Comhairle á lorg faoi achomharc i gcoinne cinneadh cúirte nach gá Gaeilge má tá ‘Béarla líofa’ agat

Is chuig an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine a chaithfí aon achomharc a dhéanamh faoin gcinneadh sa Chúirt Uachtarach i gcás a bhain le cearta teanga

Comhairle á lorg faoi achomharc i gcoinne cinneadh cúirte nach gá Gaeilge má tá ‘Béarla líofa’ agat

Tá comhairle dlí á lorg ag forbróirí Gaeltachta faoi chinneadh sa Chúirt Uachtarach nach raibh gá cáipéisí dlí áirithe a chur ar fáil dóibh i nGaeilge mar go bhfuil ‘Béarla breá líofa’ acu.

Cinneadh sa Chúirt Uachtarach nár ghá éisteacht de chuid an Bhoird Pleanála a chur siar mar go raibh Béarla ar a toil ag an té a bhí ag éileamh go gcuirfí ionstraimí reachtúla ar fáil i nGaeilge, Siobhán Denvir-Bairéad, bean Ghaeltachta agus cainteoir dúchais.

Ó tharla gur cinneadh de chuid na Cúirte Uachtaraí atá i gceist, chaithfí dul chun na hEorpa chun achomharc a dhéanamh.

Ní raibh aon cheist, a dúradh, go mbeadh na freagróirí faoi aon mhíbhuntáiste d’uireasa na n-ionstraimí go léir a raibh siad ag iarraidh leagan Gaeilge díobh.

B’amhlaidh an scéal mar go raibh Béarla líofa ag na freagróirí agus ní bheadh a lucht dlí faoi mhíbhuntáiste agus cás á dhéanamh acu i gcoinne an CPO (ordú ceannaigh éigeantaigh) a bhfuiltear ag cur ina aghaidh.

Rinne an Stát achomharc in aghaidh cinneadh Ard-Chúirte i gcás a thug Siobhán Denvir-Bairéad agus dhá chomhlacht forbartha faoi chearta teanga.

Tá na comhlachtaí ag cur i gcoinne ordú ceannaigh éigeantaigh atá á lorg ag Uisce Éireann chun córas cóireála séarachais a thógáil ar a dtalamh ag Céibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara.

Cé gur sheas an Chúirt Uachtarach le cinneadh na hArd-Chúirte go raibh sé “míréasúnta” 17 mí a chaitheamh ag aistriú acht Oireachtais, údar imní do ghníomhaithe teanga agus saineolaithe dlí gur cinneadh nár ghá an éisteacht phoiblí a chur siar mar go bhfuil Béarla ag Siobhán Denvir-Bairéad.

Dheimhnigh muintir Bhairéad do Tuairisc go bhfuil comhairle dlí á lorg acu faoin scéal.

Is chuig an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine a chaithfí aon achomharc a dhéanamh.

Faoi Acht an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, is gá go mbeadh an bhrí a bhaintear as an reachtaíocht abhus ag teacht leis an gCoinbhinsiún. I gcúirteanna na tíre seo, áfach, bíonn tosaíocht ag rún soiléir reachtaíochta agus aon cheanglas freasordaithe sa mBunreacht ar an gCoinbhinsiún um Chearta an Duine. Ní féidir brath ach oiread ar fhorálacha an Choinbhinsiúin mar bhonn le cúiseanna caingne ar leith a thionscnamh.

Fad is a bhaineann sé le dlí na hÉireann ní thugtar tús áite do chinneadh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ar achtanna an Oireachtais. Ina áit sin, cuirtear an tOireachtas ar an eolas faoin mbreith san Eoraip agus déantar cinneadh ansin reachtaíocht a thabhairt isteach nó fiú reifreann a ghairm chun feidhm a thabhairt don chinneadh.

Tá sé ina imní gur cúlú é cinneadh na Cúirte Uachtaraí faoi na hionstraimí reachtúla ar an tuiscint a bhíodh ann go dtí seo go raibh sé de bhuncheart ag an saoránach cás a chur i láthair na cúirte i nGaeilge agus go mbeadh fáil aige i nGaeilge ar aon cháipéis nó seirbhís a bhí ag teastáil chun sin a dhéanamh.

Tá imní léirithe, mar shampla, gur cúlú é cinneadh na Cúirte ar bhreithiúnas an Bhreithimh Hardiman i gcás cáiliúil eile sa Chúirt Uachtarach a raibh baint aige le stádas na Gaeilge sa dlí, Ó Beoláin v. Fahy.

Dúirt an Breitheamh Hardiman sa bhreith sin nach bhféadfaí aon bhac a chur ar dhaoine a raibh an cumas acu nó an fonn orthu cás a dhéanamh i nGaeilge.

Dúirt sé nach bhféadfaí aon duine a bheadh ag iarraidh cás nó cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge a chur faoi aon mhíbhuntáiste in aon chomhthéacs “náisiúnta nó oifigiúil”.

Fág freagra ar 'Comhairle á lorg faoi achomharc i gcoinne cinneadh cúirte nach gá Gaeilge má tá ‘Béarla líofa’ agat'

  • Mac Súilleabháin Séamus

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    “Béarla Bréa Bhaile Átha Cliath aige”, a dúirt an Breitheamh i mo chás.

    Moill ró-fhada agus Achtanna Neamhdhlíthiúla ó bunaíodh an Stát

    Dá dtarlódh seo i dtír ar bith eile mar shampla an Fhrainc, an Bheilg srl.
    bheadh lucht déanta an Dlí sna cillíní taobh liom le fada an lá.

    —“Deir an Breitheamh Gerard Hogan gur údar mór imní é go bhfuil 450 Acht le haistriú go Gaeilge agus gur léirigh an mhoill go ‘soiléir’ nach raibh an stát ag cloí le dualgas bunreachtúil follasach—”

    ” Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de reir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’ . ————— Ní raibh na hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Chóiriúil’ (Pholaitiúil) faoi lán seoil ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.”

    *************************
    Ach, ach, mo léan is mo trua agus bhrón,
    is cuimhin liom na sean-laethanta agus
    mise os comhair na Cúirte Polaitiúla Speisialta
    mar a bheadh ‘An duine deireadh de na Mochains (sic)’
    nó Oisín i ndiaidh na bhFéinne’
    ag crá croí faoin ‘cheap magaidh’
    a bhídís ag déanamh fúmsa ag labhairt
    is ag iarraidh caipéisí Gaeilge, ach mo léan géar.

    **************************

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil (2014-2022) ar a chearta daonna agus teanga d’ainneoin an Cultúr Angla-Mheiriceánach agus meon an ‘Rialtais’.

    Ar aghaidh chun bua agus Achtanna Dlíthiúla —- le mo phianbhreith a chur ar neamhní !!!

    Is mise le dóchas
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    An Ghaeltacht/Jailteacht
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    Focal Scoir :—
    (Gabh mo leithscéal as an Clampar, mar tá mé ag obair ó mo chillín
    ar láthair thógála ‘Bloc E ‘agus braon den ‘Asbestos’ agus deanach timpeall orm i gcónaí )

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Traolach Ó Sioradáin

    Ba chóir dos na heagrais Ghaeilge (Conradh na Gaeilge, Glór na nGael 7rl) tacaíocht a thabhairt do Shiobhán an cás a chuir faoi bhráid na Cúirte Eorpaí. Ní féidir le lucht na Gaeilge glacadh le cinneadh na Cúirte Uachtaraí.

  • Criostóir Ó Maonaigh, An Astráil

    An amhlaidh atá sé go bhfuil forsaí cumhachtacha in Éirinn fós atá ar a ndícheall An Ghaeilge a bhrú síos nó a chur fé chois. An amhlaidh atá sé go gceapann siad go seasann An Ghaeilge sa bhealach i gcoinne Éire agus margaí oscailte an domhain i slite áirithe? Ní fheadfadh sin a bheith fíor mar tá eiseamláir go leor ó thíortha bheaga eile san AE ann. Is cosúil nach bhfuil bac ró-mhór ar margaí Na Danmhairge, Na hÍsiltíre, Na Bheilge, Na hIoruaidhe, Na Sualainne nó Na Fhionlainne lena dteangacha dúchasacha agus An Béarla mar dara teanga acu. Ní airím na tíortha Bailteacha atá fós ag iarraidh a gcuid teangacha dúchasacha a láidriú. I gcás na stáit Bhalcánacha a fuair a neamhspleáchas ní fheicim go bhfuil aon tir acu ag fáil réidh leis an dteanga dhúchasach. Dé chúis mar sin go mbíonn cursaí Gaeilge i gcónaí ag dul dhá chéim ar aghaidh agus céim go leith ar chúl?
    An bhfuil sé in am do muintir na Gaeilge a bPáirtí Polaitíochta féin a chruthú chun seasamh in aghaidh tionchur Angla-Meiriceánaigh agus aigne daoine faiteacha a dhainginiú?

  • Éamonn Ó Gribín

    Maidir le “…údar imní do ghníomhaithe teanga agus saineolaithe dlí gur cinneadh nár ghá an éisteacht phoiblí a chur siar mar go bhfuil Béarla ag Siobhán Denvir-Bairéad.”

    Theip ort a rá linn cérbh iad na gníomhaithe teanga agus na saineolaithe dlí thuas luaite agat!

    B’fhéidir go gcabhródh sé dá scaoilfeadh an Coimisinéir Teanga a thuairim ar an ábhar seo?

    Nár eisigh a leithéidí agus Conradh na Gaeilge nó Teachta Dála ráiteas ar an ábhar seo?

  • Antóin

    Beifear ag caint go lá dheireadh an tsaoil faoi achtanna an oireachtais agus ionstraimí reachtúla a aistriú agus más mian le héinne tamall a chaitheamh i bpurgadóir á meabhhrú seo, seo an doras isteach:
    https://courts.ie/acc/alfresco/41625fbc-db7c-4f5c-815e-6a94651d00c0/2022_IESC_40_(Gaeilge).pdf/pdf#view=fitH

    Léiríonn cásanna mar seo an dearcadh coilíneach atá ag gach rialtas i leith na teanga. Beidh sí i gcónaí in áit na leathphingine.

  • Seán ÓM

    Má dheanannn an bhean Uasal Denvir cúr síos i mBéarla faoi chomhráite a bhí aici i nGaeilge agus faoi rudaí a scríobh sí i nGaeilge – tá seirbhís aistriúcháin FÓS á chur ar fáil – ach é á chur ar fáil ag ceann de na rannpháirtithe sa chás.

    Bíonn an córas ag bogadh uallach an aistriúcháin go dtí an rannpháirteach mar sin.

    Bionn ar an rannpháirteach feidhm an aistritheora a chomhlionadh chomh maith le ról an rannpháirtigh sa chás mar sin.

    Bíonn an córas ag fáil an t-aiststriuchain saor in aisce ó chainteoiri Gaeilge mar sin.

    = Uallach sa bhreis do chainteoirí Gaeilge sna cásanna.
    = Míbhuntáiste do chainteoirí Gaeilge.
    = Leithcheal córasach i gcoinne chainteoirí Gaeilge.

    Go néirí leo ar an Mór-roinn!

  • Seán Ó Donnchaidh

    A mhalairt leis an scéal i “Black 47”:
    “Ní Gaeilge teanga na cúirte seo! Tá tú ciontaithe de bheith ag lorg do chearta teanga. Conas a phléadálann tú? Ciontach? Amadach? Nó an dá rud? Caithfidh an Stáit ceacht a mhúineadh duit agus tú a chur ar ais i do bhosca in áit iargúlta i bhfad ó Bhaile Átha Cliath.”