Cnuasach nua le Peadar Ó hUallaigh curtha thar an tairseach ar an mBuailtín

Tráth na Tairsí teideal an leabhar filíochta is déanaí le Peadar Ó hUallaigh, ó Bhaile an Ghleanna, Dún Chaoin

Cnuasach nua le Peadar Ó hUallaigh curtha thar an tairseach ar an mBuailtín

Mícheál Ó Ruairc agus Peadar Ó hUallaigh

Seoladh leabhrán filíochta nua le Peadar Ó hUallaigh ag ócáid ar an mBuailtín tráthnóna Dé Sathairn seo caite.

Tráth na Tairsí teideal an leabhair le Peadar Ó hUallaigh, ó Bhaile an Ghleanna, Dún Chaoin. File agus ceoltóir aitheanta is ea Ó hUallaigh agus is ó Chluain Meala i dTiobraid Árann ó dhúchas é agus é ina chónaí i nDún Chaoin le breis agus tríocha bliain anois. Tháinig sé go Corca Dhuibhne ar dtús mar bhall den ngrúpa ceoil Gaelaigh, ‘The Wild Geese’.

Is iad Coiscéim a d’fhoilsigh an leabhar, an treas leabhar ó Pheadar a d’fhoilsigh an comhlacht sin – Tír Tairngire agus Soilse an Chroí an dá cheann eile.

Moladh ag an ócáid stíl shoiléir shnasta an leabhair, an líofacht bhreá Gaelainne ann agus eachtraí, samhlaoidí agus géarchúis an údair.

 

Peadar Ó hUallaigh

 

Agus é ag seoladh an leabhair, do thug Mícheál Ó Ruairc, an t-údar aitheanta ón Leith Triúch ó dhúchas, le fios go raibh an saothar seo thar a bheith sothuigthe, rud nach féidir a rá mar gheall ar mhórán saothar eile dá leithéid i nGaelainn nó i mBéarla, a dúirt sé.

“Chuaigh na dánta go mór i bhfeidhm orm agus tá  cúpla ceann de na dánta is fearr a léas riamh tugtha dúinn ag Peadar,’ arsa an Ruairceach.

Is faoi scáth An Fhéile Bheag Filíochta a seoladh an leabhar.

Fág freagra ar 'Cnuasach nua le Peadar Ó hUallaigh curtha thar an tairseach ar an mBuailtín'