Imní faoi chinneadh nach gá éisteacht phoiblí a chur siar toisc ‘Béarla breá líofa’ a bheith ag cách

Cinneadh sa Chúirt Uachtarach nach gá éisteacht de chuid an Bhoird Pleanála a chur siar mar go bhfuil ‘Béarla breá líofa’ ag an mbean Ghaeltachta a bhí ag iarraidh cáipéisí dlí i nGaeilge sula rachfaí ar aghaidh leis

Imní faoi chinneadh nach gá éisteacht phoiblí a chur siar toisc ‘Béarla breá líofa’ a bheith ag cách

Údar imní do ghníomhaithe teanga agus saineolaithe dlí cinneadh sa Chúirt Uachtarach nár ghá éisteacht de chuid an Bhoird Pleanála a chur siar mar go bhfuil “Béarla breá líofa” ag bean Ghaeltachta atá le teacht os a chomhair.

Cinneadh san Ard-Chúirt go raibh sé “míréasúnta” 17 mí a chaitheamh ag aistriú acht Oireachtais ach rinne an Stát achomharc in aghaidh an bhreithiúnais sin agus mhaígh siad nár chóir bac a chur ar údarás poiblí amhail an Bord Pleanála dul ar aghaidh le héisteacht ó bhéal toisc nach raibh leaganacha Gaeilge d’ionstraimí reachtúla ar fáil.

Sheas an Chúirt Uachtarach le cinneadh na hArd-Chúirte go raibh an tréimhse 17 mí “míréasúnta” ach cinneadh chomh maith nár ghá ach ionstraimí reachtúla áirithe a aistriú. 

Agus cinneadh phainéal breithiúna de chuid na Cúirte Uachtaraí á mhíniú aige, dúirt an Breitheamh Gerard Hogan nár ghá an éisteacht de chuid an Bhoird Pleanála a chur siar mar go raibh Béarla ar a toil ag an té a bhí ag éileamh go gcuirfí ionstraimí reachtúla ar fáil i nGaeilge. 

“Ós rud é go bhfuil Béarla breá líofa ag an tríú freagróir ainmnithe [Siobhán Denvir-Bairéad] san achomharc, níl aon chúis, mar shampla, srian a chur leis an éisteacht ó bhéal sa chás seo,” a dúradh i gcinneadh na Cúirte.

Dúradh chomh maith nach gá eisceacht a dhéanamh in aon chás eile amach anseo mura mbeadh “fianaise shoiléir agus dhian” ann go mbeadh an té a bheadh i gceist faoi mhíbhuntáiste toisc go mbeadh sé ag brath ar an mBéarla amháin.

Níor cheart go mbeadh an cinneadh go gcaithfí ionstraimí reachtúla áirithe a aistriú ina chúis le “faoiseamh breise” a fháil. Sa chás go dteipfeadh ar an stát “sa dualgas bunreachtúil” seo amach anseo ba leor an méid sin “a dhearbhú”. 

Dar le Conradh na Gaeilge gur údar imní é an meon nach gá seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil do dhuine mar go bhfuil Béarla líofa acu. 

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn nach bhfuil aon bhaint ag cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge lena líofacht nó easpa líofachta sa Bhéarla.

“Eascraíonn cearta teanga as eolas ar theanga amháin seachas aineolas ar theanga eile. Cinnte níor mhaith leis an mBreitheamh Hogan go gcuirfí iallach air, i gcomhthéacs oifigiúil, Gaeilge seachas Béarla a úsáid in aghaidh a thola toisc a chumas soiléir sa Ghaeilge,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Sa chúirt anuraidh d’éirigh le hathbhreithniú breithiúnach Shiobháin Denvir-Bairéad agus dhá chomhlacht forbartha a mhaígh gur chóir go mbeadh reachtaíocht ar fáil dóibh i nGaeilge agus go raibh siad faoi mhíbhuntáiste dá ceal.

Dearbhaíodh sa Chúirt Uachtarach an cinneadh a rinneadh san Ard-Chúirt anuraidh faoin dualgas bunreachtúil atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil.

Dúradh gurbh fhurasta trua a bheith agat don Stát faoi na deacrachtaí a bhain le haistritheoirí oilte a fháil, ach nach bhféadfá a rá gur “moill” réasúnta a bhí i gceist sa chás seo.

Rinne an Stát achomharc faoin gcinneadh sin.

Cinneadh chomh maith sa Chúirt Uachtarach an tseachtain seo caite, áfach, nár ghá ach cineál áirithe ionstraimí reachtúla a aistriú go Gaeilge.

Rialacháin bhreise a bhíonn in ionstraimí reachtúla a thugtar isteach le feidhm a thabhairt d’aidhmeanna achtanna. 

Ní raibh aon cheist, a dúradh, go mbeadh na freagróirí faoi aon mhíbhuntáiste d’uireasa na n-ionstraimí go léir a raibh siad ag iarraidh leagan Gaeilge díobh. B’amhlaidh an scéal mar go raibh Béarla líofa ag na freagróirí agus ní bheadh a lucht dlí faoi mhíbhuntáiste agus cás á dhéanamh acu i gcoinne an CPO (ordú ceannaigh éigeantaigh) a bhfuiltear ag cur ina aghaidh.

Deir an t-aturnae Antain Delap gur “cúlú” a bhí i gcinneadh na Cúirte Uachtaraí “ar an tuiscint a bhíodh ann go dtí seo go raibh sé de bhuncheart ag an saoránach cás a chur i láthair na cúirte i nGaeilge agus go mbeadh fáil aige i nGaeilge ar aon cháipéis nó seirbhís a bhí ag teastáil uaidh chun sin a dhéanamh”.

Deir Delap, ar éirigh le cás a thug sé féin in aghaidh an stáit faoi gan rialacha na n-uaschúirteanna a bheith ar fáil i nGaeilge, gur údar imní cinneadh na Cúirte Uachtaraí i dtaobh na n-ionstraimí reachtúla agus go gcuirfeadh sé “daoine ag smaoineamh sula lorgódh siad athbhreithniú bhreithiúnach” ag éileamh a gcearta teanga agus cáipéisí dlí i nGaeilge.

Deir Delap go bhfágann an cinneadh go bhfuil idirdhealú déanta anois ag an gcúirt is uachtaraí sa stát ar na cineálacha ionstraimí reachtúla is ceart a aistriú go Gaeilge agus na cinn nach gá iad a aistriú. “Ní gá iad a aistriú mura ndéanann an t-ionstraim leasú ar an bpríomh-acht nó má bhaineann sé le teacht ar sheirbhís i nGaeilge is tú ag teacht os comhair cúirte, rialacháin chúirte, mar shampla. Seachas sin ní gá ionstraimí reachtúla a aistriú agus cúlú é sin ón tuiscint a bhíodh ann sna cúirteanna. Ach tá cinneadh déanta sa Chúirt Uachtarach anois agus caithfear urraim a léiriú dó san Ard-Chúirt,” arsa Antain Delap.

Deir Delap gur “cúlú” an cinneadh faoi na hionstraimí reachtúla ar an tuiscint, mar shampla, a bhí i mbreithiúnas an Bhreithimh Hardiman i gcás cáiliúil eile sa Chúirt Uachtarach a raibh baint aige le stádas na Gaeilge sa dlí, Ó Beoláin v. Fahy.

Dúirt an Breitheamh Hardiman sa bhreith sin nach bhféadfaí aon bhac a chur ar dhaoine a raibh an cumas acu nó an fonn orthu cás a dhéanamh i nGaeilge. Dúirt sé nach bhféadfaí aon duine a bheadh ag iarraidh cás nó cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge a chur faoi aon mhíbhuntáiste in aon chomhthéacs “náisiúnta nó oifigiúil”.

Deir an léachtóir le dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, Seán Ó Conaill go léiríonn cásanna amhail cás na Cúirte Uachtaraí an tseachtain seo caite gur “stát a bhfuil teipthe air” atá againn.

“Sin a deirtear go minic i mBéarla faoi go leor rudaí eile – gur ‘failed state’ sin. Ach tá sé fíor sa chás seo. Níl ag éirí linn dlí an stáit a aistriú go dtí príomhtheanga oifigiúil an stáit. Agus níos measa nuair a lorgaíonn daoine a gcearta teanga déanann an stát achomharc.

“Tá sin náireach. Cén fáth nach féidir linn reachtaíocht a chomhdhréachtú sa dá theanga, mar a tharlaíonn sa Bhreatain Bheag agus i gCeanada. Bheadh sin níos éifeachtaí agus ní bheadh mórán costais bhreise ag baint leis. Sin an plean ba cheart a bheith againn,” arsa Seán Ó Conaill.

Fág freagra ar 'Imní faoi chinneadh nach gá éisteacht phoiblí a chur siar toisc ‘Béarla breá líofa’ a bheith ag cách'

  • Dónall Mór Mac Billing(s)/Bilie

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    —- Moill ró-fhada agus Achtanna Neamhdhlíthiúla ó bunaíodh an Stát —–

    Dá dtarlódh seo i dtír ar bith eile mar shampla an Fhrainc, an Bheilg srl.
    bheadh lucht déanta an Dlí sna cillíní taobh liom le fada an lá.

    —“Deir an Breitheamh Gerard Hogan gur údar mór imní é go bhfuil 450 acht le haistriú go Gaeilge agus gur léirigh an mhoill go ‘soiléir’ nach raibh an stát ag cloí le dualgas bunreachtúil follasach—”

    ” Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de reir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’. ————— Ní raibh na hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Chóiriúil’ (Pholaitiúil) faoi lán seoil ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.”

    Ach, ach, mo léan is mo trua agus bhrón,
    is cuimhin liom na sean-laethanta agus
    mise os comhair na Cúirte Polaitiúla Speisialta
    mar a bheadh ‘An duine deireadh de na Mochains (sic)’
    nó Oisín i ndiaidh na bhFéinne’
    ag crá croí faoin ‘cheap magaidh’
    a bhídís ag déanamh fúmsa ag labhairt
    is ag iarraidh caipéisí Gaeilge, ach mo léan géar.

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil (2014-2022) ar a chearta daonna agus teanga d’ainneoin an Cultúr Angla-Mheiriceánach agus meon an ‘Rialtais’.

    Ar aghaidh chun bua agus Achtanna Dlíthiúla —- le mo phianbhreith a chur ar neamhní !!!

    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Gaeltacht/Jailteacht
    Phríosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Breathnóir1

    An féidir achomharc a dhéanamh ar an chinneadh seo?
    Shílfeá gur léir don dall, más í an Ghaeilge príomhtheanga an stáit, go bhfuil an cinneadh is déanaí seo ag teacht salach ar an Bhunreacht, gur cinneadh míbhunreachtúil atá ann, mar sin de?

  • Liam O B

    Tá na cúirteanna ag tabhairt cinneadh atá díreach i gcoinne Bunreacht na hÉireann dochreidte