Club Chonradh na Gaeilge athchóirithe ag meitheal oibrithe deonacha

Bhí thart ar 20 duine i láthair Dé Domhnaigh leis an gClub a ghlanadh agus a phéinteáil agus obair “riachtanach” eile a dhéanamh ann

Club Chonradh na Gaeilge athchóirithe ag meitheal oibrithe deonacha

Tháinig ‘Meitheal Athchóirithe Chlub Chonradh na Gaeilge’ le chéile i gcaitheamh an deireadh seachtaine le tabhairt faoi obair athchóirithe sa teach tábhairne Gaeilge iomráiteach ar Shráid Fhearchair na hardchathrach.

Bhí thart ar 20 duine i láthair Dé Domhnaigh leis an gClub a ghlanadh agus a phéinteáil agus obair “riachtanach” eile a dhéanamh go deonach.

Dúirt Cathaoirleach Sealadach Chlub Chonradh na Gaeilge, John Ó Liodáin, le Tuairisc.ie go raibh “géarghá lena athchóiriú”.

“Cuireadh tús leis an obair anuraidh ach chuireamar lá iomlán oibre isteach Dé Domhnaigh agus tháinig cúpla duine ar ais arís aréir leis an obair sin a chríochnú.

“Glanadh tosach an fhoirgnimh agus an staighre atá anuas ón tsráid, greanáladh an beár tosaigh agus an beár cúil agus péinteáladh na seomraí éagsúla. Tá súil againn urlár nua a chur síos roimh an Nollaig freisin, agus rinneadh an t-uafás glantacháin ar fud an Chlub. Tá mé an-sásta leis an obair,” a dúirt John Ó Liodáin.

Bhí gnáthbhaill an Chlub i láthair ag an deireadh seachtaine chomh maith le himreoirí de chuid Na Gaeil Óga CLG, baill Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide agus Chuallacht na Gaeilge Mhá Nuad, chomh maith le hoibrithe deonacha eile.

Dúirt Ó Liodáin go raibh sé ag iarraidh go mbeadh an obair athchóirithe déanta roimh chruinniú cinn bliana Choiste Chlub Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl as seo go ceann cúpla seachtain.

Beidh Cathaoirleach nua á thoghadh ag an gcruinniú sin agus beifear ag lorg baill nua don choiste freisin. Tá Ó Liodáin ag súil go mbeidh an-rath ar an gClub in 2017 agus pleananna eile á mbeartú i láthair na huaire don bhliain seo chugainn.

Dúirt sé go bhfuil “freastal maith” ar an gClub le cúpla mí anuas agus go bhfuil imeachtaí á reáchtáil ar bhonn rialta ann ag grúpaí éagsúla Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Dúirt sé go bhfuil feabhas ag teacht ar an bhfreastal le cúpla seachtain anuas “agus muid ag dul i dtreo na Nollag”.

“Tá cuma níos deise agus níos gile ar Chlub Chonradh na Gaeilge mar gheall ar an obair mhór a rinneadh ag an deireadh seachtaine agus táimid fíorbhuíoch de na daoine a tháinig isteach leis an obair sin a dhéanamh.

“Táimid ag súil le bliain mhaith an bhliain seo chugainn agus méadú ag teacht ar imeachtaí Gaeilge sa chathair,” a dúirt sé.

Chuir sé fáilte roimh theacht an Pop Up Gaeltacht, an ócáid nua atá le reáchtáil i dtithe tábhairne éagsúla i mBaile Átha Cliath agus bailte eile ar fud na tíre.

“Dá mhéad imeachtaí agus láithreacha Gaeilge a bhíonn ann do phobal Gaeilge na cathrach is ea is fearr. Tá dóthain spáis sa chathair d’imeachtaí agus d’áiteanna den chineál sin agus bíonn freastal maith ar an gClub agus ar an Pop Up araon. Bheadh míle fáilte roimh an Pop Up oíche a reáchtáil sa Chlub féin dá mba mhaith leo,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Club Chonradh na Gaeilge athchóirithe ag meitheal oibrithe deonacha'

  • Mícheál de Mórdha

    Go maire lucht an Chlub iontaigh seo a nuacht. Is iomaí piúnt a d’ólas sa Chlub agus is ann a casadh mé féin agus mo bhean chéile ar a chéile.

  • Mise Áine

    Go n-éirí go geal leis an gClub!