‘Coinnigh súil na trócaire orainn’ –  litir chuig Naomh Colmcille ar a bhreithlá

Duine againn féin a chruthaigh muid  – luaineach, stuacach, taghdach, tíriúil, corrthónach, meabhrach, fadbhreathnaitheach agus grá-diaúil

‘Coinnigh súil na trócaire orainn’ –  litir chuig Naomh Colmcille ar a bhreithlá

A Choilm chóir,

Is fada an t-achar é 1,500 bliain agus is mór atá dearmadta agus treascartha ó shin ach tá tú féin go láidir fós sa seanchas.

Is iontach go deo an siúl a rinne tú d’fhear léinn is diagantachta. Agus ní foláir nó bhain an siúl sin allas asat nó is mór an tart a bhíodh ort, mar is beag ball in Éirinn nár fhág tú tobar ann.

Cheiliúir mé do lá féile in Orlach ar an taobh thoir, i nGartán do dhúchais agus i do Ghleann féin ó thuaidh, ar Oileán Í agus ar leac mo dhorais féin anseo i gCois Fharraige agus ba leo féin thú i ngach pobal.

Duine againn féin a chruthaigh muid  – luaineach, stuacach, taghdach, tíriúil, corrthónach, meabhrach, fadbhreathnaitheach agus grá-diaúil.

Nach agat a bheadh an time anois ar na meáin shóisialta agus cúrsaí cóipchirt i dtobar an amhrais sna clabhtaí. Is breá a scaipfeá do leagan fhéin den soiscéal agus sheachnófá cuid de bhráca na bóithreoireachta.

Fuil uasal ionat ach nuair a luigh an bhróg agus an saol ar na boicht agus ar lucht na díchumhachta, is ortsa a thugadar a n-aghaidh le fóirithint is fuascailt a fháil óna gcrois agus ón éadrócaire. Columba, dochtúir, banc, dlíodóir, comhairleoir agus idirghabhálaí na nGael ar Neamh do pheacaigh dhaonna a rinne a ndícheall – do leithéidí féin.

Ní gan údar gur Cóilíní a baisteadh orainn anseo i gConamara mar níl teach gan Colm, Cóil, Cóilí, Cóilín nó Coilmín ach d’fhág muid Colm Cille agat féin.

Ballach níor maraíodh, carraigín, creathnach ná feamainn níor baineadh ná faocha níor piocadh gan feacadh ag do thobar sa gcladach. Níl gasúr sa bparóiste nár thomhas a lámh féin le do chrúb mhór ar do bhád eibhir a thug anall chugainn thú as Árainn na haolchloiche.

Ní bheadh cuma ná caoi orainn d’uireasa, a Choilm. Ní raibh tubaiste, trioblóid ná achrann nach raibh fainic faoi i do thairngreacht. Pisreog, geis ná mallacht dá bhfuil againn, ortsa a bhuailtear iad. Fágann muid céim sa mbruach sa lagphortach, cuireann muid an dá stoca orainn roimh na bróga agus sa bpota a ghabhfas aon choileach a bhíonn ag glaoch roimh éirí gréine.

Ag breathnú ar na corpáin á seoladh go dtí an saol eile ar abhainn na Gainséise, chuimhnigh mé ar do chónra á seoladh siar Sruth na Maoile agus í ag beathú bheithígh do dhúchais.

Mo chuimhne, a Choilm, an airíonn tú an traonach atá ag giolcaireacht leis ag do theampall ar Oileán Í? Díseart duitse agus do na mílte oilithreach an t-oileán aoibhinn sin, chuile dhuine ag tóraíocht sólás anama is spioraid. Nach maith nuair a cuireadh an teitheadh ar an traonach gur aimsigh sé tearmann san áit chéanna leatsa a Choilm na síochána.

Tá muid fós ag leanacht do chomhairle, a Choilm – déirce do na boicht, geis ar an tinneas bréige agus fonn bóthair is imirce.

A Choilm, maith an fear, coinnigh súil na trócaire orainn agus abair lenár muintir atá i do chomhluadar go raibh muid á bhfiafraí.

Foilsíodh an t-alt seo ar dtús ar an iris Comhar. Is féidir síntiús a fháil do Comhar anseo.

Fág freagra ar '‘Coinnigh súil na trócaire orainn’ –  litir chuig Naomh Colmcille ar a bhreithlá'

  • Antóin

    An-litir go deo.

  • Bríd

    Litir den scoth. Nár laga Dia thú a Mháire.