Coimhlint United agus City níos nimhní anois ná mar a bhí sé riamh

Agus foirne Mhanchain ag tabhairt aghaidh ar a chéile amárach, is fiú breathnú ar na cúiseanna go bhfuil an naimhdeas idir na foirne níos láidre i mbliana ná a bhí sé le tamall

Coimhlint United agus City níos nimhní anois ná mar a bhí sé riamh

Pep Guardiola le Zlatan Ibrahimovic

Imreoidh Manchester United agus Manchester City a chéile amárach sa chluiche is mó a imríodh i bPríomhroinn Shasana ó thus an tséasúir. Ar ndóigh, bíonn naimhdeas mór idir an dá fhoireann de bharr go bhfuil siad sa chathair chéanna agus go raibh siad in iomaíocht lena chéile sna comórtais mhóra le cúpla bliain anuas, ach beidh bior breise ag baint le cluiche an lae amárach ar chúiseanna éagsúla…

Guardiola v Mourinho

Ba é ceann de na scéalta ba mhó a tharraing aird roimh thús an tséasúir ná go mbeadh Pep Guardiola agus José Mourinho ag obair sa tsraith chéanna arís. Cé gur chaith siad ceithre bliana ag obair lena chéile nuair a bhí an bheirt acu le Barcelona, níl aon amhras ach go bhfuil aighneas eatarthu anois.

In 2011, nuair a chas Barcelona agus Real Madrid ar a chéile i gcluiche leathcheannais Shraith na gCuradh, chaill Guardiola an cloigeann tar éis do Mourinho é a mhaslú arís. “”He’s the f**king boss, the f**king man. Off the pitch, he has won. He has won for the whole year. I’ll give him his own off-the-pitch Champions League.”

Bhuaigh Barcelona an cluiche féin 2-0 ach ní raibh Mourinho sásta géilleadh agus lean sé air ag maslú Guardiola. “When you enjoy what you do, you don’t lose your hair, and Guardiola is bald. He doesn’t enjoy football.”

Ní fios céard a bheidh le rá ag an bPortaingéalach i ndiaidh an chluiche amárach.

Guardiola v Ibrahimovic

Ní hamháin go mbeidh Mourinho, an bainisteoir is mó a bhfuil col aige le Guardiola, in aice leis ar an taobhlíne, tá seans maith ann go mbeidh an t-imreoir is mó a thit amach leis an Spáinneach ag imirt chomh maith, Zlatan Ibrahimovic.

I 2009, d’íoc Guardiola agus Barcelona thart ar €68 milliún chun Ibrahimovic a thabhairt go dtí an Camp Nou ach ba thubaisteach an seal a chaith an Sualannach sa Spáinn. Bhí caidreamh maith eatarthu ag an tús agus fuair Ibrahimovic 11 cúl ina chéad 15 cluiche, ceann i gcoinne Real Madrid ina measc. Ach chomh luath agus a dúirt Lionel Messi le Guardiola go raibh sé ag iarraidh imirt mar thosach lárnach, ba léir go raibh deireadh i ndán d’Ibrahimovic i mBarcelona.

Ina dhírbheathaisnéis, rinne Ibrahimovic cur síos ar eachtra a tharla i dtreo dheireadh a thréimhse i mBarcelona.

“Guardiola was staring at me and I lost it. I thought, ‘there is my enemy, scratching his bald head!’ I yelled: ‘You haven’t got any b***s!’ and worse than that I added: ‘You can go to hell!’ I completely lost it, and you might have expected Guardiola to say a few words in response, but he’s a spineless coward.”

Tá cúpla cluiche imeartha ag Ibrahimovic i gcoinne foirne Guardiola ó d’fhág sé Barcelona ach tá sé fós ag fanacht ar a chéad bhua ar an sean-namhaid. Ba dheas leis an bua sin a fháil amárach.

Airgead

Tá iarracht mhór déanta ag an dá fhoireann i rith an tsamhraidh le sraith na bliana seo a bhuachan. Tá duine den bheirt bhainisteoirí is cáiliúla ar domhan faighte ag chaon foireann agus tá ualach airgid caite acu ar imreoirí nua.

€80 milliún a chaith United ar Henrikh Mkhitaryan agus Eric Bailly, agus gan amhras thug siad breis agus €100 milliún ar Paul Pogba, fear a d’fhág an club saor in aisce ceithre bliana ó shin. Ar an taobh eile den chathair, tá os cionn €200 milliún caite ag City ar leithéidí John Stones (€55M), Leroy Sané (€50M), Gabriel Jesus (€32M), Ilkay Gundogan (€27M) agus Claudio Bravo (€18M) agus iad ag iarraidh imreoirí a bhfeileann stíl Pep Guardiola a thabhairt isteach.

Meastar an dá fhoireann i measc roghanna na coitiantachta chun Príomhroinn Shasana a bhuachan i mbliana agus is é cluiche an lae inniu an chéad dianscrúdú a dhéanfar orthu. Ní bheidh ceachtar acu ag iarraidh orlach a ghéilleadh sa chluiche seo.

Fág freagra ar 'Coimhlint United agus City níos nimhní anois ná mar a bhí sé riamh'