Cóir na gaoithe le scéim cumhachta na Sceirdí i nGaeltacht Chonamara

Tá léargas iomlán curtha ar fáil do na húdaráis pleanála maidir le forbairt sa Ghaeltacht a chosnóidh breis agus billiún euro in airgead caipitiúil

Cóir na gaoithe le scéim cumhachta na Sceirdí i nGaeltacht Chonamara

 Tá cóir na gaoithe anois leis an scéim mhór chumhachta atá beartaithe sa gceantar mara thart ar Charraigeacha na Sceirdí, naoi míle siar ó chósta Charna i nGaeltacht Chonamara.

Fógraíodh ar theacht na Nollag go raibh aitheantas tugtha don tionscnamh a fhágann go mbeadh deis mhaith aige a bheith istigh ar chlár tacaíochta an Rialtais d’fheilmeacha gaoithe amach ón gcósta.

Tá an t-aitheantas seo tugtha faoi dhlínse an chórais nua rialacháin do cheantair mhara – An tAcht Pleanála do Cheantair Mhara.

Bhí ar an gcomhlacht Corio, atá i mbun na tionscnaimh sna Sceirdí, léargas iomlán a chur ar fáil don údarás pleanála mara ar an bplean, agus ar na hacmhainní atá acu le dhul i mbun na scéime, a chosnóidh breis agus billiún euro in airgead caipitiúil.

Seo an chéad iarracht le tionscnamh gaoithe amach ón gcósta a chur ar bun sa limistéar mara as Dún nan Gall síos go Corcaigh, cósta thiar na hÉireann uilig.

Fiú is nach buille marfach a bheadh ann do scéim na Sceirdí mura mbeifí istigh faoi scéim tacaíochta an Rialtais, is fearr go mór dóibh a bheith aitheanta go poiblí mar seo.

Tugann an t-aitheantas seo, agus gníomhaíocht an chomhlachta Corio ina gcuid iarrachtaí le ceadúnais cladaigh a fháil, léargas ar dháiríreacht agus ar dhriopás na hoibre atá ar bun.

Foilsíodh fógra a bhaineann leis na ceadúnais chladaigh atá uathu an mhí seo caite – próiseas mór ann féin. Is cosúil go bhfuil siad ag obair go stuama agus go muiníneach ar an togra seo.

Ní raibh an mhuinín sin ann nuair a bhunaigh Seosamh Ó Laoi as Leitir Mealláin agus a dheartháir Nollaig agus Grattan Ó hÉallaithe an comhlacht Fuinneamh Sceirde Teoranta os cionn scór blianta ó shin.

Bhí daoine ann a chreid go láidir nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar a leithéid seo de phlean i gceantar na Sceirde.  Bhí, a dúradar, an réimse farraige sin ró-fhiáin agus ró-sceirdiúil. Bhí daoine i dtionscal na gaoithe a chreid gur cur amú ama a bhí san iarracht.

Bhí Údarás na Gaeltachta ar dhream amháin nach raibh ar phort an éadóchais. Tugadh cúnamh de bhreis agus €200,000 as ciste an Údaráis san am sin do Fuinneamh Sceirde Teoranta le haghaidh obair thaighde agus anailíse. Leagadh bunchloch de bharr na hoibre sin cé gurbh éigean fanacht tamall maith blianta sular tháinig beocht faoi iarracht na Sceirde.

Airgead as banc ollmhór Astrálach, Macquarie Group, atá le hinfheistiú sa bhfeilm ghaoithe agus tá siadsan gaibhte ag plé go láidir le gnó na bhfeilmeacha gaoithe anois i bhfad agus i ngearr. Tá siad ag plé le tionscnaimh eile mar seo ó thuaidh de chósta na hAlban, mar shampla. Billiún euro atá le cur isteach i scéim na Sceirdí, sin ar ndóigh, má fhaightear na ceadúnais atá ag teastáil agus an cead forbartha.

Ag labhairt dó an tseachtain seo dúirt Séamus Mac Cába, an Stiúrthóir Pleanála Sinsearach le comhlacht Corio (Gaeilgeoir paiteanta) go mbeidh an comhlacht ag obair i gcomhar leis an Rialtas, agus le pobal na háite in iarthar Chonamara agus an fhorbairt seo ar bun.

De réir ráiteas atá curtha ar fáil ag comhlacht Corio, bunófar ciste pobail ar fiú na milliún euro é ach a mbeidh scéim na Sceirdí ag obair – is é sin giniúint agus díolachán leictreachais faoi lán seoil. Faoin tráth sin beidh tacaíocht as an gciste ar fáil do “ghrúpaí as iardheisceart Chonamara” a dúradh.

Caithfidh dreamanna atá ag faire ar chuid den airgead as ciste na scéime foighid a bheith acu. Má thagann na ceadúnais chladaigh chucu gan moill mhór, d’fhéadfadh sé go mbeadh Corio in ann a dhul sa tóir ar chead pleanála in 2023 ach is dóigh go bhfuil 2024 níos réadúla mar sprioc.

Braithfidh go leor ar an achar ama a bheifear ag plé leis an iarratas iomlán pleanála. Sí tuairim bhainistíocht na comhlachta go mbeifear ag teannadh le 2030 sula mbeifear faoi réir leis an gcumhacht a chur ag obair.

Bheifí in ann an oiread a chur amach agus a thabharfadh cumhacht do 350,000 teach, de réir mheastacháin Corio.

Is dóigh gur faoin tráth a mbeifear ag crochadh crainnte na gaoithe is mó a bheidh buntáiste fostaíochta as scéim na Sceirde. Airítear go mbeidh 200 duine ag obair acu sa tréimhse sin. Tá ceisteanna go fóill ann faoi cá mbeidh an lárionad, agus ionaid seirbhíse eile, bunaithe ar an mórthír.

Is cosúil, de réir mar a chloisfeá in iarthar Luimnigh le déanaí, go bhfuiltear an-dóchasach ansin gur sa bhFianait a bheidh an príomhionad mórthíre le haghaidh tionscnamh na Sceirdí. Níl a fhios, ag an tráth seo, arbh éigean do Corio an príomhionad agus ionaid eile a ainmniú sna cáipéisí a cuireadh isteach chuig lucht riartha pleanála na gceantar mara. Ach dúradar féin sa ráiteas a chuireadar amach go raibh orthu cuntas an-iomlán teicniúil a chur ar fail sula bhfuaireadar aitheantas oifigiúil Rialtais.

Is deacair a rá cá bhfuil plean forbartha chalafort Ros an Mhíl faoi láthair, nó an mbeidh sé sa gcomhaireamh go suntasach i scéim na Sceirdí. Tá ceist an bhóthair go Gaillimh ann i gcónaí agus tá an éiginnteacht mhór faoi chuarbhóthar sa gcathair ag cothú amhrais freisin.

Is léir freisin – mar is dual do lucht gnó príobháideach – go bhfuil Corio ag ullmhú go tréan anois, níos tréine i bhfad, b’fhéidir ná an próiseas a bhaineann le forbairt Chalafort Ros a Mhíl. Agus más tuilleadh moille é, d’fhéadfaí Ros a Mhíl a fhágáil ar an trá fholamh.

Fág freagra ar 'Cóir na gaoithe le scéim cumhachta na Sceirdí i nGaeltacht Chonamara'

  • JP

    Is olc an ghaoth ná séideann maith do dhuine éigin.