Aled Roberts, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, tar éis bháis

Dúradh gur ‘gníomhaí dochloíte ar son caomhnú agus cur chun cinn na Breatnaise’ ab ea Aled Roberts, an dara coimisinéir teanga riamh sa Bhreatain Bheag

Aled Roberts, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, tar éis bháis

Tá Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Aled Roberts, tar éis bháis.

Bhí sé 59 bliain d’aois agus bhí sé tinn le tamall.

Ceapadh Aled Roberts ina choimisinéir mí Aibreáin 2019 nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Meri Huws, an chéad choimisinéir teanga sa Bhreatain Bheag. 

Bhí aithne mhaith air i measc lucht cearta teanga anseo agus labhair sé ag cruinniú de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais i mí Mheán Fómhair seo caite. Rinne sé cur síos an lá sin ar chóras na gcaighdeán atá i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag ó thaobh cearta teanga agus thug sé foláireamh do Theachtaí Dála agus Seanadóirí go raibh sé riachtanach go mbeadh dóthain acmhainní ag a leithéid de chóras nuair a thabharfaí isteach anseo é.

Iarpholaiteoir de chuid na Liberal Democrats ab ea Roberts. Bhí a chroí agus a anam sa Bhreatnais riamh agus dúirt sé gur bhain sé an-taitneamh as an obair a bhí ar siúl aige sular ceapadh ina choimisinéir é, ag plé pleananna don oideachas Breatnaise leis na húdaráis áitiúla agus leis an Rialtas.

Tamall gearr i ndiaidh a thofa chuig tionól na Breataine Bige in 2011, fuair Aled Roberts féin éachtaint ar chuid de na dúshláin a bhaineann leis an dátheangachas agus an soláthar a dhéantar dó.

Nuair a fuarthas amach go raibh Roberts ina bhall den Valuation Tribunal for Wales dícháilíodh é ón Tionól toisc go raibh cosc ar bhaill tionóil a bheith ina mbaill den eagraíocht sin ar fhaitíos coimhlint leasa. Is amhlaidh go raibh Roberts ag brath ar leagan Breatnaise de threoracha an Choimisiúin Toghcháin ó 2006 agus go ndearnadh leasuithe ar an leagan Béarla de na treoracha sin in 2010 ach nár aistríodh iad. I mí Iúil 2011 cuireadh an dícháiliú a bhí déanta ar Roberts ar ceal i ndiaidh vóta sa Tionól.

Bhí sé ina urlabhraí oideachais agus Breatnaise sa Senedd agus an Bhreatnais amháin a labhair sé sa pharlaimint le linn dó a bheith ann. 

Dúirt Gwenith Price ó Oifig an Choimisinéara Teanga sa Bhreatain Bheag go raibh “croí mór maith” ag Aled Roberts agus go raibh “bua suaithinseach aige daoine a thabhairt le chéile”.

“Is údar mór bróin dúinn scéal a bháis agus tá a fhios againn gur mar a chéile é ag gach duine a d’oibrigh leis.” 

Dúirt ceannasaí na Liberal Democrats sa Bhreatain Bheag, Jane Dodds, go raibh siad “trína chéile” faoin scéal agus gur “buille mór” don pháirtí ab ea é.

“Ba ghníomhaí dochloíte é ar son caomhnú agus cur chun cinn na Breatnaise, bhí sé thar barr mar Choimisinéir Teanga agus rinne sé iarracht an teanga a chur chun cinn i ngach gné den saol…” arsa Jane Dodds.

“Bhí an duine i gcroílár gach a ndearna sé. Bhí fís chinnte aige chun cur le cearta teanga chainteoirí Breatnaise, agus chun an chóir a éileamh aon áit go bhfaca sé éagóir.”

“Bhí sé ag iarraidh go mbeadh an Bhreatain Bheag ina tír ina mbeadh an deis ag gach saoránach an teanga a labhairt. Ní raibh a shárú le fáil ó thaobh díocais, agus lean sé air ag obair le linn dó a bheith tinn. Pribhléid ab ea é a bheith ag obair ina theannta.”

Rugadh Aled Roberts in Rhosllannerchrugog gar do Wrecsam.

Rinne sé staidéar ar an dlí in Ollscoil na Breataine Bige in Aberystwyth, agus thug sé seal ina dhlíodóir.

Bhí sé ina chomhairleoir do bhardas Ponciau idir 1991-2012, agus toghadh ina cheannaire ar an gcomhairle in Wrecsam é in 2005. 

Maireann a bhean Llinos agus a bheirt mhac, Ifan and Osian.

Fág freagra ar 'Aled Roberts, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, tar éis bháis'