CLUASTUISCINT: Clár greannmhar, mothúchánach faoi amhrán cáiliúil The Saw Doctors ar RTÉ

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Cén fáth a luann an t-údar ainmneacha amhrán ag tús an ailt?
  • Cén bhaint atá ag baile Thuama leis an scéal?
  • Cén fáth a luaitear 1986?
  • Cad deir an t-údar faoin amhrán N17?
  • Cén bhaint atá ag Tolü Makay leis an amhrán céanna?
  • Cad is ainm don chlár teilifíse?
  • Cad atá i gceist ag an údar le “nochtadh iomlán”?
  • Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

Is breá liom féin The Saw faoi leith agam le nóchaidí. Fágann sin dTreabh i lár na bá hábhar an chláir.Doctors agus thána chuig Cathair na

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís. Aimsigh aidiacht bhriathartha agus ainmfhocal san uimhir iolra.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déanaigí iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in an freagra a sheiceáil ar ball.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.

Bhíos an-tógtha leis an tslí gur deineadh an rath a bhí ar an ngrúpa a nascadh leis an mborradh a bhí fé

i rith na tréimhse sin, gan an dara rogha ag an aos óg ach an bád bán a thabhairt orthu féin ar thóir na fostaíochta.

chúrsaí ealaíne na cathrach i rith na tréimhse. Bhí an Druid ag teacht chun coinlíochta i ndiaidh a bhunaithe sna

seachtóidí agus bunaíodh Macnas i 1986. Go deimhin chuaigh ball den bhanna, Leo Moran, ag obair le Macnas

ar scéim fostaíochta i 1987. Is ansan a bhuail sé le Páraic Breathnach, an té a bhí mar bhainisteoir acu ar feadh scaithimh.

Bhí ionchur sa chlár chomh maith ó Davy Carton, Patricia Forde, Jó Ní Chéide agus Bernie Ní Fhlatharta,

mar aon le láithreoireacht bhreá ó Gary Mac Donnacha.  Tugadh cuntas ar dhearóil agus gruamacht na cathrach

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Clár greannmhar, mothúchánach faoi amhrán cáiliúil The Saw Doctors ar RTÉ'