Cóip lámhscríofa den ‘chéad úrscéal Gaeilge’ aimsithe i mbailiúchán cáipéisí

Tá cóip de dhá thrian de ‘Séadna’, i lámhscríbhneoireacht an Athar Peadar Ó Laoghaire féin, i measc cáipéisí a tugadh do Chonradh na Gaeilge le caomhnú

Cóip lámhscríofa den ‘chéad úrscéal Gaeilge’ aimsithe i mbailiúchán cáipéisí

Tá lámhscríbhinn an Athar Peadar Ó Laoghaire dá leabhar cáiliúil Séadna i measc na gcáipéisí a bhí i mbosca a tugadh do Chonradh na Gaeilge ag deireadh na bliana seo caite.

Bhí lámhscríbhinn de Séadna, a áirítear i measc na gcéad úrscéalta Gaeilge a scríobhadh riamh murab é an chéad cheann, i mbeart leathanach a thug sagart atá lonnaithe in Hong Cong ar lámh do Chonradh na Gaeilge ag deireadh na bliana seo caite.

Tuairim is bliain go leith ó shin bunaíodh craobh nua de Chonradh na Gaeilge i Hong Cong, agus i mí na Nollag seo caite, d’fhreastail an tAthair Dan Troy, sagart atá ag obair sa tSín, ar ócáid a bhí ar siúl i gConsalacht na hÉireann i Hong Cong. Thug an sagart le fios do bhaill na craoibhe a bhí ag an ócáid sin go raibh cáipéisí ag a dheartháir Robert Troy a bhain le hEoin Mac Néill, duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge, agus leis an Athair Peadar Ó Laoghaire, duine d’fhathaigh na litríochta Gaeilge.

Chuathas i dteagmháil le Conradh na Gaeilge faoin scéal agus seoladh “cúpla cáipéis” ar ríomhphost chuig coimeádaí Chonradh na Gaeilge, Cuan Ó Seireadáin, a bhíodh ag plé le cartlann an Chonartha sular aistríodh go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh í an bhliain seo caite.

Dúirt Ó Seireadáin le Tuairisc.ie go raibh sé “soiléir dó láithreach” go raibh “tábhacht thar na bearta” leis na cáipéisí.

Tá 20 litir a sheol Eoin Mac Néill chuig an Athair Peadar idir na blianta 1894 agus 1899 i measc na gcáipéisí chomh maith. Tá an chuid is mó de na litreacha sin i nGaeilge, ach tá ceann nó dhó acu i mBéarla. Tá litreacha a sheol an tAthair Peadar féin chuig sagart eile darbh ainm Pádraig de Búrca i measc na n-aistí, litreacha agus cáipéisí eile atá sa bhailiúchán.

“Phléigh mé an scéal leis [Dan Troy] agus bheartaigh sé an t-ábhar ar fad a thabhairt ar lámh do Chonradh na Gaeilge lena chaomhnú. Tá an t-ábhar anois i mBaile Átha Cliath ach cuirfear go Gaillimh é go Cartlann Chonradh na Gaeilge i nGaillimh. Tabharfar ‘Bailiúchán Bertie Troy’ ar an mbailiúchán seo, mar ba le huncail Dan agus Robert an bosca cáipéisí.

“Is é an rud is tábhachtaí sa bhailiúchán an chóip de Séadna, agus is dóigh gur cóip atá ann cé gur i lámh Uí Laoghaire atá sé. Tá roinnt bheag ceartúchán ann ach níl mórán, rud eile a thabharfadh le fios nach é an chéad dréacht é,” a dúirt Ó Seireadáin.

I measc na gcáipéisí eile sa bhailiúchán tá litreacha ón Athair Eoghan Ó Gramhnaigh, duine a raibh baint mhór aige le bunú Chonradh na Gaeilge ach a ndéantar dearmad go minic air toisc go bhfuair sé bás go gairid i ndiaidh bhunú na heagraíochta.

“Fiú agus gan anailís chuimsitheach déanta ar na cáipéisí go fóill, is léir go bhfuil eolas iontu faoi Eoin Mac Néill maidir leis an bhforbairt a bhí á dhéanamh ar a chuid Gaeilge. D’iarr sé ar an Athair Peadar a chuid Gaeilge a cheartú sna litreacha is luaithe sa bhailiúchán, ach feictear go soiléir an t-athrú a tháinig ar an gcaidreamh eatarthu sna litreacha ina dhiaidh nuair a bhí Ó Néill ina eagarthóir ar Irisleabhar na Gaeilge agus é anois ag ceartú ailt Uí Laoghaire.

“Bhí an tAthair Peadar ar buile go raibh an Niallach dá cheartú agus tá an t-aistriú cumhachta eatarthu an-soiléir agus fear a shíl é féin ina dhalta tráth iompaithe ina ‘mháistir’ ar bhealach,” a dúirt Ó Seireadáin.

De réir a chéile ar Irisleabhar na Gaeilge, agus sa Cork Weekly Examiner ón mbliain 1894 go 1897 a foilsíodh scéal an Athar Peadar ar dtús agus foilsíodh mar leabhar den chéad uair Séadna i 1903.

Dúirt an tOllamh Liam Mac Mathúna, a chuir eagar ar leagan nua de Séadna, gur dócha gur chuid den obair ullmhúcháin roimh chéadfhoisliú Séadna faoi aon chlúdach amháin atá sa lámhscríbhinn i mBailiúchán Bertie Troy.

“Tá sé iontach go maireann a leithéid, agus tá sé tábhachtach go scaipfí an t-eolas atá sna cáipéisí seo agus an tuiscint a bhainfear astu ar an bpobal acadúil, ar phobal na Gaeilge agus ar ghnáthphobal na tíre. Caitheann na litreacha solas ar an gcéad tréimhse sin d’Athbheochan na Gaeilge nuair a bhí na daoine fós ag fiosrú an bhealaigh.

“Tosnú láidir a bhí ann agus tá úire na gluaiseachta le brath sna litreacha. Téann na litreacha idir an bheirt seo siar go 1895 agus tá litreacha eile ann ó 1893/4, nuair a bunaíodh an Conradh. Ní féidir dul níos cóngaraí do dhuine ná a litreacha pearsanta a léamh, ach amháin b’fhéidir ina dhialann, agus tá léargas sna litreacha seo ar an gcineál duine a bhí in Eoin Mac Néill agus i bPeadar Ó Laoghaire,” a dúirt Mac Mathúna.

Dúirt Mac Mathúna gur “tháinig an bosca [cáipéisí] gan choinne” ach go raibh “míle fáilte” roimh a leithéid.

Níl scagadh ná anailís chuimsitheach déanta ar a bhfuil sa bhailiúchán go fóill ach tá súil ag Ó Seireadáin agus Mac Mathúna go mbeidh níos mó eolais ar fáil faoin mbailiúchán faoi dheireadh an tsamhraidh.

– Tá Maitiú Ó Coimín ina eagarthóir ar an iris NÓS

Fág freagra ar 'Cóip lámhscríofa den ‘chéad úrscéal Gaeilge’ aimsithe i mbailiúchán cáipéisí'