Colm O’ Callaghan ceaptha chun plé le cláracha Gaeilge in RTÉ

Beidh cúram na gclár Gaeilge, Oideachais agus Eolaíochta ar Cholm O’ Callaghan atá ceaptha ina Cheann Seánra

 

Is é Colm O’ Callaghan atá ceaptha ina Cheann Seánra nua do Chláracha Gaeilge, Eolaíochta agus Oideachais in RTÉ.

Screen Shot 2015-02-18 at 18.26.55

Is as an Linn Dubh i gcathair Chorcaí do O’ Callaghan agus d’fhreastail sé ar an Modhscoil, ar Ghaelscoil Mhuire, an Mhainistir Thuaidh agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Tá sé ag obair mar léiritheoir agus stiúrthóir in RTÉ ó 1994.

Tá gradaim éagsúla buaite ag O’Callaghan dá saothar ina measc gradaim do na cláir faisnéise Somebody To Love agus Close To Evil.

Tá pósta leis an iriseoir spóirt Clare McNamara.

Is iaririseoir ceoil é freisin agus bhí sé ar dhuine de na daoine a chuir tús leis an gclár cáiliúil No Disco, a chraoltaí ar RTÉ sna 1990idí agus tús na 2000idí.

Ceapadh ina eagarthóir é ar chláir oideachais in RTÉ ceithre bliana ó shin.

Fógraíodh post nua O’ Callaghan mar thoradh ar mholadh a rinne Grúpa Oibre RTÉ maidir leis an nGaeilge.

Tuairisceoidh O’ Callaghan don Stiúrthóir Léiriúcháin agus Fála, Dermot Horan, agus don Ghrúpcheannasaí Gaeilge, Rónán Mac Con Iomaire.

Beidh O’ Callaghan i gceannas ar chláir Ghaeilge theilifíse ar stáisiúin RTÉ. Beidh sé freagrach as coimisiniú a dhéanamh ar chláracha do RTÉ One agus Two agus as ábhar do TG4 a choimisiniú agus a fhorbairt.

Ceapadh Rónán Mac Con Iomaire ina Ghrúpcheannasaí Gaeilge in RTÉ anuraidh agus oibreoidh O’ Callaghan i gcomhpháirt leis chun an Ghaeilge a chur chun cinn san eagraíocht agus cur leis an méid Gaeilge a chraoltar.

Ní raibh ceannasaí seánra ann a raibh cúram air maidir le cláir Ghaeilge in RTÉ le cúig bliana anuas ó d’fhág Mairéad Ní Nuadhain nuair a ceapadh ina Ceannasaí Gnóthaí Seachtrachta í.

 

Fág freagra ar 'Colm O’ Callaghan ceaptha chun plé le cláracha Gaeilge in RTÉ'