Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
- Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo?
- Cén bhaint atá ag Roinn na Gaeltachta leis an scéal?
- Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.
- Cén fáth a luaitear an figiúr 26%?
- Cén céatadán a dúirt gur rud mealltach é post le Gaeilge?
- Cén ról a bhí ag an gcomhlacht Behaviours and Attitudes?
- Déan an abairt thíos a chur san ord ceart:
Na daoine a cheap gur rud chur Gaeilge ba í an deis an teanga a chun cinn is mó a mheall iad. mealltach a bheadh i bpost le
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
- Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an gcéad trí abairt arís. Aimsigh sampla d’aidiacht iolra agus ainmfhocal baininscneach.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
- Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- Deir údair an taighde go bhfuil deis an-mhaith ann daoine óga a chur ar an eolas faoi na deiseanna fostaíochta
- d’fheachtas mór feasachta atá beartaithe acu faoi na deiseanna fostaíochta atá san earnáil phoiblí do chainteoirí Gaeilge.
- mura dtéitear i ngleic leis an easpa soláthar oideachais lán-Ghaeilge.
- sa tseirbhís phoiblí do chainteoirí Gaeilge. Choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta an suirbhé chun eolas a fháil
- Tá an feachtas sin, a gcuirfear tús leis sna míonna seo romhainn, á reáchtáil i bhfianaise na sprice
- sa reachtaíocht teanga i dtaobh earcú cainteoirí Gaeilge. An sprioc atá leagtha síos in Acht na dTeangacha
- Oifigiúla (Leasú) 2021 ná gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.
- Tá amhras caite ag dreamanna éagsúla ar sprioc earcaíochta an Rialtais.
- Dúirt an t-iarchoimisinéir teanga Rónán Ó
- Domhnaill anuraidh go mbeadh sé nach mór dodhéanta sprioc an Rialtais ó thaobh earcú Gaeilgeoirí a bhaint amach
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
- Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Ní smaoineodh ach 22% de dhaoine óga ar phost le Gaeilge – suirbhé'