CLUASTUISCINT: Cláir faoi lucht spóirt is ceoil is mó a d’fhéach daoine orthu ar TG4 in 2020

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

CLUASTUISCINT: Cláir faoi lucht spóirt is ceoil is mó a d’fhéach daoine orthu ar TG4 in 2020

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  1. Déan ceannteideal nua a chumadh don alt seo. 
  2. Meas tú céard atá i gceist leis an bhfrása “aon chlúdach domhain”.
  3. Cén fáth a luaitear cláir spóirt agus cláir cheoil?
  4. Céard a mhaígh TG4 ina aighneacht chuig an gCoimisiúin um Thodhchaí na Meán?
  5. Cé hé Alan Esslemont?
  6. Céard a bhí le rá aige ar Nuacht TG4?
  7. Cad é an socrú idir TG4 agus RTÉ? 
  8. Cén fáth a luaitear an clár faisnéise faoi Liam O’Flynn? 

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa agat i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. Ina mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball. 

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad chúpla abairt arís agus aimsigh briathar san aimsir láithreach agus ainmfhocal san uimhir iolra.   
  • Déan iarracht teacht ar thrí fhocal/fhrása nach dtuigeann tú. Déan iad a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie. Éist le níos mó ná an chéad chúpla abairt más gá.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad chuid eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord. 
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil sé san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
    1. clár sa tsraith Laochra Gael a rinne cur síos ar shaol agus laethanta imeartha Iggy Clarke. Bhí clár Laochra Gael 
    2. De réir na bhfigiúirí a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc.ie, cláir faoi lucht ceoil iad ceithre cinn de na deich gclár ba mhó lucht féachana, cláir faoin spórt
    3. D’fhéach 81,500 duine ar an meán ar an gclár sin nuair a craoladh den chéad uair é mí Aibreáin. D’fhéach níos 
    4. mó daoine (61,000) ar athchraoladh an chláir Lá Fhéile Stiofáin ná mar a d’fhéach ar fhormhór na 
    5. faoi iarchúl báire Átha Cliath, Clíodhna O’Connor, sa cheathrú háit agus bhí athchraoladh ar chlár Iggy Clarke san 11ú háit.
    6. iad ceithre cinn eile agus bhain dhá chlár faoi réalta scannán, Maureen O’Hara – Banríon Hollywood agus Fear darb ainm Harris.
    7. gclár Gaeilge agus dátheangach eile a bhí ar TG4 in 2020. Bhí an t-athchraoladh sa chúigiú háit ar an liosta 
    8. de na cláir Ghaeilge nó dhátheangacha a bhí ar TG4. Ba é Liam O’Flynn – Píobaire an clár ba 
    9. mhó ar féachadh air ar sheinnteoir TG4 in 2020 chomh maith. Sa dara háit ar liosta na gclár Gaeilge is mó lucht féachana ar TG4 in 2020 bhí an 

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh. 
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard ina mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Cláir faoi lucht spóirt is ceoil is mó a d’fhéach daoine orthu ar TG4 in 2020'