Coimhlint na cinniúna idir Cooper agus McKaigue lá mór na gClubanna

Agus Sleacht Néill agus na Crócaigh ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa chluiche ceannais peile tráthnóna, beidh an choimhlint idir Colm Cooper agus Chrissy McKaigue níos tábhachtaí ná aon choimhlint eile

Coimhlint na cinniúna idir Cooper agus McKaigue lá mór na gClubanna

Laoch na gCrócach, Colm Cooper. INPHO/Tom Beary

Na Crócaigh v Sleacht Néill, Páirc an Chrócaigh, 17:00

Deich mí tar éis do na Crócaigh tús a chur lena bhfeachtas craoibhe, agus seacht mí ó thosaigh  Sleacht Néill ar a n-aistear siúd, bainfidh an dá fhoireann ceann scríbe amach tráthnóna.

Cé gur ceann de bhoic mhóra Chiarraí iad na Crócaigh, is iad Sleacht Néill is deireanaí a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann. Bhain fir Dhoire an cluiche ceannais amach in 2015, cluiche a chaill siad in aghaidh Chora Finne na Gaillimhe.

An lá sin, ní raibh Sleacht Néill ábalta don dúshlán a bhí rompu agus bhí a seans leáite leis roimh leath ama féin in aghaidh na nGaillimheach. Ní dóigh go ligfidh siad an deis sin amú chomh neafaiseach sin inniu.

Tá a gcumas léirithe acu cheana féin i mbliana agus bhí bua den scoth f acu ar Naomh Uinsionn Bhaile Átha Cliath sa chluiche leathcheannais an mhí seo caite. Ba é Chrissy McKaigue laoch Shleacht Néill sa chluiche sin mar a bhfuair sé ceithre phointe agus é ag marcáil Dhiarmuid Connolly agus beifear ag súil le taispeántas den chineál céanna uaidh arís i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Seans go gcaithfidh McKaigue seal ag coinneáil súil ar cheann de shárpheileadóirí eile na tíre, Colm Cooper na gCrócach. Is é Cluiche Ceannais na gClubanna an t-aon mhórhduais nach bhfuil buaite ag Cooper.

Beidh an choimhlint idir an bheirt sin suimiúil, go háirithe nuair a smaoinítear ar an gcaoi ar choinnigh McKaigue Connolly faoi chois sa chluiche leathcheannais. Tá sé feicthe againn le Ciarraí nach mbíonn an tionchar céanna ag Cooper ar chluiche nuair a bhíonn air cosantóirí a leanúint ar fud na páirce. Beidh Cooper ag iarraidh an cluiche a imirt ar a chomhairle féin ach b’fhéidir nach dtabharfaí an seans sin dó.

Cé gur ar Cooper is mó a bhíonn daoine ag trácht agus iad ag caint faoi na Crócaigh, ba iad Dáithí Casey agus Kieran O’Leary ba mhó a rinne scrios ar Chora Finne mí Feabhra chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an lae inniu. Cúig phointe a d’aimsigh O’Leary agus é ag imirt sa líne lántosach agus ba í coisíocht Casey a chruthaigh go leor de na scóranna sin.

Tá ocht gcúl déag scóráilte ag na Crócaigh ó chuir siad tús lena bhfeachtas craoibhe beagnach bliain ó shin, péire in aghaidh an chluiche ar an meán, ach tabharfar a ndúshlán inniu mar níl cúl ar bith géillte ag Sleacht Néill sna naoi gcluiche atá imeartha acu – i gcraobh Dhoire, craobh Uladh agus craobh na hÉireann – go dtí seo.

Má éiríonn le fir Chiarraí cúl a scóráil agus bearna a chruthú idir na foirne luath sa chluiche, seans go mbeidh an lá leo ach mura dtugann siad a gceart do Shleacht Néill, beidh thiar orthu.

Rogha Tuairisc.ie: Na Crócaigh

Fág freagra ar 'Coimhlint na cinniúna idir Cooper agus McKaigue lá mór na gClubanna'