Clár greannmhar, mothúchánach faoi amhrán cáiliúil The Saw Doctors ar RTÉ

Ar ‘Aistear an Amhráin’ ar RTÉ, deineadh an rath a bhí ar The Saw Doctors a nascadh go slachtmhar leis an mborradh a bhí fé chúrsaí ealaíne sa Ghaillimh

Clár greannmhar, mothúchánach faoi amhrán cáiliúil The Saw Doctors ar RTÉ

Is liosta le háireamh é na hamhráin mhóréilimh atá seolta ag The Saw Doctors i gcaitheamh na mblianta: I Useta Love Her, Hay Wrap, Clare Island, Green and Red of Mayo, Joyce Country Céilí Band, To Win Just Once agus a thuilleadh eile nach iad. Bhuel, is cinnte gur liosta le háireamh é don lucht leanta dílis atá ag banna Thuama. Dream atá gafa le ceol is ceolchoirmeacha spleodracha an ghrúpa a bunaíodh i 1986.

D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil ‘N17’ ar an amhrán is cáiliúla uathu, agus an ceann is mothúchánaí agus is mó teagair go deimhin. Amhrán a thugann cuntas ar chumha agus briseadh croí eisimirce na n-ochtóidí. Go deimhin agus muid in ísle brí i rith na paindéime bhain leagan álainn den amhrán ó Tolü Makay creathadh asainn mar aon le hardú meanma a thabhairt dúinn.

Ní haon ionadh mar sin go raibh leagan na seachtaine seo de Aistear an Amhráin (RTÉ1, Dé Máirt) bunaithe ar an amhrán seo. Clár greannmhar, mothúchánach gur bhaineas súp as a bhí anseo.

Ar dtús, an “nochtadh iomlán” faoi mar a deir siad.

Is breá liom féin The Saw Doctors agus thána chuig Cathair na dTreabh i lár na nóchaidí. Fágann sin bá faoi leith agam le hábhar an chláir.

Bhíos an-tógtha leis an tslí gur deineadh an rath a bhí ar an ngrúpa a nascadh leis an mborradh a bhí fé chúrsaí ealaíne na cathrach i rith na tréimhse. Bhí an Druid ag teacht chun coinlíochta i ndiaidh a bhunaithe sna seachtóidí agus bunaíodh Macnas i 1986. Go deimhin chuaigh ball den bhanna, Leo Moran, ag obair le Macnas ar scéim fostaíochta i 1987. Is ansan a bhuail sé le Páraic Breathnach, an té a bhí mar bhainisteoir acu ar feadh scaithimh.

Bhí ionchur sa chlár chomh maith ó Davy Carton, Patricia Forde, Jó Ní Chéide agus Bernie Ní Fhlatharta, mar aon le láithreoireacht bhreá ó Gary Mac Donnacha.  Tugadh cuntas ar dhearóil agus gruamacht na cathrach i rith na tréimhse sin, gan an dara rogha ag an aos óg ach an bád bán a thabhairt orthu féin ar thóir na fostaíochta.

Sheasfá ar phíce ag éisteacht le Páraic Breathnach (is mór an trua ná címid a thuilleadh dhe ar TG4 – an cuimhin libh an clár a bhí aige tráth?). Scéalaí agus fear ná cuireann fiacail ann. Cuntas greannmhar uaidh ar conas mar a ghuailleáil siad isteach i dTeach na Céibhe le tosnú ar shraith gigeanna. An Breathnach ag múineadh liricí amhráin do dhaoine óga le go gceapfadh fear an tí go raibh tóir thar na bearta ag an dream óg ar an mbanna nua seo. Ba ansin a bhuaileadar le The Waterboys, cairdeas is comhghuaillíocht a sheol ar bhóthar a leasa iad.

Bhuail Leo le fear ar an tsráid i dTuaim lá; “Are ye sthill doing a bit of music,” a d’fhiafraigh sé de. Táid go deimhin agus gura fada buan iad agus mairfidh ‘N17’ i scioból samhlaíochta an phobail go brách.

Fág freagra ar 'Clár greannmhar, mothúchánach faoi amhrán cáiliúil The Saw Doctors ar RTÉ'