Coimhlintí crua romhainn i gCaisleán an Bharraigh agus i mBealach Féich

Imreoidh Gaillimh in aghaidh Mhaigh Eo i gCraobh Chonnacht tráthnóna, tar éis an chluiche idir Dún na nGall agus Ard Mhacha i bPáirc Mhic Cumhaill

Coimhlintí crua romhainn i gCaisleán an Bharraigh agus i mBealach Féich

Pictiúr: Patrick McBrearty agus Aidan Forker. Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Dún na nGall v Ard Mhacha
Bealach Féich, 2pm (Beo ar BBC)

Seachtain ó shin, bhí muintir Dhún na nGall muiníneach go maith go mbuafaidís an cluiche seo. Tá sé deacair an fhoireann baile a bhualadh i mBealach Féich – cé gur bhuaigh Muineachán ansin i rith na sraithe – agus bhuaigh Dún na nGall ar Ard Mhacha sa chluiche deireanach a bhí ag an dá fhoireann. Anuas air sin, bhí ceathrar d’imreoirí Ard Mhacha le bheith ar fionraí don chluiche craoibhe seo mar gur ghlac siad páirt in achrann a tharla ag deireadh an chluiche sraithe sin.

Tháinig scéala an tseachtain seo caite go raibh an cás i gcoinne Rian O’Neill caite amach agus ansin fógraíodh go mbeadh cead ag Stefan Campbell, Aidan Nugent agus Ciaran Mackin imirt freisin agus a dtréimhsí fionraíochta curtha ar ceal. Mar bharr ar an donas, ní bheidh teacht ag Dún na nGall ar bheirt Ghaoth Dobhair, Neil McGee agus Odhrán McFadden Ferry, tar éis dóibh cinneadh a dhéanamh gan achomharc a dhéanamh in aghaidh na dtréimhsí fionraíochta a bhí curtha ar na cosantóirí.

Chun scéal fada a dhéanamh gearr, d’fhéadfadh seo uile tionchar mór a imirt ar an gcluiche. Tá Rian O’Neill agus Stefan Campbell ar bheirt de na tosaithe is fearr ar fhoireann Ard Mhacha agus tá McGee agus McFadden Ferry ar bheirt de na cosantóirí is crua ar fhoireann Dhún na nGall.

Cé nach mbeidh a rás rite ag pé foireann a chaillfidh tráthnóna rite sa chraobh, beidh an dá fhoireann seo ag iarraidh Craobh Uladh a thabhairt leo i mbliana. I ndáiríre, tá sé in am acu beirt feachtas maith craoibhe a bheith acu.

Thiar in 2014 an uair dheireanach a bhain Dún na nGall babhtaí leathcheannais na hÉireann amach agus cé go bhfuil Craobh Uladh buaite acu faoi dhó ó shin, tá brú ar Declan Bonner dul céim eile leis an bhfoireann seo.

Níl foireann Ard Mhacha seo chomh fada ar an mbóthar ach tá sé in am acusan chomh maith dul chun cinn a dhéanamh sa chraobh. Níor fhóir blianta an Covid dóibh agus gan aon chúldoras ann, ach beifear ag súil le níos mó i mbliana. Léirigh Ard Mhacha a gcumas i Roinn 1 na sraithe i mbliana ach caithfear é a chruthú arís anois.

Pointe amháin a bhí idir na foirne sa chluiche sraithe an mhí seo caite agus ba cheart go mbeadh coimhlint ghéar eile ann tráthnóna. Thabharfadh an bua an-mhisneach do na buaiteoirí ach d’fhéadfadh sé a bheith tubaisteach don dream eile.

Maigh Eo v Gaillimh – Caisleán an Bharraigh, 4pm (Beo ar RTÉ)

Tabharfaidh boic mhóra Chonnacht aghaidh ar a chéile i gCaisleán an Bharraigh níos deireanaí tráthnóna agus gan lucht leanúna na bhfoirne róchinnte cén chaoi a n-éireoidh lena bhfoirne.

Ní raibh Maigh Eo iontach i rith na sraithe ach fós bhí siad sách maith le cluiche ceannais Roinn 1 a bhaint amach. Buaicphointe i bhfeachtas an earraigh ab ea a mbua cumasach ar Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh ach chuir foireann James Horan drochdheireadh leis an tsraith nuair a bhuail Ciarraí go héasca iad sa chluiche ceannais.

Ina ainneoin sin, is beag duine a cheapann nach mbeidh Maigh Eo san iomaíocht arís i dtreo dheireadh na craoibhe. An t-aon cheist atá ann an é an bóthar fada atá rompu?

Agus Tommy Conroy caillte acu luath sa bhliain, tá gortuithe eile ag cur as d’imreoirí tábhachtacha. Cinnte ní bheidh teacht acu inniu ar an gcúl báire Rob Hennelly agus ná ar an gcosantóir Brendan Harrison agus ní fios fós cé chomh haclaí is atá leithéidí Paddy Durcan, Oisín Mullin agus Diarmuid O’Connor, triúr eile a chaill an cluiche sin in aghaidh Chiarraí. Bhí áthas ar lucht leanúna Mhaigh Eo Cillian O’Connor a fheiceáil ar ais i ngeansaí an chontae den chéad uair le bliain go leith nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí i bPáirc an Chrócaigh ach seans go dtógfaidh sé tamaillín eile sula mbeidh sé i mbarr a mhaitheasa arís.

Níl Gaillimh ar mhuin na muice i láthair na huaire ach an oiread, áfach, agus an ghaoth bainte as seolta na nGaillimheach le mí anuas.

Bhí ag éirí thar barr le foireann Phádraic Joyce i Roinn 2 agus a gcéad sé chluiche buaite acu ach bhuail Ros Comáin iad faoi dhó, sa bhabhta deireanach den tsraith agus ansin arís sa chluiche ceannais, rud a chuir roinnt den obair mhaith a bhí déanta i rith an earraigh ó mhaith.

Bhí ciceanna amach na Gaillimhe faoi bhrú sa dá chluiche sin in aghaidh Ros Comáin agus déarfá go ndíreodh Maigh Eo isteach orthu arís i bPáirc Mhic Éil. Bhí cosaint na Gaillimhe an-oscailte in aghaidh Ros Comáin freisin agus cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil Gaillimh ag iarraidh fear Mhaigh Cuilinn a chur ag marcáil an imreoir lár páirce, Matthew Ruane, seans gurbh fhearr do Joyce an Ceallach a chur siar sa líne lánchúil chun cosaint na foirne a threisiú.

Bhí Paul Conroy ar fheabhas do Ghaillimh i rith na sraithe agus beidh Gaillimh ag brath airsean agus ar Damien Comer agus Shane Walsh chun scóranna a fháil. 

Beidh cúnamh ag teastáil más le Gaillimh an lá a thabhairt leo, áfach. Nuair a tháinig Gaillimh aniar aduaidh ar Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh in 2016 agus 2018, dhá thoradh nach raibh mórán ag súil leo, d’aimsigh Tom Flynn agus Johnny Heaney cúil thábhachtacha sna cluichí sin. Beidh laoch eile ag teastáil inniu má táthar chun an beart a dhéanamh. 

Fág freagra ar 'Coimhlintí crua romhainn i gCaisleán an Bharraigh agus i mBealach Féich'