Tá ráite ag TG4 nach mbíonn “aon chlúdach domhain” ar fáil i nGaeilge ar chúrsaí reatha, ach léiríonn figiúirí nua díreach cé chomh mór agus atá an stáisiún ag brath ar chláir spóirt agus cláir cheoil chun lucht féachana a mhealladh, fiú i gcás clár Gaeilge nó clár dátheangach.
De réir an eolais nua a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc.ie, ní raibh aon chlár a bhain le cúrsaí nuachta nó cúrsaí reatha i measc na gclár Gaeilge agus dátheangach ba mhó a thuill lucht féachana in 2020.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite, mhaígh TG4 in aighneacht a chuir siad faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán go bhfuil bearna i gcúrsaí reatha i nGaeilge ar theilifís agus ar raidió agus gur easpa acmhainní is cúis leis an mbearna sin.
I ndiaidh fhoilsiú an scéil sin, dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, ar Nuacht TG4 go raibh sé “dochreidte” nár craoladh ar an stáisiún ó bunaíodh é aon sraith a bhí bunaithe ar an iriseoireacht iniúchta. Dúirt Esslemont gur chóir do RTÉ tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in iriseoireacht na Gaeilge agus gur gá do TG4 agus RTÉ tuilleadh comhoibrithe a dhéanamh sa réimse sin.
RTÉ a chuireann Nuacht TG4 agus 7Lá ar fáil do TG4 mar chuid de dhualgas reachtúil RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún Gaeilge in aghaidh na bliana.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo le déanaí gur craoltaí ar chluichí agus ar cheolchoirmeacha iad formhór na gclár is mó lucht féachana a craoladh ar TG4 in 2020, ach fiú nuair a chuirtear na cláir sin as an áireamhis cláracha faisnéise faoi cheoltóirí agus lucht spóirt is mó a thuill lucht féachana don stáisiún Gaeilge anuraidh.
Ba é an clár faisnéise Liam O’Flynn – Píobaire an clár ba mhó a mheall lucht féachana do TG4 in 2020, taobh amuigh de chluichí beo agus ceolchoirmeacha.
D’fhéach 81,500 duine ar an meán ar an gclár sin nuair a craoladh den chéad uair é mí Aibreáin. D’fhéach níos mó daoine (61,000) ar athchraoladh an chláir Lá Fhéile Stiofáin ná mar a d’fhéach ar fhormhór na gclár Gaeilge agus dátheangach eile a bhí ar TG4 in 2020. Bhí an t-athchraoladh sa chúigiú háit ar an liosta de na cláir Ghaeilge nó dhátheangacha a bhí ar TG4.
Ba é Liam O’Flynn – Píobaire an clár ba mhó ar féachadh air ar sheinnteoir TG4 in 2020 chomh maith.
Sa dara háit ar liosta na gclár Gaeilge is mó lucht féachana ar TG4 in 2020 bhí an clár sa tsraith Laochra Gael a rinne cur síos ar shaol agus laethanta imeartha Iggy Clarke. Bhí clár Laochra Gael faoi iarchúl báire Átha Cliath, Clíodhna O’Connor, sa cheathrú háit agus bhí athchraoladh ar chlár Iggy Clarke san 11ú háit.
De réir na bhfigiúirí a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc.ie, cláir faoi lucht ceoil iad ceithre cinn de na deich gclár ba mhó lucht féachana, cláir faoin spórt iad ceithre cinn eile agus bhain dhá chlár faoi réalta scannán, Maureen O’Hara – Banríon Hollywood agus Fear darb ainm Harris.
Bhí dhá chlár sa tsraith Hector Africa – A go Z le Hector Ó hEochagáin, ar fhéach 55,000 agus 51,000 duine ar an meán orthu, i measc an 20 clár ba mhó lucht féachana agus iad san 11ú háit agus sa 13ú háit. Bhain eagrán den tsraith An Bhoirinn áit amach ar an liosta chomh maith agus 52,000 duine ag féachaint air, lucht féachana a thuill an 12ú háit dó.
Rinne cláracha ceoil thraidisiúnta ina mbíonn roinnt Gaeilge le cloisteáil, amhail Fleadh Cheoil agus Ceiliúradh na Féile Pádraig, go maith ó thaobh lucht féachana a mhealladh chomh maith ach níor cuireadh san áireamh iadsan ná ceolchoirmeacha eile ar liosta seo na gclár Gaeilge nach cláir cheoil nó spóirt iad.
Clár | Dáta | Meánsciar (000) | Aimsiú (000) | Sciar (%) |
---|---|---|---|---|
Liam O’Flynn, Píobaire | 04-12 | 82 | 226 | 6 |
Laochra Gael – Iggy Clarke | 29-03 | 74 | 155 | 10 |
Maureen O’Hara, Banríon Hollywood | 25-12 | 73 | 201 | 5 |
Laochra Gael – Clíodhna O’Connor | 12-06 | 63 | 105 | 10 |
Liam O’Flynn – Píobaire | 26-12 | 61 | 184 | 4 |
Val Doonican, An Fear a Shiúil go hArd | 15-04 | 60 | 157 | 4 |
Slí na mBeaglaoich | 05-10 | 58 | 135 | 4 |
Laochra Gael – Iggy Clarke | 26-03 | 57 | 136 | 4 |
The Geansaí | 04-12 | 56 | 105 | 7 |
Fear darb ainm Harris | 01-01 | 55 | 121 | 4 |
Bhí meánsciar 1.83% den lucht féachana ag an stáisiún in 2020, laghdú beag ón 1.84% a bhí acu an bhliain roimhe sin.
Fágann na figiúirí is deireanaí go bhféachann níos mó daoine in Éirinn ar TG4 ná mar a fhéachann ar BBC Two, Virgin Media Three agus Channel 4 agus go bhfuil RTÉ 1, RTÉ 2, Virgin Media One, Virgin Media Two agus BBC 1 chun cinn air.
Balor an Tuaiscirt
Spéisiúil. Na cláracha ba mhór ar fhéacadh orthu ná na cláracha sin nach gá Gaeilge a bheith agat le sult, tuiscint nó taithneamh a bhaint astu. Is é cuspóir cláracha den cineál seo ná lucht féachana Béarla a mhealladh. Is follasach nach bhfuil rachairt ar na (fíor) chláracha Gaeilge agus go bhfuil i bhfad níos lú ná 50,000 duine ag breathnú ar Ros na Rún, Nuacht TG4, na cláracha don aos óg, etc. Údar díoma. Tríd is tríd, níl ag éirí le TG4 i ndóthain cláracha Gaeilge spéisiúla a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, dar liom.
Tá buiséad circa €30-40 milliún ag TG4. Fiú leis an airgead mór seo , is beag an tionchar teangeolaíochta atá ag TG4 agus is beag tábhacht atá acu i saol na Gaeltachta nó saol an phobaltheanga. (De réir mar a thuigim, is Béarla an teanga labhartha i bhformhór na gcomhlachtaí léiriúcháín agus i measc na gcriúnna. Tá na fógra ar an stáisiún i mBéarla). Chomh maith leis sin,níl an éifeacht nó tionchar céanna ag an teilifís ar an shochaí mar a bhí 20 bliain ó shin, go háirthe i measc an aosa óig. ‘It’s no longer damn relevant’, mar a dúirt Gil Scott Heron tráth.
An bhfuil ré TG4 thart? An gceart buiséad TG4 a ghearradh agus an t-airgead a chaitheamh ar an talamh sa Ghaeltacht?… ar thionscadail phobail, ar ógchlubanna Gaeilge, ar an drámaíocht, ar rudaí a bheidh tionchar suntasach acu ar úsáid na teanga?