Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
- Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo dar leat?
- Cérbh é Aodha Rua Ó Domhnaill?
- Cén fáth a luaitear an bhliain 1602?
- Cén easontas fadbhunaithe atá ann?
- Cad a tugadh le fios sna tuairiscí oifigiúla
- Cén bhaint a bhí ag James Blake leis an scéal?
- Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.
I gcartlann an chaisleáin sin easaontas d’aois, a chuireann leis an seanbhunaithe faoi chúis bháis Uí Dhomhnaill.a tugadh suntas le gairid do cháipéis, atá os cionn 420 bliain
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
- Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an gcéad trí abairt arís. Aimsigh sampa d’ainmfhocal baininscneach agus an tuiseal ginideach.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
- Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- Chaith Aodh Rua Ó Domhnaill 16 lá ag saothrú an bháis i gCaisleán Simancasagus b’ansin,
- uacht agus tiomna deiridh i nGaeilge.
- D’aistrigh a Athair faoistine Flaithrí Ó Maolchonaire focail an phrionsa go Spáinnis don
- agus é ar leaba a bháis trí lá sular cailleadh é, a dheachtaigh sé a
- Simancas aistrithe ar ais go Gaeilge ag an scoláire, an Dr Eithne Ní Ghallchobhair, agus
- é foilsithe den chéad uair in eagrán na míosa seo de Comhar. Tá uacht agus tiomna deiridh
- Aodha Rua foilsithe mar chuid de thuairisc speisialta ón Spáinn faoi bhás Aodha Rua,
- tuairisc atá foilsithe in eagrán na míosa seo den iris Comhar.
- nótaire oifigiúil a chláraigh iad sa teanga sin.Tá an uacht agus an tiomna deiridh sin ó chartlann Chaisleán
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
- Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Fianaise úr faoi bhás Aodha Rua Uí Dhomhnaill'