Tá cuid de shliocht Mhaolra Seoige as Meiriceá, ar crochadh san éagóir é as dúnmharuithe Mhám Trasna in 1882, ag teacht go hÉirinn d’ócáid speisialta ag a gcasfaidh siad le hUachtarán na hÉireann.
I mí Aibreán na bliana seo thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn pardún iarbháis do Mhaolra Seoighe agus beidh an tUachtarán i láthair ag Aifreann speisialta i nGaillimh ar an Satharn 18 Lúnasa i gcuimhne na ndaoine ar fad a bhí thíos le dúnmharuithe Mhám Trasna. Beidh sé i láthair freisin nuair a leagfaidh gaolta Mhaolra Seoighe bláthfhleasca ar an láthair a crochadh agus a cuireadh a sin-seanathair. Taispeánfar ina dhiaidh sin san Eye Cinema an scannán faisnéise Murdair Mhám Trasna cothrom an lae chéanna ar tharla na dúnmharuithe brúidiúla 136 bliain ó shin.
Bronnfaidh an tUachatrán cóip den phardúin uachtaránachta a shínigh sé níos túisce i mbliana ar na cuairteoirí as Meiriceá ar de shliocht Mhaolra Seoighe iad.
Ba é Uachtarán na hÉireann féin, agus é faoi agallamh sa scannán faisnéise a rinneadh do TG4, a thug le fios ar dtús go raibh saineolaí ceaptha ag an Rialtas le scrúdú a dhéanamh ar an gcás go dtabharfaí pardúin iarbháis do na daoine a ciontaíodh san éagóir as na dúnmharuithe.
Údarás Craolacháin na hÉireann i gcomhar leis an gcomhlacht teilifíse ROSG atá ag cur na hócáide saor in aisce ar fáil mar chuid den tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta agus Bliain na Gaeilge.
Níos luaithe an lá céanna, ag 11.00am, beidh Aifreann i nGaeilge i gcuimhne na ndaoine ar fad a d’fhulaing de bharr dhúnmharuithe Mhám Trasna á cheiliúradh in Ardeaglais na Gaillimhe ag an Easpag Breandán Ó Ceallaigh.
Maraíodh cúigear de mhuintir Sheoighe go brúidiúil ina dteach cónaithe i Mám Trasna ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo in 1882. Ciontaíodh ochtar fear ón gceantar as na dúnmharuithe bunaithe ar thuairiscí ó bhrathadóirí agus ar fhianaise bhréige.
Íocadh suimeanna móra airgid mar chúiteamh le finnéithe – £1,250 ar fad, nó €160,000 in airgead an lae inniu – ach níor cúisíodh riamh na daoine ba mhó a raibh baint acu leis an sléacht.
Trí Bhéarla a cuireadh ar a dtriail na fir a cúisíodh sa chás cé gur beag eolas a bhí ag a bhformhór ar an teanga sin ó tharla gur chainteoirí dúchais Gaeilge iad. Crochadh triúr acu agus gearradh príosún saoil ar an gcúigear eile; bhásaigh beirt acusan sa phríosún agus níor saoradh an triúr eile go dtí go raibh scór bliain caite i ngéibheann acu. Níor cúisíodh riamh an triúr fear ón gceantar céanna a phleanáil na dúnmharuithe agus a bhí páirteach iontu.
Diúltaíodh fiosrúchán poiblí a chur ar bun faoi chás Mhám Trasna agus bhí baint ag an diúltú sin le titim Rialtas Gladstone sa bhliain 1885.
– Is féidir le daoine gur mian leo ticéad saor in aisce a fháil do Murdair Mhám Trasna ceann a chur in áirithe ar an suíomh www.eventbrite.ie
Pádraig Ó Loirgneáin
Tugtar pardún do duine a rinne rud mí-ceart nó rud in éagóir ach ní dhearna Maolra Seoighe aon rud mí-ceart. Mar sin ní raibh aon cúis le haghaidh pardún. Tá fhios agam nach raibh Rialtas na hÉireann againn sa bhliain 1882 agus ní fheicim cén fáth nach bhfuil Rialtas na Breataine a d’admhaigh gur dóibh súid a rinne an éagóir agus iad sin amhán atá ciontach le haghaid an éagóir. Is bliain uachtarantacht é dar nóigh agus tá an t-uachtarán ag léim ag gach seans chun a bhfachtas uachtarántacht a chur chun cinn. Ta sé ceart agus cóir omós a thabhairt go Maolra Seoighe ach tá bealach níos fearr e a dhéanamh ina measc: ainm Foirgneamh poiblí a glaoch ina dhiaidh, sráid nó timpeallán í nGaillimh ainmnithe ina dhiaidh nó scoláracht na h-Ollscoile í nGaeilge a bronnadh ina dhiaidh.