Tá Club Chonradh an Gaeilge i mbaol a dhúnta mura dtiocfaidh daoine nua isteach chun cabhair a thabhairt leis an gclub a reáchtáil. Sin a bhí le rá ag Cathaoirleach choiste an Chlub, John Ó Liodáin, agus é ag impí ar dhaoine teacht i gcabhair ar an teach tábhairne aitheanta ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath.
“Tá daoine ann agus deir siad, ‘Ara, tabharfaidh duine éigin eile aire dhó’ ach tá muid tagtha go dtí an pointe nach féidir linn daoine a fháil,” arsa Ó Liodáin.
“Má leanann daoine orthu ar an meon sin, tá gach seans ann go ndúnfar é [an Club]. Glacann daoine leis go bhfuil sé ann agus go mbeidh sé ann go deo ach ní shin mar a bheidh mura dtagann daoine nua isteach.”
Tá Ó Liodáin ar dhuine den dream beag atá ag obair ar bhonn deonach chun an Club a rith le roinnt blianta anuas ach deir sé go bhfuil sé ag éirí níos deacra an áit a choinneáil oscailte.
Deir an Liodánach go n-éiríonn go maith leis an gClub ar oícheanta áirithe nuair a bhíonn ócáid mhór ar súil nó aimsir na Nollag ach nach féidir brath ar oíche mhaith anois agus arís chun an gnó a choinneáil ag imeacht.
“Bíonn an Club ag streachailt leis na fadhbanna céanna agus a bheadh pub faoin tuath, laghdú ar an méid daoine atá sásta am a chaitheamh ann, seachas ar oícheanta ar leith. Ní bhíonn na gnáth-‘punters’ ag teacht isteach go rialta a thuilleadh.”
Admhaíonn Ó Liodáin go bhfuil athchóiriú le déanamh ar an gClub, ach deir sé nach féidir tada a dhéanamh cheal airgid.
“Dá mbeadh níos mó daoine ag teacht isteach chugainn, bheadh muid in ann an áit a fheabhsú.”
Murach an obair atá déanta ag an ngrúpa beag atá ar an gcoiste faoi láthair, tá Ó Liodáin den tuairim go mbeadh an Club dúnta trí bliana ó shin, ach deir sé nach féidir leis an dream céanna coinneáil orthu ag déanamh an hoibre uile.
“Tá muid tar éis cúpla iarracht a dhéanamh borradh a chur faoin áit ach is iad na daoine céanna a bhfuil baint acu le saol na nGaeilge i mBaile Átha Cliath atá á rith. Tá géarghá ann teacht ar dhaoine nua.
“Tá Cruinniú Cinn Bhliana an Chlub ann Déardaoin agus tá muid ag iarraidh go dtiocfaidh daoine chugainn a bheadh sásta imeachtaí a reáchtáil ann agus daoine i mBaile Átha Cliath a bhfuil Gaeilge acu, nach bhfuil baint acu le haon rud eile agus a bheadh sásta tacú linn,” a deir Ó Liodáin.
Deir sé go bhfuil sé soiléir go bhfuil pobal ann a choinneodh an teach tábhairne ag imeacht ach go mbíonn imní ar dhaoine aon chabhair a thabhairt, meon a theastaíonn ón gcoiste a athrú.
“Bíonn daoine an-sásta tabhairt amach faoi rud nó áit ach nuair a chuirtear ceist orthu an bhfuil siad ag iarraidh cabhair a thabhairt, ceapann siad nach mbeadh fáilte rompu.
“Ceapann daoine go bhfuil grúpa seanleaids ag rith an Chlub, ach i ndáiríre, is ceathrar againn atá inár luath-fhichidí atá i gceist. Tá muid ag iarraidh an stiogma sin a bhriseadh chomh maith.”
Agus an Club ar an bhfód le 50 bliain anuas, deir Ó Liodáin go mbeadh daoine croíbhriste dá ndúnfadh an áit ach go bhfuil an baol sin ann mura dtiocfaidh athrú ar chúrsaí go luath.
Is amárach ag 7.00pm sa Chlub a reáchtálfar Cruinniú Cinn Bhliana Chlub Chonradh na Gaeilge agus cuirfear fáilte roimh aon duine atá ag iarraidh cabhair a thabhairt
AnRógaire
Cén dochar má dhúnann An Club? Ní áit í atá taithneamhach ná fáilteach. Tá droch chuma ar an áit. Cinnte ba dheas an rud ionad do phobal na gaeilge i lár na cathrach a bheadh geal agus tarraingteach ach ní 6 Sráid Fhearchair an áit chuige sin. Bheadh Sráid an Dáma, áit a bhfuil foirgneamh ag Gael Linn níos fearr do dhaoine ó dhá thaobh na cathrach, áit a bhfuil freastal maith déanta uirthi ó thaobh nascanna iompair sa chathair.
An tSúil Ghéar
CnaG éirigh as an tseafóid! Pub agaibh saor in aisce i lár na cathrach agus ní féidir libh €10 in aghaidh na huaire a íoc le duine a chur taobh thiar den bheár!
Compord do Ghaeilgeoirí
Is é an trua gur i bprochóg faoi thalaimh a lonnaíodh an club an chéad uair agus níl an áit íontach tarraingteach mar ionad shóisaialaithe.
Má dhúntar an club nach bféadfadh Gaeilgeoirí pub a roghnú i mBleácliath agus cruinniú le chéile ansin ar nós pop-up leanúnach? I dtigh Sinnots in aice leis an Gaeity fadó bhíodh Gaeilgeoirí ag casadh ar a gcéile roimh dul ag an gclub.
Ba chóir ionad sóisialta taitneamhach a bheith ann dos na Gaeil i rith an lae i mBleácliath ar nós an Chultúrlann i mBéal Feirste.
Emma Ní Chearúil
Íoctar foireann an bheáir – bainisteoir agus oibrithe eile. Is coiste deonach iad an dream a reáchtálann imeachtaí agus a mheallann slua chuig an gClub, agus is baill nua don choiste sin atá á lorg.
Criostóir
“Ní bhíonn na gnáth-‘punters’ ag teacht isteach go rialta a thuilleadh.” Agus cén fáth sin ? Toisc nach mbíonn fáilte rompu. Sin í an fhadhb is bunúsaí.
An tSúil Ghéar
An é go bhfuil níos mó daoine ag obair don Chlub ná mar atá ag ól ann mar sin ??