Coláiste Mhuire Gan Smál agus Ionad Oideachais Marino le tabhairt faoi dhá chúrsa oiliúna nua trí Ghaeilge

Dúirt an tAire Bruton go mbeadh 60 áit i gceist leis an dá chúrsa a gealladh sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus go ndéanfaí €7 milliún a infheistiú sna cúrsaí ag brath ar an éileamh a bheadh orthu

Coláiste Mhuire Gan Smál agus Ionad Oideachais Marino le tabhairt faoi dhá chúrsa oiliúna nua trí Ghaeilge

Tá sé fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton gurb iad Coláiste Mhuire Gan Smál agus Ionad Oideachais Marino i gColáiste na Tríonóide atá roghnaithe chun an dá chúrsa oiliúna a gealladh sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chur ar fáil.

Cuirfidh Ionad Oideachais Marino tús in 2019 le cúrsa B.Ed lánaimseartha ceithre bliana trí mheán na Gaeilge d’ábhar múinteoirí bunscoile agus cuirfidh Coláiste Mhuire gan Smál tús i mbliana le cúrsa iarchéime páirtaimseartha M.Ed, nó Dioplóma, do bhunmhúinteoirí agus do mhúinteoirí iarbhunscoile, príomhoidí san áireamh.

Dúirt an tAire Bruton go mbeadh 60 áit i gceist leis an dá chúrsa agus go ndéanfaí €7 milliún a infheistiú sna cúrsaí ag brath ar an éileamh a bheadh orthu.

“Is comhlíonadh fógra an lae inniu ar ghealltanas lárnach sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, an chéad pholasaí dá leithéid, agus is cuid é dár bplean ardchaighdeán a chur chun cinn san oideachas trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

“Is iad na múinteoirí agus na ceannairí scoile an dream is tábhachtaí ó thaobh a chinntiú go n-éiríonn go maith leis an bpáiste ar scoil. Tá fúm a chinntiú go bhfuil dóthain múinteoirí againn atá sách cáilithe chun clár oideachais trí Ghaeilge den scoth a chur ar fáil agus is céim thábhachtach chun tosaigh na cúrsaí seo maidir leis an méid sin a chinntiú,” a dúirt Richard Bruton.

Mairfidh an conradh don chúrsa B.Ed ocht mbliana agus beidh seans ann go gcuirfí síneadh ama leis i ndiaidh na tréimhse sin. Conradh ceithre bliana atá i gceist le soláthar an chúrsa nua M.Ed, agus ní chuirfear síneadh ama leis i ndiaidh na tréimhse sin.

Níl aon chúrsa ann ó dheas faoi láthair a chuireann oiliúint i nGaeilge ar fáil d’ábhar bunmhúinteoirí agus níl ach clár amháin a chuireann oiliúint i nGaeilge ar fáil do mhúinteoirí iarbhunscoile, an Mháistreacht Ghairmiúil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tugadh geallúint sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 go mbunófaí Clár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí (OTM) trí mheán na Gaeilge le cur leis an soláthar bunmhúinteoirí a mbeadh oiliúint orthu le déileáil leis na riachtanais ar leith a bhíonn ag scoileanna lán-Ghaeilge. Dúradh sa pholasaí go mbeadh áit ar chúrsa nua do 30 múinteoir in aghaidh na bliana ó 2018/19.

Má chuirtear tús leis an gclár nua oiliúna tosaigh beidh múinteoirí cáilithe ón gcúrsa nua ceithre bliana in 2023.

D’fhágfadh sé sin nach mbeadh múinteoir ón gclár oiliúna ar fáil do gach scoil Ghaeltachta sa tír go dtí an bhliain 2026. Tá 140 bunscoil sa Ghaeltacht oifigiúil i láthair na huaire agus 30 múinteoir sa bhliain a sholáthrófaí ón gclár nua oiliúna.

 

Fág freagra ar 'Coláiste Mhuire Gan Smál agus Ionad Oideachais Marino le tabhairt faoi dhá chúrsa oiliúna nua trí Ghaeilge'

  • Learrai

    Mas maith is ro-mhithid.

  • Saundra

    Dul chun cinn faoi dheireadh!

  • Carraig

    ‘Cad a itheann an madra?’ arsa mise. ‘D’íosfadh sé faic’ ar seisean….

  • Seán Ó hAodha

    Níl cúrsa ar bith ann chun na múinteoirí iarbhunscoile phraiticiúla a oilúint chun teagasc tré mheán na Gaeilge. Is bagairt don Ghaeloideachas tré chéile nach bhfuil aon mhúinteoir á oiliúint (thuaidh ná theas) chun Eacnamaíocht Bhaile, Corpoideachas, Ealaín, Miotalóireacht, Adhmadóireacht, innealtóireacht, Foirgneolaíocht, Líníocht Theicniúil, Teicneolaíocht srl a mhúineadh tré mheán na Gaeilge. Sin trian des na múinteoirí in aon iarbhunscoil. Ba chóir don Roinn Oideachas cúrsaí mar sin a chur ar bun láithreach.