Comhchealga agus droch-chaighdeán oideachais – cad a tharla do Mheiriceá?

Is cosúil gur beag athrú atá ar mheon an dream a chreideann go bhfuil comhcheilg mhór mhillteach ag oibriú áit éigin sa rialtas i Meiriceá

Comhchealga agus droch-chaighdeán oideachais – cad a tharla do Mheiriceá?

Tá torthaí Chácas Iowa ar eolas againn agus is dócha nár chuir sé mórán iontais ar éinne agaibh. Is léir go mbeidh orainn dul i gcleachtadh arís ar na modhanna toghchánaíochta agus ar na fógraí a chualamar an geábh deireanach, ar cheap muid b’fhéidir a raibh deireadh go deo leo. Ach faraor, ní mar sin a bheas.

Is cosúil gur beag athrú atá ar mheon an dream a chreideann go bhfuil comhcheilg mhór mhillteach ag oibriú áit éigin sa rialtas i Meiriceá. Chuir sé iontas orm le gairid nuair a léigh mé in áit éicint go gcreideann 25% de dhaonra Mheiriceá gurb iad an FBI a bhí taobh thiar den ionradh in Washington ar an 6 Eanáir 2021.

Creideann os cionn 60% de vótóirí Trump go bhfuil na Daonlathaigh ag obair go dian chun daoine nár rugadh i Meiriceá – daoine dubha, nó inimircigh, a chur in áit daoine a rugadh ansin. Teoiric an ‘Athsholáthair Mhóir’ (Great Replacement Theory) a thugtar air.

Táthar ann fós a chreideann go raibh baint ag Hillary Clinton le ‘fáinne péidifileach’ a raibh ceanncheathrú acu i mbialann píotsa in Washington DC.  Amanta luaitear dream a adhrann an diabhal sa gcomhthéacs céanna.

Caithfimid dul i gcleachtadh air seo arís. Ach nach diabhaltaí an rud é – más ceadmhach dom é sin a rá, go bhfuil dream mór daoine sna Stáit Aontaithe anois a chreideann truflais den chineál sin?

Is cuimhin liom féin nuair a bhí ardmheas ar fud an domhain ar Mheiriceá agus ar a cuid polaiteoirí, cuma cén páirtí lenar bhaineadar. B’fhéidir nach n-aontófá le cuid díobh ar bhonn polaitíochta, ach ag an am céanna bhí bunús fealsúnachta lena gcuid tuairimí agus ba mhaith a bhí siad in ann díospóireacht a dhéanamh ar a son.

Cén fáth an bhfuil an oiread sin Meiriceánach ann anois a chreideann rudaí nach bhfuil aon bhunús loighciúil ná réalaíoch leo?

Léigh mé alt le gairid a chuir ag smaoineamh mé ar chaighdeán an bhunoideachais sa tír sin. Agus bhain cuid de na staitisticí san alt siar asam.

Is cuimhin liom féin nuair a bhí mise óg agus mo mháthair fós ag múineadh bunscoile, go gcuireadh ‘cara pinn’ léi, leabhair nó irisí a bhí dírithe ar mhúinteoirí bunscoile, chuici. Chuireadh muide an-suim iontu. Bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh Meiriceá i bhfad chun cinn orainne ó thaobh cleachtais mhúinteoireachta agus b’ionann agus cuairt a thabhairt ar dhomhan eile ar fad é tamall a chaitheamh ag dul tríd na leabhair.

Ach de réir alt a scríobhadh le gairid sa New Yorker, agus an iris Pro Publica bainteach leis chomh maith, tá caighdeán an bhunoideachais i stáit áirithe ina chúis mhór imní anois.

Thógadar ceantar thart ar chathair Detroit mar eiseamláir den méid atá ag titim amach. Ar ndóigh ní rabhadar ag díriú ar scoileanna príobháideacha, ná ar scoileanna atá ceangailte le reiligiúin, is ar na bunscoileanna stáit a bhíodar ag díriú a n-airde.

Tugadh faoi deara tar éis na paindéime nuair a bhí scoileanna dúnta agus páistí ag fáil oideachas ar líne, go raibh titim mhór ar an bhfreastal ar scoil. Tugtar ‘neamhláithreacht leanúnach’ air nuair a bhíonn dalta as láthair níos mó ná 10% den am in aon scoilbhliain. Fuair na hiriseoirí amach go raibh an ráta chomh hard le 40% i gcuid de na ceantair. Bhí na daltaí ag streachailt leis an oideachas agus tugadh faoi deara freisin go raibh amhras ag méadú i measc tuismitheoirí faoin leas a bhí le baint as an oideachas.

I gcathair Detroit, fostaíodh conraitheoir príobháideach le dul i ngleic leis an bhfadhb ar son na scoileanna.

Tugann daoine aonair cuairt ar an mbaile – sin bunús an ghnó. Déanann siad iarracht a fháil amach cén fáth nach bhfuil an páiste ag dul ar scoil. Go minic faigheann siad amach nach ionann an chúis agus an ceann a tugadh mar ‘leithscéal’ don scoil. B’fhéidir nach raibh dóthain éadaí acu le páistí a chur ar scoil, b’fhéidir go raibh fadhbanna óil nó drugaí ag na tuismitheoirí, b’fhéidir go raibh easnaimh éagsúla ar an teaghlach nach raibh aon eolas ag an scoil fúthu.

I gcás amháin a bhí fiosraithe ag na hiriseoirí, tugadh cuairt ar bhean a raibh go leor gasúr aici agus í fostaithe mar gharda slándála istigh sa mbaile mór. Ní raibh a fhios aici go raibh na páistí ar iarraidh ón scoil – nuair a d’fhág sise an teach bhí gach rud i gceart. Ach ba chosúil go ndeachaigh siadsan ar ais chun na leapa nuair a d’imigh sí ag obair. Bhí ‘nannycam’ aici sa teach a bhí in ainm is a beith ag coinneáil súil orthu. Ach nuair a labhair an comhairleoir léi ba léir nach raibh na billí íoctha agus ní raibh an ceamara ag feidhmiú.

Ach bhí rud eile a cheap mé a bhí an-suimiúil maidir leis an bhfadhb. Ceapadh go raibh baint ag an bpaindéim leis an neamhláithreacht. Chuaigh go leor páistí i gcleachtadh ar a bheith ‘ag obair’ ón mbaile – ar líne – agus ní mórán fonn a bhí orthu tabhairt faoin scoil agus an disciplín a bhain leis sin arís. Ba léir go mbíodh cuid mhaith acu ag ligean orthu go rabhadar ag staidéar le linn na dianghlasála ach bhíodar ag imirt cluichí ar na ríomhairí ag an am céanna.

Tá rudaí ag dul i bhfeabhas sna ceantair ar cuireadh béim ar na cuairteanna baile seo. Ach is léir gur fadhb mhór í an ‘neamhláithreacht’ i gcónaí. Agus is díol suime é an líon daoine a cheapann nach fiú tada an t-oideachas – nach gcabhraíonn sé ar aon bhealach le daoine a dhul ar aghaidh sa saol.

Siar sa 17ú céad a cuireadh tús leis an oideachas éigeantach thall – ba iad na Piúratánaigh a chuir tús leis chun cabhrú leo an Chríostaíocht a bhuanú sna Stáit. Ansin tháinig an Réabhlóid Thionsclaíoch agus cuireadh páistí ag obair sna muilte agus sna monarchana. Thóg se na blianta orthu an t-oideachas éigeantach a thabhairt isteach tríd an tír uilig. Faoi 1950, bhí an scolaíocht chomh coitianta sin gur tugadh ‘dropouts’ ar éinne nach raibh ar scoil. Bhí an Eoraip chun deiridh ar Mheiriceá sna cúrsaí seo ar fad.

Ach sa lá inniu tá cúrsaí oideachais agus na caighdeáin a bhaineann na daltaí amach, ina chúis imní arís. Ní fadhb í seo a bhaineann le Detroit amháin. I Massachusetts, stát a bhfuil cáil an oideachais air, chlis ar 35% de na daltaí a rinne an scrúdú Béarla MCAS san earrach seo caite. Bhain na páistí le gach aicme ach bhí a bhformhór bainteach le teaghlaigh ar ioncam íseal agus teaghlaigh mhionlaigh.

Agus cén chaoi a bhfuil muide sa tír seo? Sa tuarascáil dheireanach a tháinig ón Eoraip, (PISA – clár measúnaithe do dhaltaí idirnáisiúnta) a raibh os cionn 80 tír páirteach ann, bhí Éire an-ard sna torthaí. Bhí daltaí 15 bliain déag Éireannacha ar an dream ab airde ó thaobh litearthachta. Agus bhíodar an-ard freisin ó thaobh an chaighdeáin sa mhatamaitic agus san eolaíocht.

Ach ina dhiaidh sin féin, féach ar an dream sa tír seo a bhíonn ag agóidíocht lá agus oíche, dream a bhíonn ag cur scéalta nach mbíonn aon bhunús leo ar líne, nó ag cur tithe agus óstáin trí thine toisc go mb’fhéidir go mbeadh inimircigh iontu, agus caithfear an cheist a chur – cén chaoi ar thosaigh sé seo i dtír a bhfuil oideachas maith ar an bpobal – agus cén áit a gcríochnóidh sé?

Fág freagra ar 'Comhchealga agus droch-chaighdeán oideachais – cad a tharla do Mheiriceá?'

  • Michelle

    Tá glúin chaillte againn in Éirinn de bharr Covid chomh maith – bhí go leor acu ag glacadh páirte sna círéibeacha i mBÁC le deireanas agus is iadsan a bhíonn ag dul thart ag cothú trioblóide i lár na cathrach go minic. D’éirigh siad as scoil le linn Covid agus níor fhill siad. Tá easpa tógála orthua agus is cuma lena dtuistí faoin raic a tharraingíonn siad.

    Feictear dom chomh maith go bhfuilimid ag iompórtáil idé-eolaíocht oideachasúil na bPoncánach de réir a chéile – tá caighdeáin ag titim ar an mbuncsoil agus eagla ar ar na múinteoirí smacht a chur i bhfeidhm nó dúshlán a thabhairt do na páistí ar eagla go ndéanfaí dochar dá ‘sláinte mheabhrach’.

  • tom ó muireadhaigh

    alt suimiúil, ach ní dhéarfainn gurb iad páistí a bhí sna bunscoileanna le linn an pandéím atá an fhadhb. Is é an fhadhb is measa san stait, agus ag fás thar na blianta anuas, na go bhfuil dearmad déanta ar cad is ann do oideachas. Ionas go bhfuil siad chun cinn ar taobh teicneolaíochta de creidtear gur ionnan an suíomh idirlinn ceart a úsaid agus oideachas. Ach is sprioc an t-oideachais ná do thuairim féin a dhénamh i ndiaidh rudaí a léamh, agus macnamh ar an eolas ar fad. Fiú taighde a dhéanamh ar an t-eolas, an bhfuil sé críonn mar shampla.
    Ar an drochuair tá muid ag leaniúint thíos on bóthar ceannan céana sa tíú seo agus is botún ollmhór é.

  • Uinseann Ó hIfearnáin

    Tá díomá orm chomh maith. Leagaim an milleán ar na polaiteoirí agus na meáin ar dheis cosúil le Fox. Tuigeann said na fadhbanna ach níl said ionraic go leór chun an scéil a phlé igceart ach figiúirí féachana a mhéadú. Tá Trump ag gáire agus tuigeann sé an raic atá ina dhiaidh. Méféineachas amach is amach.

  • Máire

    Alt spéisiúl. Roinnt den féiniméin céanna anseo in Éirinn. Daoine cialllmhara ag éirí as nó ag gearradh siar go mór ar Twitter nó X da bharr. Agus feictear méid áirithe de sna tráchtanna faoi altanna ar Tuairisc fiú! (ach ní faoin gceann seo!)