Club Leabhar na nÓg le tosnú ar an gCeathrú Rua i gConamara

An grúpa Tuismitheoirí na Gaeltachta a bheidh i mbun an Chlub, a bheidh dírithe ar thuismitheoirí agus gasúir

Book

Cuirfear tús Dé Sathairn an 13 Feabhra le ‘Club Leabhar na nÓg’ ar an gCeathrú Rua i gConamara. Is é an grúpa Tuismitheoirí na Gaeltachta a bheidh i mbun an Chlub, a bheidh dírithe ar thuismitheoirí agus gasúir.

Tá an Club á bhunú mar cheiliúradh ar an bhféile nua ‘Leabhra Feabhra’ a bunaíodh an bhliain seo caite.

Beidh leabhar amháin in aghaidh na seachtaine á léamh ag baill an Chlub ar feadh sé seachtaine agus pléifidh na gasúir agus na tuismitheoirí leabhar na seachtaine ag na cruinnithe.

Beidh costas €25 ar bhallraíocht sa chumann, a cheannóidh na leabhair a bheidh á bplé i gcaitheamh na sé seachtaine. Roghnóidh Tuismitheoirí na Gaeltachta an chéad dá leabhar ach fágfar faoi bhaill óga an Chlub é na leabhair ina dhiaidh sin a roghnú.

Ar ghasúir atá ag léamh go neamhspleách cheana féin a bheidh an Club dírithe – thart ar seacht mbliana d’aois agus níos sine dar le Tuismitheoirí na Gaeltachta – agus beidh na leabhair a léifear feiliúnach don aoisghrúpa sin.

Beidh an chéad chruinniú de Chlub Leabhar na nÓg ar siúl Dé Sathairn 13 Feabhra ag 2 a chlog in Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua.

Fág freagra ar 'Club Leabhar na nÓg le tosnú ar an gCeathrú Rua i gConamara'

  • Seosamh

    An-smaoineamh go deo. Mol an óige agus tiocfaidh sí.
    Caithfear teaspeáint don aos óg gur ann do leabhair shuimiula ina dteanga féinig. Is beag duine fásta atá den tuairim sin, faraor, de réir nósanna léitheoireachta chlann na nGael.