CLUASTUISCINT: Comhchealga agus droch-chaighdeán oideachais – cad a tharla do Mheiriceá?

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

CLUASTUISCINT: Comhchealga agus droch-chaighdeán oideachais – cad a tharla do Mheiriceá?


Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Céard a chuir iontas ar an údar?
  • Cén bhaint atá ag an bhfigiúr 60% leis an scéal?
  • Mínigh Teoiric an ‘Athsholáthair Mhóir’.
  • Mínigh an frása “Nach diabhaltaí an rud é.”
  • Céard is cuimhin leis an údar?
  • Céard is “cara pinn” ann?
  • Cén fáth a luaitear an New Yorker?
  • Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

Bhí an chosúlacht ar an i bhfad mhúinteoireachta. raibh Meiriceá chun cinn orainne scéal go ó thaobh cleachtais

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis na chéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. Ina mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éistigí leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad abairt arís. Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir láithreach agus aidiacht.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déanaigí iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in an freagra a sheiceáil ar ball.
    1. Thógadar ceantar thart ar chathair Detroit mar eiseamláir den méid atá ag titim amach. Ar ndóigh ní
    2. ar na bunscoileanna stáit a bhíodar ag díriú a n-airde .Tugadh faoi deara tar éis na paindéime
    3. 10% den am in aon scoilbhliain. Fuair na hiriseoirí amach go raibh an ráta chomh hard le 40% i
    4. gcuid de na ceantair. Bhí na daltaí ag streachailt leis an oideachas agus tugadh faoi deara freisin
    5. go raibh amhras ag méadú i measc tuismitheoirí faoin leas a bhí le baint as an oideachas.
    6. nuair a bhí scoileanna dúnta agus páistí ag fáil oideachas ar líne, go raibh titim mhór ar an
    7. bhfreastal ar scoil. Tugtar ‘neamhláithreacht leanúnach’ air nuair a bhíonn dalta as láthair níos mó ná
    8. rabhadar ag díriú ar scoileanna príobháideacha, ná ar scoileanna atá ceangailte le reiligiúin, is

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Comhchealga agus droch-chaighdeán oideachais – cad a tharla do Mheiriceá?'