Coimeádaí síochána de chuid na hÉireann maraithe sa Liobáin

Tá fiosrúchán ar bun faoin 'eachtra thromchúiseach' inar ionsaíodh dhá fheithicil armúrtha ina raibh ochtar Éireannach ar fad iontu

Coimeádaí síochána de chuid na hÉireann maraithe sa Liobáin

Maraíodh coimeádaí síochána de chuid na hÉireann sa Liobáin aréir nuair a rinneadh ionsaí ar an gconbhua a raibh sé ann.

Saigdiúir singil an té a bhásaigh, Seán Rooney, arb as an mBaile Nua i Ráth Bhoth i nDún na nGall dó. Bhí sé 24 bliain d’aois.

Tá fiosrúchán ar bun faoin “eachtra thromchúiseach” inar ionsaíodh dhá fheithicil armúrtha ina raibh ochtar Éireannach ar fad iontu. Bhí na hÉireannaigh ar dualgas do na Náisiúin Aontaithe agus iad ag dul óna gcampa go dtí Beirut nuair a tosaíodh ag lámhach orthu le mionairm. Ag 11.15pm a tharla an eachtra, 9.15pm, am na hÉireann.

Tugadh ceathrar a bhí sa chonbhua go dtí Ospidéal Raee atá timpeall 43 ciliméadar  ó Beirut.

Nuair a bhain siad an t-ospidéal amach, fógraíodh go raibh Seán Rooney marbh. Tá saighdiúir eile, Shane Kearney, atá 23 bliain d’aois agus arb as Cill Ia i gCorcaigh dó, gortaithe go dona agus tá mionghortuithe ag cur as don bheirt eile.

Dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanantghinearál Seán Clancy gur baineadh “creathadh” as lucht an airm agus go raibh “an-brón” orthu faoin “tragóid” inar maraíodh duine dá gcoimeádaithe síochána.

Ag smaoineamh ar mhuintir agus ar chairde an saighdiúra agus na saighdiúirí eile ón 121ú Cathlán Coisithe a bhí Óglaigh na hÉireann, a dúirt an Leifteanantghinearál Seán Clancy.

Dúirt sé gur oíche “chrua dhorcha” a bhí san oíche aréir.

 

 

Fág freagra ar 'Coimeádaí síochána de chuid na hÉireann maraithe sa Liobáin'

  • An Teanga Bheo

    Mó bhrón libh ar fad ag an am seo go raibh Dia libh anois