CLUICHE CEANNAIS NA hÉIREANN: ‘Níl tigh sa Rinn nach bhfuil bratach amuigh acu!’

Cé nach mbeidh aon imreoir as CLG na Rinne ag imirt i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, ní beag an ceangal idir an ceantar Gaeltachta agus cluiche ceannais na hÉireann 2017

CLUICHE CEANNAIS NA hÉIREANN: ‘Níl tigh sa Rinn nach bhfuil bratach amuigh acu!’

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Is annamh a bhíonn mórán baint ag imreoirí nó cumainn Ghaeltachta le cluiche ceannais iomána na hÉireann. Tá Corn Mhig Uidhir tugtha abhaile leo chuig Corca Dhuibhne ag leithéidí muintir Shé Ard an Bhóthair agus thug leithéidí muintir Magee an corn céanna ó thuaidh chuig Gaoth Dobhair. Rinneadh ceiliúradh cuí ar ghaiscí Sheáin Óg de Paor agus Sheáin Uí Domhnaill ar an gCeathrú Rua i 1998 agus 2001.

Ach ní minic Corn Mhic Cárthaigh tugtha abhaile leis ag imreoir Gaeltachta.

Cé gurb iad Gaillimh agus Port Láirge a bheidh ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh, is beag seans go bhfeicfidh muid imreoir Gaeltachta ar an bpáirc. Idir an dá phainéal, beidh breis agus leathchéad imreoir páirteach in ócáid mhór an Domhnaigh, ach is é Matt Donohue as Maigh Cuilinn, fear ionaid de chuid na Gaillimhe, an t-aon iománaí acu a imríonn le cumann Gaeltachta.

Cé go bhfuil scata imreoirí ón Rinn ar fhoireann shinsir peile na nDéise, níl fear ar bith acu ag imirt leis na hiománaithe. Mar sin féin, má éiríonn le Port Láirge an Domhnach beag seo, is cinnte go mbeidh aird ar leith ag pobal na Rinne ar imreoir amháin agus iad ag ceiliúradh gaiscí na foirne.

Cé gur le cumann An Chlais Mhór a imríonn Tadhg de Búrca, tá cion ar leith ag muintir na Gaeltachta air toisc gur fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta na Rinne.

Is múinteoir sa scoil í a mháthair, Máire, agus chaith de Búrca ocht mbliana ann. Buachaill ciúin a bhí ann, a deir iarphríomhoide na scoile Pádraig Breathnach, ach d’fhág sé a rian ar shaol na scoile aon uair a chuir sé chun páirce.

“Bhí sé ar fheabhas,” a deir Breathnach.

“Bhí beirt deartháireacha sa scoil aige ar dtús, Ciarán agus Seán agus bhí siadsan an-mhaith. Bhí muid ag súil go mór ansan le teacht Thaidhg. Bhí a fhios againn go mbeadh sé go maith ach, ar ndóigh, bhí sé fiche babhta níos fearr!

“Is cuimhin liom, nuair a bhíodh sé an-óg, bhíodh sé amuigh ag imirt le himreoirí ó rang a cúig agus rang a sé, na buachaillí móra, agus bhíodh sé ag rith timpeall orthu agus gan aon duine acu in ann breith air. Bhí sé an-mhaith ón tús.”

Tadhg de Búrca. Pictiúr: NPHO/Donall Farmer

Toisc é a bheith ag imirt mar chosantóir le cois, seans go ndéantar níos mó cainte faoi de Búrca ná mar a dhéantar faoi aon iománaí eile sa tír. Cúram ar leith atá air ar fhoireann Phort Láirge, cúram nach bhfeilfeadh gach imreoir. Deir Breathnach, áfach, go raibh sé soiléir agus de Búrca óg go raibh an meon ceart ag fear na Claise Móire chun tabhairt faoina leithéid de ról dúshlánach.

“Ní chuireann rud ar bith isteach nó amach air. Agus é ag dul amach ag imirt do Phort Láirge, bheadh sé ar nós go mbeadh sé ag súil síos an bóthar anseo sa Rinn nó sa Chlais Mhór. Leaid an-stuama ab ea é.”

Cinnte, cuirtear srian níos mó le himirt de Búrca agus é mar chuid d’fhoireann Derek McGrath ná mar a chuirtí nuair a bhí sé ar scoil.

“Thart ar lár na páirce a bhíodh sé ag imirt an uair sin, ach nuair atá imreoir chomh maith sin agat, is fearr cead a chinn a thabhairt dó.

“Ba é an t-imreoir a rinne an rud ar fad dúinn as a stuaim féin. In aon scoil bheag, amuigh faoin tuath, bíonn deichniúr nó mar sin agat a bhíonn maith go leor agus bíonn tú ag brath ar an nduine atá iontach. Ba é Tadhg a bhíodh ag déanamh an obair ar fad!,” a deir Breathnach.

Nuair a bhí de Búrca i rang a sé, bhuaigh scoil na Rinne Sciath Iomána na mBunscoileanna i bPort Láirge, chomh maith le Féile Peile Gael Linn. “Mura mbeadh sé i mbun na hiomána do Phort Láirge, bheadh sé ag imirt peile dóibh!,” a deir Breathnach.

Cé go bhfuil breis agus deich mbliana ann ó d’fhág sé scoil na Rinne, tá nasc coinnithe ag de Búrca leis an scoil agus leis an nGaeltacht agus é sásta i gcónaí boinn a bhronnadh ar ghasúir óga na háite nó geansaí a chur ar fáil do chrannchur.

Ní ar an bpáirc amháin a bheidh lorg na Rinne le feiceáil Dé Domhnaigh ach an oiread. Is é Tomás ‘Rua’ Ó Cadhla, bainisteoir feidhme i gColáiste na Rinne, ceann de na príomhanailísithe físe atá ag Derek McGrath agus is é Donie Mac Murchú na Rinne a bheidh ag tabhairt eolas Uí Chadhla don bhainisteoir ar an taobhlíne. Cé nach mbuailfidh siad poc ar aon sliotar, má éiríonn le Port Láirge stop a chur le Gaillimh, bí cinnte go mbeidh muintir na nDéise uile buíoch d’obair na beirte.

Ní haon iontas é go bhfuil muintir an cheantair Ghaeltachta seo ag súil go mór le cluiche an Domhnaigh.

“Bhí mé ag tiomáint síos an bóthar ar maidin agus ní dóigh liom go bhfuil tigh sa Rinn nach bhfuil bratach amuigh acu. Sin rud nach bhfaca mé riamh, fiú an uair dheireanach go raibh muid sa chluiche ceannais. An uair seo tá ceann ag gach aon tigh!,” a deir Seán Breathnach.

Agus an mbeidh na teaghlaigh sin ag ceiliúradh tráthnóna Dé Domhnaigh?

“Ní bheadh aon iontas orm dá gcríochnódh sé ar comhscór. Má théann tú síos tríd, líne ar líne, is beag atá eatarthu, fíorbheagán. Anois, d’fhéadfadh Joe Canning nó Tadhg nó duine éigin eile rud éigin as an ngnáth a dhéanamh, d’fhéadfadh an réiteoir rud éigin amaideach a dhéanamh ach, ar pháipéar, níl mórán eatarthu.”

Fág freagra ar 'CLUICHE CEANNAIS NA hÉIREANN: ‘Níl tigh sa Rinn nach bhfuil bratach amuigh acu!’'