Cnuasach a léiríonn gur bhain an Ghaeilge le leacracha sráide agus le lánaí cúnga riamh

Sa cholún seo moltar leabhair Ghaeilge ar son do leasa is d’aimhleasa. An babhta seo, féasta léitheoireachta ó chathair na Gaillimhe

Cnuasach a léiríonn gur bhain an Ghaeilge le leacracha sráide agus le lánaí cúnga riamh

Is maith liom clúdach an leabhair seo. Tá an spéir dorcha in ard an phictiúir, botháin tamall uainn, mná faoina seálta ag déanamh steipeanna ar an gcé, an fharraige dhúch-dhorcha ag déanamh suas le trí bhád cois na cé agus cliabh ar déanadh dearmad air ina luí ar chlocha bána an chalaidh. Tá ráite riamh nár cheart leabhar a mheas ar a chlúdach, ach n’fheadaraís le fírinne.

Daba péintéireachta le J.P. Rooney a bhfuil ‘The Claddagh Story’ air is ea maise an chlúdaigh sin, agus de réir is mar a ghrinneann tú é is ea a fheiceann tú na mionsonraí. Na potaí gliomaigh, sé cinn d’fhaoileáin, bean ag féachaint go dúilmhear i dtreo Mheiriceá, soilse ar lasadh in áit éigin eile, cranna seoil na mbád á múchadh i ndoircheacht na spéire agus cúpla corpán a dúnmharaíodh ina luí ar an taobh eile den chaolas uisce.

Níor ghá go mbeadh pictiúr ar a thuairisc, ach is samhail thar a bheith oiriúnach atá ann dá bhfuil sa leabhar Gaillimh: díolaim cathrach (CIC €25) a roghnaigh Brian Ó Conchubhair is a chuir in eagar. Tá lán 430 leathanach plus de Ghaillimheachas anseo, agus má chuireann sin as duit, ná léitear tuilleadh.

Ach má tá tú ar an mbeagán a bhfuil aigne chaoloscailte fós agat más ar éigean é, is fiú fanacht tamall. Cnuasach dearscnaitheach is ea é seo den litríocht a bhain is a bhaineann le cathair na Gaillimhe féin, óir dá mbeadh an contae i gceist is saothar ramharataithe lánbhlonaig eile a bheadh ann. Mar sin ‘díolaim chathrach’ atá ann, agus b’fhéidir gurbh ionadh le daoine dúra áirithe a leithéid sin, daoine a shamhlaigh nár bhain an Ghaeilge le leacracha sráide agus le lánaí cúnga riamh.

Mar is cuimhin liom féin Aire Oideachais áirithe a rá, aire de chuid an Lucht Oibre, a mbíodh féasóg smige air ar nós Ho Chi Min is a bhain an léann daonna de chúrsaí oiliúna múinteoirí, a dúirt ‘Ah, sure, Irish was never spoken in Dublin anyway.’

Ní hí an chuid is lú d’argóint an leabhair seo ná gur bhain an Ghaeilge le gach cathair bheag is baile mór sa tír, ach ní miste é a dhéanamh arís. Tar éis an tsaoil, dob fhéidir a amhlachas céanna de leabhar a sholáthar i dtaoibh na hardchathrach, Béal Feirste, Corcaigh, Cill Chainnigh, Luimneach agus eile. Bheadh cuid acu níos tanaí ná a chéile ach ba chuma sin.

Ní hé an ponc sin atá á chur abhaile sa chnuasach seo, gan amhras, ach go díreach go bhfuil saibhreas agus raidhse scríbhneoireachta sa Ghaeilge a bhaineann le cathair na Gaillimhe.

Is chuig díolaim nó cnuasach go rachfá ag tumadh isteach ann. Ní earra é a léitear as a chéile. Dá réir sin, leabhar snámha is ea é seo. Is ródhócha go mbeidh dúil agat ann má bhaineann tú le príomhchathair an iarthair, nó gur chaith tú sealad ann, nó gur shíl tú rómánsaíocht léi, nó nár bhain tú le peileadóirí Mhaigh Eo.

Is é a mhórbhua, áfach, ná feabhas na scríbhneoireachta ann. Tá súil ghrinn ghlinn shoiléir ag Brian Ó Conchubhair maidir le caighdeán litríochta agus scríbhneoireachta, agus ní shleamhnódh aon dramhaíl isteach trína gheata cosanta siúd. Dá réir sin, is féasta léitheoireachta atá romhat amach ach an leabhar seo a bheith id aice ar an tolg, ar an traein, nó le hais na leapan.

Tá na sleachta ann a mbeifeá ag súil leo. Pádraic Ó Conaire as Deoraíocht ina thosach agus Liam Mac Cóil lena Litir i dtreo a dheiridh. Breandán Ó hEithir agus Lig Sinn i gCathú ina lár istigh.

Más léitheoir leabhar Gaeilge tú, tá dóchúlacht mhór ann go bhfuilid seo léite agat, ach sa chás is nach bhfuil, ba cheart go dtabharfadh siad speach duit dul ina dtreo. Beidh cuid eile a mheabhróidh a gcuid maitheasaí sa chéad áit ar ais duit: bhí dearmad déanta agam ar fhírinne Saol Saighdiúra le Dónall Mac Amhlaigh cé go bhfuil Deoraithe ar cheann de na saothair scríbhneoireachta is cumhachtaí atá againn, agus é anseo chomh maith.

Tá Micheál Ó Conghaile lena An Fear a Phléasc cé go bhféadfadh sé pléascadh áit ar bith, agus dul sna fearaibh mar a chéile. Shamhlaigh mé Na Comharthaí le Darach Ó Scolaí le cathair ar bith, ach is dócha gur cathair ar bith í an Ghaillimh.

Ach an léitheoir dílis féin, tá go leor anseo a bheidh dulta thairis. Go háirithe leabhair, nó sleachta as leabhair nach bhfuair an oiread sin poiblíochta riamh. Orthu sin bheadh An Coimthíoch Caol Dubh le Tina Nic Énrí, nó Ginger i gCois Farraige le Caitlín Ní Thallamhain, agus tharlódh nach é Gróga Cloch an t-úrscéal is fearr le Pádraic Breathnach, ach tá an sliocht seo istigh thar a bheith oiriúnach agus cóir ceart. Mo náire féin nár léigh mé ‘Aiséirí’ le hAlex Hijmans, mar is an-léiriú é den tabhairt faoi deara agus den bháúlacht is dual dó.

Ó thaobh líon na bhfocal de agus substaint an leabhair is é an prós an scamhard. Ach tá rogha leathan filíochta ann, leis, ar geall le díolaim intí féin í. Liosta gan áireamh iad na filí ar spreag an Ghaillimh iad ar mhaithe le holc nó ar son na beatha, iad go léir idir shean agus nua. Ní hí an cheist cé hiad atá istigh ann, ach cé nach bhfuil?

Níl Seán Ó Ríordáin ann, mar shampla, ná Philip Cummings, ná Áine Uí Fhoghlú, ná Rody Gorman, ná Art Ó Maolfhabhail, ná Nuala Ní Dhomhnaill, ná Pádraig Ó Fiannachta, ná Pádraig Mac Fhearghusa, ná Áine Ní Ghlinn, ná Gréagóir Ó Dúill, ach féach, b’fhéidir gur chuid den bheagán iad nár bhlais d’iontais na Gaillimhe.

Bhí áthas faoi leith orm féin go raibh an dán ‘Gaillimh’ le Micheál Mac Liammóir ann ar chúis phearsanta. Tharla gurbh é an leabhar Bláth agus Taibhse an t-aon leabhar Gaeilge a bhí agam agus mé ag obair mar mhac léinn i Sasana sna 60idí déanacha. Léigh agus d’athléigh mé é, ionas go raibh sleachta fada de mheabhair ghlan agam. Iontach, álainn, foirfe, reitriciúil agus liriceach.

Ní foláir smaointe mar sin a bheith ag daoine eile, leis. Mura bhfuil, beir leat an leabhar pé áit a mbeidh tú ag dul agus labharfar leat.

Ní foláir nó tá rud éigin nach bhfuil léite ag Brian Ó Conchubhair, ach ní heol dom é.

Maidir leis an gcúpla corpán sin a chaitheas isteach ar an gcladach i dtús an phíosa seo, ní hann dóibh fós. Ach ní bheadh a fhios agat.

Fág freagra ar 'Cnuasach a léiríonn gur bhain an Ghaeilge le leacracha sráide agus le lánaí cúnga riamh'