Coláistí samhraidh i ‘time warp’? Cuireadh chuig cúrsa Gaeltachta tugtha do cholúnaí go bhfeicfidh sí ‘an fhírinne’

Cáineadh déanta ar cholún nuachtáin inar maíodh go raibh coláistí samhraidh na Gaeltachta ‘in a time warp when everyone went to Mass and saluted the national flag’

Coláistí samhraidh i ‘time warp’? Cuireadh chuig cúrsa Gaeltachta tugtha do cholúnaí go bhfeicfidh sí ‘an fhírinne’

Tá colún a scríobh Victoria White ar The Irish Examiner faoi choláistí samhraidh na Gaeltachta cáinte ag lucht na gcoláistí féin.

Sa cholún cheistigh White cur chuige agus fiúntas na gcoláistí samhraidh:

“The Irish language is presented to them in a time warp when everyone went to Mass and saluted the national flag. Except there never was such a time. The Gaeltacht experience of the Irish colleges is a fiction and the kids know it. I fear the Irish gets left behind as soon as the bus leaves for home,” a dúirt sí.

Mhaígh White sa cholún a scríobh sí an tseachtain seo caite gur “pacáiste mór amháin” a bhí á dhíol ag na coláistí samhraidh ina raibh an Ghaeilge, an náisiúnachas agus an Caitliceachas fite fuaite ann, agus cheistigh sí an fháilte a chuirfeadh na coláistí roimh Aontachtach, roimh Mhoslamach nó roimh dhuine ó thír eile.

“I’m wondering if it would it be out of the question to be an Ulster unionist and learn Irish at one of our Irish colleges. I’m wondering if it’s out of the question to go to Irish college if you’re not Irish…

Can you not learn Irish at the Gaeltacht if you’re a Muslim? Is it all one big package: Irish nationalism, the Irish language, and the Catholic Church? Do you have to buy the whole thing?” a scríobh sí.

Dúirt bainisteoir Choláiste Lurgan, Mícheál Ó Foighil, go raibh “dalladh cleachtaidh [ag coláistí Gaeilge] ar dhaoine a bhíonn ag caitheamh anuas [orthu]” agus gur “neamhaird an t-aiscean is fearr” mar fhreagra ar alt White.

Dúirt sé, áfach, go mbeadh fáilte roimh White a theacht ar chúrsa Gaeilge i gColáiste Lurgan go bhfeicfeadh sí “an fhírinne faoi choláiste Gaeilge” dá mba mhaith léi.

Dúirt Micheál Ó Cinnéide, Cathaoirleach Chomarchumann Chorca Dhuibne, nach bhfuil aon bhunús le tuairimí White agus go  “gcuirtear fáilte roimh gach duine, ó gach áit sa tír, agus go deimhin ó gach áit ar domhan” ag coláistí samhraidh Chorca Dhuibhne.

Dúirt sé nach dtagann an t-alt a bhí, dar leis, “chomh diúltach sin i leith na Gaeilge, na Gaeltachta agus i leith na taithí a bhíonn ag daltaí” leis an “aiseolas dearfach” a fhaigheann na coláistí samhraidh ó dhaltaí agus iardhaltaí a d’fhreastail orthu i gcaitheamh na mblianta.

“Ón taithí atá againne, bíonn an t-aiseolas an-dearfach. Baineann na scoláirí taitneamh as na cúrsaí agus tagann siad ar ais bliain i ndiaidh bliana. Tagann a gcuid deirfiúracha agus deartháireacha ar ais arís agus arís eile ina dhiaidh sin agus ansin tagann a gcuid páistí féin,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Victoria White
Victoria White

Dúirt sé go raibh “neamhaird” á thabhairt ag White ar go leor gnéithe de na coláistí samhraidh agus í “ag caint ar rudaí seanfhaiseanta”.

“Scríobh sí go leor faoi rudaí a bheith seanfhaiseanta. Tá go leor gníomhaíochtaí eile a dhéantar ar na cúrsaí anseo agus béim mhór á cur ar chúrsaí teicneolaíochta agus eile. Leantar cúrsaí na hArdteiste sna ranganna, mar sin tá siad chomh nua-aimseartha céanna is atá an cúrsa féin.

“Tá sí ag tabhairt amach faoi Amhrán na bhFiann a bheith á mhúineadh, ach níl ansin ach amhrán amháin, an t-amhrán náisiúnta. Múintear go leor amhráin Ghaelacha eile agus rudaí eile a bhaineann leis an gcultúr Gaelach ar na cúrsaí chomh maith,” a dúirt sé.

Ag tagairt dó don mhéid a bhí le rá ag White faoin gcostas a bhíonn ar chúrsaí Gaeilge, d’admhaigh Ó Cinnéide go mbíonn costas mór ar chúrsaí samhraidh ach dúirt go bhfuil “costas ag baint le gach rud” agus go gcaithfidh na coláistí na costais sin a ghlanadh freisin.

Dúirt sé nach féidir “luach a chur ar theanga, cultúr ná taithí”.

Cheistigh White caighdeán na Gaeilge a bhíonn ag muintir na Gaeltachta san áit a bhfuil na coláistí lonnaithe agus dúirt go mb’fhéidir go mbeadh níos mó Gaeilge á labhairt ag na daltaí a thagann ar cuairt chuig an “so-called Gaeltacht” ná mar a bheadh ag muintir na háite i gceann 15 bliain.

Dúirt Ó Cinnéide “nach aon rún é” go bhfuil an Ghaeltacht faoi bhrú ach nach féidir a rá nach labhraítear Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

“Is féidir liom a rá faoi na mná tí uilig anseo gur Gaeilge ar fad a labhraíonn siad le chéile agus lena dteaghlaigh sa bhaile ó thús deireadh na bliana,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Coláistí samhraidh i ‘time warp’? Cuireadh chuig cúrsa Gaeltachta tugtha do cholúnaí go bhfeicfidh sí ‘an fhírinne’'

  • TG Lurgan

    Ab é seo an cineál “Taidhm Bharp” atá i gceist ag an gcailín bán?
    https://www.youtube.com/watch?v=wDXA44YubEY

  • Aedraen Ó Dubhghaill

    Is beag taithí ata aici féin ar shaol agus ar shaothair na gcoláistí samhraidh is cosúil.

  • Seán

    Is é an feall nach raibh imreoirí Hocaí na hÉireann igColáiste Samhraidh éigean le go mbeadh Amhrán na bhFiann ar eolas acu.

  • Pól Réamonn

    Tá a cuid tuairimí an-as dáta.

  • Niall Gòrdan

    Ní féidir tuairimí an “cholúnaithe” seo a chreidiúint – do fhreastal mé féin cúrsaí Oideas Gael i bhad ó shin agus an chéad rud a thuig mé ná go raibh na ceachtanna ag plé le cúrsái ár lae féin! Seafóid is ea é seo – ní obair chuí lucht-nuachta ar chor ar bith é.