Coinneoidh mé na cuimhní sin i mo chroí go deo…

Airíonn sé nach bhfuil sé i bhfad ó thug muid cuireadh do Dhaidí na Nollag a theacht ar cuairt den chéad uair

Coinneoidh mé na cuimhní sin i mo chroí go deo…

‘Meas tú an bhfuil Santaí ann dháiríre?’ a d’fhiafraigh an Bheainín díom an lá cheana. Bhí a fhios agam go dtiocfadh an lá seo, am éigin, ach níor shíl mé go n-imeodh na blianta chomh sciobtha is a d’imigh.

Airíonn sé nach bhfuil sé i bhfad ó thug muid cuireadh do Dhaidí na Nollag a theacht ar cuairt den chéad uair. Feicim fós na lámha beaga ramhra ag leagan amach pláta speisialta do Dhaidí na Nollag tráthnóna oíche Nollag is muid ar ais ón aifreann.

Mo bheainín bheag shocair, rud nár mhinic, is í ag déanamh cúraim den leagan amach ar an bpláta is ag déanamh cinnte go raibh cathaoir chompordach lena thaobh.

Cuimhním ar an gcupán bainne á leagan amach lena thaobh aici agus briosca nó pióg mhionra agus, ar ndóigh an cairéad don réinfhia agus na súile beaga lán le hiontas agus í ag cuimhneamh ar an gcuairteoir draíochta a bheadh sa gcistineach an oíche sin.

Coinneoidh mé na cuimhní sin i mo chroí go deo, ach imíonn an t-am agus is ceart go bhfágfaí cuid de nósanna na hóige inár ndiaidh.

‘Tá mé beagnach cinnte go  bhfuil,’ a d’fhreagair mé. Bhí mé ag iarraidh a bheith an-chúramach i mo chuid freagraí.

‘Tá tú beagnach cinnte?’ a d’fhiafraigh sí díom agus iontas uirthi. Is dóigh go raibh sí ag ceistiú ar cheart dom a bheith ar an stiúir sa teach ar chor ar bith agus amhras orm faoi cheist chomh bunúsach sin.

‘Sea,’ a dúirt mé. ‘Beagnach cinnte. Sách cinnte, like.’

Tá sé deacair an chothromaíocht cheart a aimsiú idir an ceiliúradh ar ghnéithe de dhraíocht na Nollag agus a bheith ionraic nuair a chuirtear ceist dhíreach ort.

An bhféadfadh go bhfuil Santaí ann agus nach bhfuil sé ann ag an am céanna? An bhféadfadh go bhfuil Daidí na Nollag ar nós paradacsa Erwin Schrödinger agus a chat? Tá sé ann agus níl sé ann go dtí go n-osclaíonn tú doras na cistine oíche Nollag.

‘Hmm?’ a deir sí. ‘An bhfuil tú cinnte nach tú féin agus Daidí a bhíonn ag ceannacht na mbronntanas faoi Nollag?

‘Mise agus Daidí?’ a dúirt mé, mearbhall orm is mé ag iarraidh am a fháil le cuimhneamh orm féin i gceart sula ndéarfainn tada eile.

‘Cén fáth a gceapfá é sin?’ a d’fhreagair mé.

‘Bhuel, dúirt Séimí i mo rangsa ag an scoil nach bhfuil aon Santaí ann,’ a dúirt sí. ‘Is tá má a cheapadh go mb’fhéidir go bhfuil an ceart aige.’

‘Ar dhúirt?’ a d’fhiafraigh mé. ‘Is cén chaoi a bhfuil an t-eolas sin aige?’

‘Sheiceáil sé stair a mháthar ar Amazon is tá na bronntanais a d’iarr sé ó Shantaí istigh sa gciseán aici.’

‘D’ardódh sé sin ceist alright,’ a d’fhreagair mé.

* Beannachtaí na Nollag oraibh ar fad agus tá súil agam go mbeidh Daidí na Nollag, más ann nó as é, go maith daoibh!

Fág freagra ar 'Coinneoidh mé na cuimhní sin i mo chroí go deo…'