An 20 clár is mó a thuill lucht féachana ar TG4 in 2020…

As an 20 clár is mó a thuill lucht féachana ar TG4 anuraidh cluichí ab ea 18 acu agus ceolchoirmeacha an péire eile

An 20 clár is mó a thuill lucht féachana ar TG4 in 2020…

Cláir spóirt agus cláir cheoil is mó a thuill lucht féachana do TG4 arís in 2020, de réir figiúirí atá curtha ar fáil do Tuairisc.ie.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh an sciar céanna den lucht féachana ag TG4 in 2020 agus a bhí in 2019 agus é fós ar an séú cainéal is mó in Éirinn.

As an 20 clár is mó a thuill lucht féachana ar TG4 in 2020, cluichí ab ea 18 acu agus ceolchoirmeacha an péire eile.

Ba é clúdach GAA BEO ar Chluiche Ceannais Peile AIB na gClubanna idir Cora Finne na Gaillimhe agus Cill Chua an Dúin an clár ba mhó a raibh daoine ag faire air ar TG4 in 2020. 

177,200 duine ar an meán a bhí a d’fhéach ar an gcluiche ar an 19 Eanáir, sciar 17.6% den lucht féachana ar fad sa tír ag an am.

Bhí cluichí ceannais pheil na mban agus cluiche ceannais na sinsear idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh ar an 20 Nollaig sa dara háit ar liosta 2020. 169,900 lucht féachana ar an meán a bhí ag Peil na mBan Beo an lá sin.

Bhí Cluiche Ceannais Iomána AIB na gClubanna idir Seamróga Bhaile Héil agus Buiríos Ó Luigheach sa tríú háit le lucht féachana 168,200 ar an meán.

Is sa cheathrú háit ar an liosta a bhí an clár is mó a thuill lucht féachana agus nach clár spóirt a bhí ann. D’fhéach 156,600 duine ar an meán ar an gceolchoirm The Dubliners – The Parting Glass Lá Nollag.

Ceolchoirm a bhí sa chlár ceoil eile a bhain áit amach is measc an 20 clár ba mhó lucht féachana. Bhí John Sheahan’s 80th Birthday Live from Vicar St sa 13ú áit agus lucht féachana 123,200 ar an meán ag an gclár.

Nuair a chuirtear cluichí agus ceolchoirmeacha as an áireamh, is é an clár faisnéise Liam O’Flynn – Píobaire is mó a mheall lucht féachana ar TG4 in 2020. D’fhéach 81,500 duine ar an meán ar an clár nuair a craoladh den chéad uair é mí Aibreáin.  Ba é sin an clár ba mhó féachana ar sheinnteoir TG4 in 2020 chomh maith.

D’éirigh le clár faisnéise eile, Maureen O’Hara – Banríon Hollywood áit a bhaint amach ar liosta na gclár nach spórt a n-ábhar agus meánlucht féachana 73,300 ag an gclár Lá Nollag.

Bhí dhá scannán, Into the West agus Dirty Dancing ar an liosta chomh maith.

 

Na cláir is mó lucht féachana Dáta Meán (000) Sciar % Aimsiú (000)
1 GAA BEO AIB Club CC Peile na hÉireann – Cora Finne v Cill Chua 1/19/2020 177.2 17.6 480.6
2 Peil na mBan Craobh TG4 CC Sinsear – Áth Cliath v Corcaigh 12/20/2020 169.9 21.2 369.3
3 GAA BEO AIB Club CC Iomána na hÉireann – Na Seamróga Baile Héil v Buiríos Ó Luigheach 1/19/2020 168.2 24.5 374.3
4 The Dubliners – The Parting Glass 12/25/2020 156.6 11.3 375.5
5 GAA BEO Sraith Iomána Allianz – Tiobraid Árann v Port Láirge 3/1/2020 150.0 21.3 355.6
6 GAA BEO Sraith Iomána Allianz Iarbheo – Gaillimh v Corcaigh 3/1/2020 148.2 17.3 294.7
7 GAA BEO Sraith Iomána Allianz Iarbheo – Loch Garman v Cill Chainnigh 2/16/2020 143.0 17.2 288.7
8 GAA BEO AIB Club – CLC Iomána na hÉireann – Naomh Tomás v Buiríos Ó Luigheach 1/5/2020 141.5 16.2 291.4
9 GAA BEO Sraith Peil Allianz – Gaillimh v Áth Cliath 10/25/2020 139.9 19.0 353.6
10 GAA BEO Sraith Peil Allianz – Dún na nGall v Tír Eoghain 10/18/2020 129.4 16.2 304.6
11 GAA BEO Sraith Iomána Allianz – Gaillimh v Tiobraid Árann 3/8/2020 127.8 17.5 323.3
12 GAA BEO Sraith Iomána Allianz – Port Láirge v Corcaigh 1/26/2020 124.5 18.97 297.2
13 John Sheahan’s 80th Birthday Live from Vicar St 3/17/2020 123.2 7.77 330.9
14 GAA BEO Sraith Iomána Allianz Iarbheo – Cill Chainnigh v Áth Cliath 1/26/2020 118.7 15.84 265.2
15 GAA BEO Club CC Iomána Chorcaí – Fánaithe an Ghleanna v Carraig Dubh 10/4/2020 109.4 11.67 286.1
16 GAA BEO Sraith Allianz Peil – Gaillimh v Maigh Eo 10/18/2020 107.4 18.24 286.0
17 GAA BEO AIB Club CLC Iomána na hÉireann – Sleacht Néill v Na Seamróga Baile Héil 1/5/2020 103.8 16.8 244.9
18 GAA BEO Club CC Peile na Mí – Gaeil Colmcille v Ráth Tó 10/4/2020 102.8 12.9 234.0
19 GAA BEO AIB Club CLC Peile na hÉireann – Cill Chua v Baile Buadáin Naomh Éanna 1/4/2020 102.0 14.86 222.5
20 All Ireland Gold 2004 – CC Iomána na Mumhan – Port Láirge v Corcaigh 4/12/2020 97.4 10.4 205.1

 

Na cláir is mó lucht féachana (gan spórt) Dáta Meán (000) Sciar % Aimsiú (000)
1 The Dubliners – The Parting Glass 12/25/2020 156.6 11.3 375.5
2 John Sheahan’s 80th Birthday Live from Vicar St 3/17/2020 123.2 7.8 330.9
3 Seo é Joe Dolan 7/28/2020 90.9 7.6 205.4
4 Come all you Dreamers – Christy Moore with Declan Sinnot 8/2/2020 86.7 9.1 232.6
5 Come all you Dreamers – Christy Moore with Declan Sinnott 12/27/2020 85.8 11.2 317.0
6 Opry – Na Duets 3 3/21/2020 83.9 5.4 173.1
7 Liam O’Flynn – Píobaire 4/12/2020 81.5 6.0 225.9
8 Ceiliúradh na Féile Pádraig 3/17/2020 75.4 8.8 157.3
9 Laochra Gael 18 Iggy Clarke 3/29/2020 74.2 9.5 155.1
10 Mike Denver – Live From Castlebar 8/4/2020 74.2 6.5 276.0
11 Maureen O’Hara – Banríon Hollywood 12/25/2020 73.3 5.0 201.1
12 Michael English -Live from INEC 8/18/2020 69.2 6.25 196.2
13 Opry le Daniel 10 10/3/2020 68.6 5.27 183.3
14 Into the West 12/26/2020 68.2 5.59 222.6
15 Opry le Daniel 7 6/23/2020 67.9 5.34 136.3
16 Fleadh 2020 – Lean leis an gceol 8/8/2020 67.5 6.86 143.1
17 Dirty Dancing 12/24/2020 67.1 5.75 283.6
18 Opry le Daniel 10 10/24/2020 66.9 4.6 165.3
19 Opry le Daniel – Togha Sraith 9 12/5/2020 66.4 5.03 160.5
20 Opry le Daniel 8 5/12/2020 65.8 5.04 146.5

Fág freagra ar 'An 20 clár is mó a thuill lucht féachana ar TG4 in 2020…'

  • Feardorcha

    Fir is mná sínte i Muinseó
    ar mhaithe le peil agus opry.