Cóir na gaoithe le Fianna Fáil den chéad uair le deich mbliana

Fuair Fianna Fáil an ceann is fearr ar Fhine Gael sna toghcháin áitiúla agus tá ábhar dóchais acu faoi dheireadh

Cóir na gaoithe le Fianna Fáil den chéad uair le deich mbliana

Táthar ag caint i ndáiríre anois faoi olltoghchán – in earrach na bliana seo chugainn, is dócha.

Agus b’fhéidir go mbeidh comhrialtas ar fáil don dream gur féidir leo móramh a fháil sa Dáil.

Go dtí seo bhí Fianna Fáil cuthaileach agus drogall orthu dul sa seans maidir le toghchán i bhfianaise na bpobalbhreitheanna go léir a chuir Fine Gael sa chéad áit go leanúnach ó mhí an Mhárta 2017. Go hiondúil bhíodh páirtí Varadkar cúig phointe chun tosaigh ar Fhianna Fáil.

Ach tá athrú anois ar chúrsaí. Fuair Fianna Fáil an ceann is fearr ar Fhine Gael sna toghcháin áitiúla le dhá phointe, cé go raibh siad fós go mór taobh thiar dá gcéilí comhraic sna toghcháin Eorpacha. Ach chomh maith leis sin de réir na pobalbhreithe Behaviour & Attitudes, a fhoilsítear sa Sunday Times, tá Fianna Fáil cúig phointe chun tosaigh go náisiúnta.

Tá ábhar dóchais ag Fianna Fáil anois.

Go deimhin bhí baill an pháirtí, agus cuid mhaith dá dTeachtaí Dála, míshásta leis an ról géilliúil a bhí ag an bpáirtí sa socrú rialtais.

Tá brú mór ar Mhicheál Martin deireadh a chur leis an socrú sin anois.

Tá staid na bpáirtithe eile ag cur leis an muinín i bhFianna Fáil freisin. Thit vóta Shinn Féin go tubaisteach sna toghcháin, agus 12% atá acu faoi láthair de réir phobalbhreith an Sunday Times.

Tá 17% ag Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaigh Shóisialta – sórt fronta de pháirtithe atá cineál ar an eite chlé.

Tá súil anois ag Fianna Fáil ar na trí pháirtí seo. Dá gcuirfí roinnt neamhspleách leo, d’fhéadfadh os cionn 48% a bheith ag Fianna Fáil le comhrialtas a chur ar bun.

Duine cúramach é Martin, agus tuigim go bhfuil tuilleadh fianaise ag teastáil uaidh sula rachaidh sé ar an ionsaí. Tá an ceart aige, ar ndóigh, mar má théann sé ar an ionsaí róluath – nó, go deimhin b’fhéidir, ródhéanach – beidh deireadh leis mar cheannaire Fhianna Fáil.

Mar a tharlaíonn tá ceithre fhothoghchán le reáchtáil toisc gur toghadh Teachtaí Dála go dtí Parlaimint na hEorpa. Agus is cosúil go bhfuil seans maith ag Fianna Fáil, b’fhéidir trí cinn de na ceithre shuíochán sin a bhaint amach.

I gCorcaigh Láir Thuaidh bhí 28% ag Fianna Fáil ag an olltoghchán deireanach agus 18% ag Fine Gael. Sna toghcháin áitiúla bhí 27% ag Fianna Fáil is 16% ag Fine Gael. Thit sciar na bpáirtithe go léir ar an eite chlé ó 45% go dtí 26%. Ní chabhraíonn lucht na heite clé le chéile ar aon chuma, agus tá sé deacair a shamhlú nach ag Fianna Fáil a bheas an bua.

I Loch Garman bhí 29% ag Fianna Fáil, 26% ag Fine Gael agus 26% a bhí ag neamhspleáigh – den eite chlé den chuid is mó. Braitheann chuile rud ar cá háit a rachaidh vótaí Mick Wallace, ach, arís, is é Fianna Fáil is dóichí a ghnóthóidh an suíochán.

Is amhlaidh an scéal i bhFine Gall i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Bhí 19% ag Fianna Fáil agus 12% ag Fine Gael anseo. Rinne Páirtí an Lucht Oibre, Comhaontas Glas agus na Daonlathaigh Shóisialta go maith anseo agus 40% eatarthu. Bunaithe ar na figiúirí sin idir Fianna Fáil agus Comhaontas Glas a bheidh an fothoghchán seo, b’fhéidir.

I mBaile Átha Cliath Láir Thiar, Cluain Dolcáin agus Leamhcán, fuair Fianna Fáil 18%, fuair Fine Gael 14% agus fuair Sinn Féin 15%.

Arís dá gcabhródh lucht na heite clé le chéile – tá 33% acu eatarthu go léir– d’fhéadfadh an lá a bheith acu. Mar sin féin, is mó an seans atá ag Fianna Fáil ceapaim.

Dá n-éireodh le Fianna Fáil trí shuíochán a fháil agus gan aon cheann a bheith ag Fine Gael, buille mór a bheadh ann do mhuinín pháirtí an rialtais agus spreagadh mór a bheadh ann d’Fhianna Fáil.

Is fiú a thabhairt faoi deara leis nach ndearna Sinn Féin agus an eite chlé chomh dona sin sna dáilcheantair áirithe seo. Fiú dá mbeadh comhoibriú ceart eatarthu b’fhéidir nárbh leor é le haon suíochán a fháil ach thiocfaidís gar dó.

Creideann na mionpháirithe ar an eite chlé áfach, gur mó an dul chun cinn a dhéanfaidís dá mbeadh Sinn Féin imithe as an mbealach. Níl aon fhianaise a thacaíonn leis an tuairim seo sna figiúirí ó na toghcháin is deireanaí.

Rud eile atá soiléir ná gur ag cur lámh ina mbás féin ó thaobh na polaitíochta de a bheadh Sinn Féin dá rachaidís i mbun chomhrialtais le páirtí de chuid na heite deise chun clár polaitiúil de chuid na heite deise a chur i bhfeidhm.

Tabharfaidh na fothoghcháin léargas níos fearr dúinn faoi céard a d’fhéadfadh tarlú san olltoghchán, ach ag an bpointe seo, is le Fianna Fáil atá cóir na gaoithe den chéad uair le deich mbliana.

Mar sin féin, má dhéanann Sinn Féin níos fearr ná mar a cheaptar agus má theipeann ar an bhfronta leathchlé, is cosúil go mbeidh comhshocrú eile idir Fine Gael agus Fianna Fáil ag teastáil.

Ábhar mór spéise na féidearthachtaí seo go léir.

Fág freagra ar 'Cóir na gaoithe le Fianna Fáil den chéad uair le deich mbliana'

  • Des O Murchu

    FF nul points !

  • Pól Ó Braoin

    An bhfuil leigheas ar fáil ar an ngalar cuimhne seo? An rud eicint atá muid ag ithe é… nó ag ól? Seans gur cineál néaltrú náisiúnta é an vótáil nua seo do FF. Tá súil le Dia agam go dtiocfar ar an leigheas roimh an gcéad toghchán eile.