Coiscéim bhacaí ag ‘The Nice Guys’

LÉIRMHEAS SCANNÁN: Maraítear an t-aisteoir pornagrafaíochta Misty Mountains i dtimpiste ghluaisteáin. Ní fada ina dhiaidh sin go bhfostaíonn a haintín an bleachtaire príobháideach le dul á tóraíocht óir go gceapann sí go bhfaca sí í

nice-guys

The Nice Guys

Scríbhneoir/Stiúrthóir: Shane Black

Cliar: Russell Crowe, Ryan Gosling, Angourie Rice, Matt Bomer, Margaret Qualley, Kim Basinger.

Meascán mearaí de Lethal Weapon agus scannáin neo-noir atá againn anseo le comrádaithe tuathail, greann graosta, foréigean, uisce fé thalamh agus carúlacha grinn á gcaitheamh ar dalladh; ‘Marriage is buying a house for someone you hate’.

  haon iontas seo óir gurb é an ceardaí pinn Shane Black, an té a scrígh Kiss Kiss Bang Bang (2005), agus na scannáin Lethal Weapon, a sholáthraigh an scríbhinn anseo mar aon le bheith ar an stiúir. Ní féidir comparáidí le Inherent Vice (2014), Chinatown (1974) agus L.A Confidential (1997) a sheachaint ar uairibh, ach an oiread. 

Tá an scéal suite i Los Angeles na seachtóidí mar a raibh an chathair, dar le Black,  fé dháir le toitcheo agus pornagrafaíocht.

Déantar sinn a theilgean isteach sa domhan aduain seo ar an bpointe le tráchtaireacht leathchortha, leathfhealsúnach, seat do chomhartha cáiliúil Hollywood ag titim as a chéile agus na teidil chreidiúna i scríbhneoireacht dhearg áiféiseach na linne.

Maraítear an t-aisteoir pornagrafaíochta Misty Mountains i dtimpiste ghluaisteáin. Ní fada ina dhiaidh sin go bhfostaíonn a haintín an bleachtaire príobháideach Holland March (Gosling) le dul á tóraíocht óir go gceapann sí go bhfaca sí í. Tagann sé trasna ar fhear foréigin, Crowe agus téann i mbun foréigean comhghuaillíochta go drogallach agus iníon le March ar adhastar acu. Fá na slí téann siad ceangailte i dtionscal an ghnéis, tiontairí  catalaíocha, feallmharfóir, lucht feachtais na seachtóidí agus piarda dlí agus cirt, Basinger.

Is aisteoirí cumasacha iad Crowe agus Gosling ach ní mhaífeadh an lucht leanta is díograisí dá gcuid go bhfuil acmhainn grinn acu go nádúrtha. Fágann sin coiscéim bhacaí sa scannán  óir go bhfuil sé ag brath go mór ar an gcomrádaíocht a eascraíonn eatarthu mar aon lena gcumas na míreanna grinn a iompar. Cé go ndéanann siad a ndícheall nílid go hiomlán ar a gcompord. Cuimhnigh ar an nádúrthacht a bhaineann  le taispeántais ghrinn Bruce Willis agus Mel Gibson.

Lena cheart a thabhairt do Gosling tugann sé faoina mheatachán de charachtar le fonn; liúdramán a chaitheann formhór an scannáin ag diúgadh. Tá an radharc sa leithreas le gunna, iris, toitín agus doras nach bhfanfaidh oscailte ar fheabhas ar fad. Go deimhin sé Gosling is mó a bhíonn thíos leis an ngreann graosta. Carachtar beagfhoclach agus dúnéaltach atá idir lámha ag Crowe, macasamhail a charachtair in L.A. Confidential, mar a raibh Kim Basinger fairis chomh maith. An locht is mó atá ar an scannán ná go mbíonn sé thuas seal, thíos seal. Míreanna maithe grinn agus dreasa cliste cainte ach ansin téann rudaí chun leadráin ar feadh scaithimh. B’fhéidir go mba cheart an deimheas a bheith curtha ag obair leis an bhfad reatha a chiorrú ábhairín.

Baintear súp as na seachtóidí a léiriú. Tagairtí do na Waltons, clár fógraí do Jaws 2, léinte ildathacha difriúla á gcaitheamh ag Gosling agus gan amhras toitín ag sileadh leis i rith an ama. Cé go dtéann an scéal chun áiféise i dtreo an deiridh is scannán taitneamhach é seo ba cheart a bheith i bhfad Éireann níos greannmhaire.

Fág freagra ar 'Coiscéim bhacaí ag ‘The Nice Guys’'