CLUASTUISCINT: Cartlann Mháire Mhac an tSaoi Díolta le hOllscoil Princeton mar Nach Raibh aon Institiúid in Éirinn Sásta í a Cheannach

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo?
  • Cén bhaint atá ag Conor Kenny leis an scéal?
  • Cén fáth a bhfuil díomá air?
  • Cén fáth ar díoladh an cnuasach le hOllscoil Princeton?
  • Cén fáth a bhfuil an figiúr 500 luaite?
  • Céard a bhí le rá ag an urlabhraí ó Ollscoil Princeton?
  • Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

chartlann a thabhairt dóibh.Thug muid cuairt chun institiúidí eile blaiseadh den ar na hollscoileanna go léir agus ar

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
  • Aimsigh sampla d’aidiacht bhriathartha agus d’ainmfhocal san uimhir iolra.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déanaigí iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  • luann Kenny ábhar le cuid d’fhilí aitheanta na hÉireann amhail Michael Longley, Medbh McGuckian agus Thomas McCarthy.
  • díoladh le hinstitiúidí thar lear le roinnt blianta. Luaigh sé bailiúchán Brendan Behan agus cartlann Joseph O’Connor a díoladh
  • “Tagann i bhfad níos mó tairiscintí ó na Stáit Aontaithe. Díolann muid méid áirithe le hinstitiúidí sa tír seo ach nuair a thagann sé chuig na bailiúcháin mhóra ní féidir leo iad a cheannach.
  • Deir Conor Kenny go bhfuil bailiúchán Mháire Mhac an tSaoi ar cheann de “go leor bailiúchán luachmhar” a
  • le hOllscoil Princeton roimhe seo agus bailiúchán d’ábhar le Nuala Ní Dhomhnaill, duine de mhórfhilí eile
  • na Gaeilge, a díoladh le Boston College scór bliain ó shin. I measc na gcartlann tábhachtach eile a díoladh le hollscoileanna thar lear,
  • Deir Kenny go mbíonn “suim i bhfad níos mó” ag institiúidí thar lear sna bailiúcháin seo a bhaineann le litríocht na hÉireann.

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féachaigí siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Cartlann Mháire Mhac an tSaoi Díolta le hOllscoil Princeton mar Nach Raibh aon Institiúid in Éirinn Sásta í a Cheannach'