dona do Ghaillimh nuair a tugadh an Cháin Mhaoine isteach seacht mbliana ó shin.

Bunaíodh córas ar ar tugadh an Ciste Cothromaíochta sa Státchiste nuair a cuireadh an Cháin Mhaoine i bhfeidhm. Bheadh suim áirithe as an gciste sin le tabhairt d’údaráis áitiúla ar fud na tíre lena chinntiú nach mbeidís caillteach de bharr na socruithe nua airgeadais a bhain leis an gCáin Mhaoine.

Téann cuid den cháin sin as na contaetha isteach sa Státchiste náisiúnta.

Ach, de réir na bhfigiúirí tá contae na Gaillimhe chun deiridh leis an socrú.

Inné, bhí Comhairleoirí ann a leag an milleán ar na Teachtaí Dála agus na seanadóirí as Gaillimh – thoir agus thiar. Bhí an Comhairleoir Colm Keaveney as Fianna Fáil, iarTheachta Dála é féin, ina measc siúd a bhí ar an intinn sin. “Feileann sé ar bhealaí d’ionadaithe Dála agus Seanaid as Gaillimh gurb iadsan a bheadh ag fógairt suimeanna airgid a bheadh le caitheamh sa gcontae seachas na Comhairleoirí a bheith á dháileadh amach,” arsa an Comhairleoir Keaveney.  

Chuir an Comhairleoir Carey McHugh as Tuaim freisin leis an gcaint sin. Dúirt sise go bhfógraíonn baill Dála agus Seanaid forbairtí éagsúla ach fágtar an Chomhairle Contae ag cur an airgid chothabhála ar fáil bliain i ndiaidh bliana.

Ach tá fadhb phraiticiúil ag Bainisteoir Gníomhach na Comhairle Contae, Caoimhín Ó Ceallaigh, mar go bhfuil buiséad na Comhairle don bhliain seo chugainn le réiteach go luath. Measann an Ceallach go mbeidh caillteanas €2.2 milliún, ar a laghad, ar an gComhairle in 2021. “Cén bhrí,” a deir sé “ach níl a fhios againn cé chomh corrach agus a bheidh an eacnamaíocht agus an saol.”

Sa gcás agus nach gceadódh na Comhairleoirí Contae ardú ar an gCáin Mhaoine, ní bheadh ach dhá bhealach fanta ag an gComhairle Contae leis an mbuiséad a chothromú an chéad bhliain eile: na rátaí ar lucht gnó a mhéadú nó seirbhísí na Comhairle a laghdú – nó meascán den dá bheart sin.

Ní thabharfadh Tim Broderick, Comhairleoir Neamhspleách as Cill Chonaill in oirthear na Gaillimhe, aon ghéilleadh don chaint sin. “Meas tú,” a dúirt seisean “cén dearcadh a bheidh ag lucht gnó ar ardú ar na rátaí agus cuid acu ar tí a gcuid doirse a dhúnadh de bharr an bhail atá ar an saol ag an gcoróinvíreas?”  

Ach sa deireadh bhíothas ar aon fhocal. Glacadh d’aon ghuth le rún go n-iarrfaí cruinniú le hAirí Rialtais le súil go bhfaighfí ardú ar an bhfóirdheontas Stáit do Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Tuigeann na Comhairleoirí uilig nach ribín réidh é sin. Tá an chruóg airgeadais seo ag fáisceadh níos géire ar an gComhairle le seacht mbliana. Tá tuairimíocht ann go mbaineann sé le hiarrachtaí a triaileadh i mBaile Átha Cliath le cónascadh a dhéanamh idir Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe sa gcóras Rialtas Áitiúil. Ní bhfuair an iarracht sin mórán tacaíochta san iarthar. Mar sin, a deir cuid de lucht na tuairimíochta, fágfar an Chomhairle Contae spíonta. Sin leagan amháin den scéal.

Tá an dara rud ann atá suntasach. Tá Caoimhín Ó Ceallaigh fágtha ina Bhainisteoir Gníomhach ar an gComhairle le breis is sé bliana. Rud neamhghnách é sin. Ceapadh sna chéad bhlianta go rabhthas dá fhágáil mar sin nó go ndéanfaí an cónascadh idir an chathair agus an contae agus go bhfógrófaí post do Phríomhfheidhmeannach nua ansin.

Ach d’fhág vóta i dTithe an Oireachtais go raibh ceist an chónasctha marbh.

Murar féidir a theacht ar airgead breise ón Stát d’fhéadfadh seirbhísí ar nós feabhas ar thithe sóisialta, soilse poiblí, deontais phobail agus ealaíon, ionaid agus cúrsaí oidhreachta, deasú bóithre, eagrú ar theorainneacha luais agus tuilleadh a bheith thíos leis ar fud na Gaillimhe in 2021.

Teastaíonn luach cúpla milliún cupán caife leis an ngearradh sin a sheachaint.

Fág freagra ar 'Comhairle Chontae na Gaillimhe buailte ag cúrsaí airgid agus ‘luach cupán caife’ á lorg'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá sé náireach nach bhfuil Comhairleoirí Chontae na Gaillimhe sásta ardú a chur ar an gcáin mhaoine sa gContae. B’fhearr leo na seirbhísí a ghearraidh. Ní iontas ar bith nach bhfaigheann siad mórán éisteachta i mBleá Cliath nuair a théann siad ag cuartú níos mó airgid. B’fhéidir go bhfaighfí éisteacht níos fearr dá leanfaí sampla na gcontaethe a bhailíonn níos mó airgid isteach ón gCáin Mhaoine le caitheamh sa gcontae ar sheirbhísí.