Cluichí crua ag Maigh Eo agus Tír Eoghain agus a n-aghaidh ar an gcúldoras i gcónaí

Beidh cluiche mór i Staid Semple tráthnóna nuair a thabharfaidh peileadóirí Mhaigh Eo agus Thiobraid Árann aghaidh ar a chéile agus imreoidh Ceatharlach agus Tír Eoghain a chéile i gCeatharlach

Cluichí crua ag Maigh Eo agus Tír Eoghain agus a n-aghaidh ar an gcúldoras i gcónaí

Níl aon amhras ach gurb é an cluiche idir Tiobraid Árann agus Maigh Eo cluiche mór an deireadh seachtaine seo sna babhtaí cáilithe. Chas na foirne seo ar a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann dhá bhliain ó shin ach an fhoireann a chaillfidh tráthnóna beidh sí réidh leis an gcraobh inniu agus gan mí an Mheithimh féin caite.

Tá cluiche amháin sna babhtaí cáilithe imeartha cheana féin ag Maigh Eo i mbliana ach is beag a bhí le foghlaim ón mbua éasca a bhí acu ar Luimneach cúpla seachtain ó shin. Ar a laghad, thug an cluiche sin deis do Stephen Rochford beagán ama ar pháirc na himeartha a thabhairt do Lee Keegan, a bhí ag teacht ar ais ó ghortú, agus do bheirt imreoirí óga, Cian Hanley agus James Durcan.

Beidh Diarmuid O’Connor ar ais ag Maigh Eo tráthnóna chomh maith agus beidh a fhuinneamh i lár na páirce tábhachtach más leo Tiobraid Árann a chloí.

Tá beirt tosach den scoth ag Tiobraid Árann, Michael Quinlivan agus Conor Sweeney, agus ní bheidh sé éasca ag cosantóirí Mhaigh Eo smacht a choinneáil orthu. Ba é Keegan a bhí ag marcáil Quinlivan sa chluiche a bhí eatarthu in 2016 agus cé go raibh Ger Cafferkey cuibheasach maith i gcoinne Luimnigh, is mór an seans go mbogfar Keegan siar ar an líne lántosach arís.

Beidh Tiobraid Árann ag iarraidh taispeántas i bhfad níos fearr a thabhairt ná an ceann a thug siad in aghaidh Chorcaí. Cé go bhfuil siad níos fearr ná a léirigh siad an lá sin, ní  beag an dúshlán atá rompu tráthnóna agus an oireadh sin taithí ag Maigh Eo.

Beidh cluiche suimiúil ann idir Tír Eoghain agus Ceatharlach tráthnóna chomh maith. Is ar éigean a bhain foireann Mickey Harte áit amach i mBabhta 2 agus bhí am breise ag teastáil uathu chun An Mhí chur de dhroim seoil.

Beidh fáil acu arís ar Peter Harte don chluiche seo tar éis dó cárta dearg a fháil sa chluiche a chaill siad in aghaidh Mhuineacháin ach ní bheidh Lee Brennan ná Mark Bradley acu de bharr gortuithe, agus tá Tiernan McCann ar fionraí.

Is mór an chailliúint iad Brennan agus Bradley i measc na dtosaithe, go háirithe agus iad i gcoinne Cheatharlach a chleachtann imirt chosantach. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh Tír Eoghain rómhaith dóibh. Oibríonn córas Cheatharlach go héifeachtach i gcoinne foirne laga ach níl na tosaithe acu chun an ceann is fearr a fháil ar na foirne móra.

Dé Sathairn, 23 Meitheamh

Port Láirge v Muineachán – Páirc Uí Fhearchair, 2.00i.n.

Tiobraid Árann v Maigh Eo – Staid Semple, 5.00i.n. (Beo ar Sky Sports)

Ceatharlach v Tír Eoghain – Páirc Uí Chuilinn, 5.00i.n.

An Cabhán v An Dún – Inis Ceithleann, 5.00i.n.

Sligeach v Ard Mhacha – Páirc Markievicz, 6.00i.n.

Liatroim v An Lú – Páirc Sheáin Mhic Diarmada, 7.00i.n.

An Longfort v Cill Dara – Páirc an Phiarsaigh, 7.00i.n.

Dé Domhnaigh, 24 Meitheamh

Uíbh Fhailí v An Clár – Páirc Uí Chonchúir, 1.30i.n.

Fág freagra ar 'Cluichí crua ag Maigh Eo agus Tír Eoghain agus a n-aghaidh ar an gcúldoras i gcónaí'