Cluichí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta á n-imirt an deireadh seachtaine seo

Reáchtálfar cluichí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta i nDún na Gall agus i nGaillimh an deireadh seachtaine seo agus foirne ag iarraidh áit a bhaint amach ag an gcomórtas náisiúnta i mBaile Bhuirne mí an Mheithimh

Ard an Rátha (glas) in aghaidh Naomh Conaill
Ard an Rátha (glas) in aghaidh Naomh Conaill

Socrófar an deireadh seachtaine seo cé hiad cuid de na foirne deireanacha a cháileoidh do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2016.

Is iad curaidh chomórtas na sinsear anuraidh, Naomh Conaill, atá ag reáchtáil chluichí cáilithe Dhún na nGall i mbliana. Idir Dé Domhnaigh agus Dé Luain imreofar deich gcluiche agus foirne sinsear agus sóisear ag iarraidh áit a bhaint amach i mBaile Bhuirne.

go bhfuil áit bainte amach ag foireann sinsear Naomh Conaill sa chomórtas náisiúnta cheana féin, imreoidh siad in aghaidh an Chlocháin Léith sa bhabhta leathcheannais ag 6.00i.n. ar an Domhnach agus Ard an Rátha agus Baile na nGallóglach a bheidh sa chluiche leathcheannais sinsear eile a imreofar níos luaithe an lá céanna ag 3.00i.n.

Is ar an Spidéal a imreofar cluichí cáilithe na Gaillimhe thar an deireadh seachtaine fada. Imreofar na cluichí ceannais sna gráid sinsear agus sóisear ar an Domhnach agus beidh na cluichí ceannais á n-imirt ar an Luan ar Pháirc an Athar Mhic Suibhne.

Cuirfear tús leis na cluichí leis an gcluiche idir An Spidéal agus Naomh Anna, Leitir Mór, sa chomórtas sóisear ag 1.30i.n. agus tabharfaidh Maigh Cuilinn aghaidh ar Rinn Mhaoile sa chomórtas céanna ag 3.00i.n.

Imreofar na cluichí sinsear ina dhiaidh sin – An Cheathrú Rua in aghaidh Naomh Anna agus an fhoireann baile, an Spidéal in aghaidh Mhaigh Cuilinn. Reáchtálfar na cluichí ceannais sa dá chomórtas ar an Luan.

foireann sóisear Oileáin Árann cáilithe cheana féin tar éis dóibh an chraobh náisiúnta a bhuachan dhá bhliain as a chéile, in 2014 agus 2015.

Dún na nGall

Dé Domhnaigh,1 Bealtaine

Cluiche Ceannais (Mná Sóisear)

Naomh Mhuire v Gael Fhánada, 3.00i.n. *Scoil Chuimsitheach Cholm Cille

Cluiche Ceannais (Mná Idirmheánach)

Ard an Rátha v Naomh Naille, 4.30i.n. *Scoil Chuimsitheach Cholm Cille

Cluichí Leathcheannais (Fir Sóisear)

Naomh Conaill v Naomh Mhuire, 1.30i.n.

Na Dúnaibh v Na Rossa, 4.30i.n.

Cluichí Leathcheannais (Fir Sinsear)

Ard an Rátha v Baile na nGallóglach, 3.00i.n.

Naomh Conaill v An Clochán Liath, 6.00i.n.

Dé Luain 02/05/2016

Cluiche Ceannais (Mná Sinsear), 11.00r.n.

Cluiche Ceannais (Faoi 15), 12.30i.n.

Cluiche Ceannais (Fir Sóisear), 2.00i.n.

Cluiche Ceannais (Fir Sinsear), 3.30i.n.

Gaillimh

Dé Domhnaigh,1 Bealtaine

Cluichí Leathcheannais (Sóisear)

An Spidéal v Naomh Anna, Leitir Mór, 1.30i.n.

Maigh Cuilinn v Rinn Mhaoile, 3.00i.n.

Cluichí Leathcheannais (Sinsear)

An Cheathrú Rua v Naomh Anna, Leitir Mór, 4.30i.n.

An Spidéal v Maigh Cuilinn, 6.00i.n.

Dé Luain 02/05/2016

Cluiche Ceannais (Sóisear), 2.30i.n.

Cluiche Ceannais (Sinsear), 4.00i.n.

Fág freagra ar 'Cluichí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta á n-imirt an deireadh seachtaine seo'