Coiste nua bunaithe ag Comhairle Contae Chiarraí chun plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta 

Tá coiste nua bunaithe mar fhreagra ar roinnt conspóidí a tharla i gCiarraí le deireanaí maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht

Coiste nua bunaithe ag Comhairle Contae Chiarraí chun plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta 

Tá coiste nua bunaithe ag Comhairle Contae Chiarraí chun plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Reáchtálfar an chéad chruinniú den choiste tráthnóna.

Tá an coiste bunaithe mar fhreagra ar roinnt conspóidí tharla i gCiarraí le deireanaí maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur triúr atá ceaptha ar an gcoiste – John Prendergast, Oifigeach Pleanála Teanga Chorca Dhuibhne; Caitlín Breathnach ó Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh; agus Éamon Ó hArgáin, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha Fhoras na Gaeilge. 

Tuigtear gur ar bhonn pearsanta a bheidh Ó hArgáin, arb as Leic Snámha i dtuaisceart Chiarraí ó dhúchas dó, ag feidhmiú seachas mar ionadaí ó Fhoras na Gaeilge. Tá Ó hArgáin le dul ar scor ón bhForas ag deireadh mhí Aibreáin.

Beidh John Breen, stiúrthóir de chuid na Comhairle ag plé leis an gcoiste mar ionadaí ó Chomhairle Contae Chiarraí.

I measc na gcúraimí a bheidh ar an gcoiste nua, iarrfar orthu athbhreithniú a dhéanamh ar roinnt ainmneacha áite atá roghnaithe ag Comhairle Contae Chiarraí agus comhairle a thabhairt d’fhorbróirí maidir le hainmneacha nua.

Cuirfidh an coiste comhairle ar fáil freisin maidir le polasaithe na Comhairle i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. 

Tarraingíodh raic an mhí seo nuair a tuairiscíodh go raibh ainm nach raibh aon chiall leis – ‘Pairceanna na Glas’ – roghnaithe ag Comhairle Contae Chiarraí d’eastát tithíochta nua sa Daingean. 

Pléadh an scéal go forleathan sna meáin agus, faoi dheireadh, géilleadh go ndéanfaí an t-ainm a athrú.

Tuigtear go ndeachaigh roinnt eagraíochtaí Gaeilge i dteagmháil leis an gComhairle chun tacaíocht a chur ar fáil maidir le cúrsaí Gaeilge agus gur eascair an coiste nua as sin.

Bhain tuilleadh conspóide le forbairt ‘Pairceanna na Glas’ nuair a tháinig sé chun solais gur i mBéarla a rinneadh an measúnú ar chumas Gaeilge iarrthóirí ar thithe san eastát nua.

Tá cur chuige Chomhairle Contae Chiarraí i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta cáinte freisin ag an ngrúpa ‘Todhchaí na Tuaithe’, a bunaíodh anuraidh chun aird a tharraingt ar chúrsaí cead pleanála sa Ghaeltacht agus faoin tuath ar fad.

Fág freagra ar 'Coiste nua bunaithe ag Comhairle Contae Chiarraí chun plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta '