Tá Coimisinéir Teanga na hÉireann le ceapadh inniu ina chathaoirleach ar Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga a bhfuil a gcomhdháil bhliantúil ar siúl acu i Pristina na Cosaive an tseachtain seo.
Tiocfaidh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill i gcomharbacht ar Choimisinéir na Breataine Bige Meri Hews mar chathaoirleach ar an gcumann a bunaíodh in 2013 chun ardán a thabhairt do choimisinéirí teanga ó thíortha éagsúla eolas a roinnt agus tacaíocht a thabhairt dá chéile.
Dúirt Meri Hews gur iontach an áis do na coimisinéirí teanga a bhí sa chumann idirnáisiúnta agus ghuigh sí gach rath ar a comharba.
“Bhí an deis agamsa cur leis an bplé faoin reachtaíocht teanga sa Tuaisceart agus i bPoblacht na hÉireann, labhairt le hairí rialtais ón gCosaiv faoin ilteangachas agus ceist na tairisceana teanga gníomhaí a phlé le daoine san earnáil sláinte i gCeanada.
“Roinnt blianta ó shin chuir coimisinéirí teanga ó thíortha eile leis an bplé sa Bhreatain Bheag faoina raibh i ndán do reachtaíocht teanga na Breataine Bige agus leag siad béim ar an tábhacht a bhaineann le Coimisinéir neamhspleách chun cearta lucht labhartha na Breatnaise a chosaint.
“Tá an chathaoirleacht á tabhairt ar aghaidh agam do Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga na hÉireann. Deireadh ré atá ann ach táim cinnte go leanfaidh an cumann ag fás faoina cheannaireacht siúd mar chumann a mbíonn cur chuige praiticiúil agus tionchar aige. “
Fág freagra ar 'Coimisinéir Teanga na hÉireann le ceapadh inniu ina chathaoirleach ar Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga'