D’éirigh le lucht pleanála teanga i gceantar Gaeltachta Chois Fharraige coinníollacha teanga atá níos láidre a chur isteach sna coinníollacha pleanála d’fhorbairt mhór i sráidbhaile an Spidéil.
Aontaíodh ag cruinniú de chuid an Choimisiúin Pleanála le deireanas go ndéanfaí leasú ar thrí alt san iarratas ar chead pleanála don fhorbairt mhór atá beartaithe do shuíomh an óstáin Ceol na Mara i lár an Spidéil.
De réir na leasuithe seo, caithfear gach comhartha a chrochfar taobh amuigh den fhoirgneamh nua trí stór atá le tógáil a aontú i scríbhinn leis an gcomhairle contae sula dtosófar ar an tógáil. Caithfidh gach comhartha, fógra, agus ainmchlár a bheidh i nGaeilge nó dátheangach agus an Ghaeilge níos suntasaí ná an Béarla. Ní cheadófar aon chomharthaíocht, siombail, ainmchlár ná clár fógraí nua ar an bhfoirgneamh nó gar dó gan beannacht a fháil ón gcomhairle contae ach an oiread.
Cuirfear ar a laghad 80% de na hárasáin chónaithe san áit ar leataobh do dhaoine “atá in ann cumas a léiriú teanga agus cultúr na Gaeltachta a chaomhnú agus a chosaint”. Mairfidh an coinníoll teangaar feadh cúig bliana déag.
Caithfear na daoine a bheidh ina gcónaí sna hárasáin a chruthú go bhfuil “cumas nó líofacht chuí” sa Ghaeilge acu sula ngabhfaidh siad chun cónaí ann, ach deirtear nach mbeidh feidhm ag an gcoinníoll sin sa chás go dtógann sé níos mó ná dhá bhliain teacht ar chainteoirí Gaeilge leis an áit a cheannach.
Is é Teastas Eorpach na Gaeilge leibhéal B2 an tslat thomhais a bheidh i gceist le cumas Gaeilge lucht cónaithe na n-árasán a mheas. Beidh ar dhuine amháin fásta a bheidh ina gcónaí san árasán san fhoirgneamh nua pas a fháil i scrúdú B2 agus cruthúnas de sin a chur ar fáil don chomhairle contae “laistigh de achar réasúnta ama” sula ngabhfaidh siad chun cónaí ann.
Tá coinníoll eile ann go mbeidh an t-ainm a thabharfar ar na hárasáin nua i nGaeilge agus go n-aontófar an t-ainm leis an gcomhairle contae sula dtosófar ar an tógáil.
Tá foirgneamh trí stór beartaithe don suíomh atá suite idir Ceardlann an Spidéil agus stáisiún peitril Uí Dhomhnaill i lár an bhaile bhig Gaeltachta. Beidh siopaí ar aghaidh an fhoirgneamh agus oifig fáilte ann d’árasáin saoire a bheidh mar chuid den togra.
Beidh deich n-árasán cónaithe ar chúl an fhoirgnimh. Árasán aon seomra ar leibhéal na talún a bheidh i gcúig cinn acu seo agus árasán dhá stór dhá sheomra a bheidh sa chúig cinn eile. Beidh ocht n-árasán saoire ann ar aghaidh na farraige. Árasán dhá stór dhá sheomra codlata a bheidh i sé cinn acu seo agus dhá árasán dhá stór trí sheomra codlata a bheidh sa chuid eile.
Tá sé i gceist spás oscailte a thógáil freisin a mbeidh ionad spraoi agus gairdín ann do lucht cónaithe an fhoirgnimh, chomh maith le carrchlós, áiseanna luchtaithe d’fheithiclí leictreacha, agus spás stórála do rothair.
Fág freagra ar 'Coinníollacha teanga níos láidre curtha le forbairt tithíochta sa Spidéal'