Cartlann Mháire Mhac an tSaoi díolta le hOllscoil Princeton mar nach raibh aon institiúid in Éirinn sásta í a cheannach

Cé gur léirigh roinnt dreamanna in Éirinn suim i gcartlann phearsanta Mháire Mhac an tSaoi ní bhfuarthas aon tairiscint ó aon dream 

Cartlann Mháire Mhac an tSaoi díolta le hOllscoil Princeton mar nach raibh aon institiúid in Éirinn sásta í a cheannach

Rinneadh “gach iarracht” cartlann phearsanta Mháire Mhac an tSaoi a dhíol le hollscoileanna agus leabharlanna na hÉireann sular díoladh í le hollscoil thar lear.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Conor Kenny, an té a dhíol an chartlann, gur “cúis díomá an-mhór” nár cheannaigh institiúid sa tír seo an chartlann.

Deir Kenny, ón siopa leabhar aitheanta Kenny’s i nGaillimh, go ndearna sé “gach iarracht” an chartlann a choinneáil in Éirinn ach gur díoladh í le hOllscoil Princeton i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa deireadh mar nach raibh institiúid ar bith in Éirinn sásta í a cheannach.

“Rinneamar gach iarracht chun an bailiúchán a choinneáil in Éirinn ach níor éirigh linn,” a dúirt Conor Kenny le Tuairisc.

“Chuir muid pacáiste eolais go dtí 500 leabharlannaí sa tír ag léiriú an tábhacht a bhain leis an gcartlann. Thug muid cuairt ar na hollscoileanna go léir agus ar institiúidí eile chun blaiseadh den chartlann a thabhairt dóibh.”

Cé gur léirigh roinnt dreamanna suim inti ní bhfuarthas aon tairiscint ó aon dream in Éirinn ar an chartlann ina bhfuil lámhscríbhinní, leabhair nótaí, litreacha agus grianghraif de chuid an mhórfhile Gaeilge.

Dúirt urlabhraí ó Ollscoil Princeton le Tuairisc go raibh an chartlann díreach tagtha chucu agus go mbeadh an t-ábhar ar fáil go poiblí sna míonna amach romhainn.

‘B’fhearr go mbeadh páipéir Mháire Mhic an tSaoi caomhnaithe in aon leabharlann amháin in Éirinn’

Deir Conor Kenny go bhfuil bailiúchán Mháire Mhac an tSaoi ar cheann de “go leor bailiúchán luachmhar” a díoladh le hinstitiúidí thar lear le roinnt blianta.

Luaigh sé bailiúchán Brendan Behan agus cartlann Joseph O’Connor a díoladh le hOllscoil Princeton roimhe seo agus bailiúchán d’ábhar le Nuala Ní Dhomhnaill, duine de mhórfhilí eile na Gaeilge, a díoladh le Boston College scór bliain ó shin.

I measc na gcartlann tábhachtach eile a díoladh le hollscoileanna thar lear, luann Kenny ábhar le cuid d’fhilí aitheanta na hÉireann amhail Michael Longley, Medbh McGuckian agus Thomas McCarthy.

Deir Kenny go mbíonn “suim i bhfad níos mó” ag institiúidí thar lear sna bailiúcháin seo a bhaineann le litríocht na hÉireann.

“Tagann i bhfad níos mó tairiscintí ó na Stáit Aontaithe. Díolann muid méid áirithe le hinstitiúidí sa tír seo ach nuair a thagann sé chuig na bailiúcháin mhóra ní féidir leo iad a cheannach.

“Ní fhaigheann na leabharlanna an tacaíocht a theastaíonn ó na hollscoileanna,” a dúirt sé.

Dúirt Kenny go mbíonn na “deacrachtaí céanna” ag institiúidí náisiúnta, amhail Leabharlann Náisiúnta na hÉireann bailiúcháin mhóra a cheannach.

“Níl an tacaíocht ó thaobh maoinithe ann. Ní chuireann an rialtas go leor tacaíochta ar fáil do na hinstitiúidí náisiúnta,” a dúirt sé.

Ní mó ná sásta ach an oiread atá an file Louis de Paor, saineolaí ar fhilíocht Mhac an tSaoi, nár coinníodh a cartlann in Éirinn.

“Is cúis mhór díomá é nach mbeidh teacht againn ar an gcartlann luachmhar seo ag a’ baile in Éirinn. Is dóigh liom go bhfuil ceist le cur agus le freagairt mar gheall ar ról na n-institiúidí léinn agus cultúir, ar chuid dá gcúram é aire a thabhairt do chartlanna den tsaghas seo.”

Deir an file agus scoláire go bhfuil ceist le cur chomh maith ar an rialtas maidir leis an maoiniú a chuireann siad ar fáil do na hollscoileanna.

“Mura bhfuil na hacmhainní ag ollscoileanna chun an ghné sin dá gcúram a chur i gcrích,  cad é gnó ollscoileanna an lae inniu mar ionaid taighde agus léinn a chaomhnóidh foinsí den tsaghas seo a mbeidh spéis ag na glúnta romhainn iontu?”

Cheannaigh muintir Kenny an t-ábhar ó Purcell Auctioneers nuair a chuir siad ar ceant mí Aibreáin seo caite leabhair, grianghraif, comhfhreagras, páipéir oibre agus nótaí ó leabharlann phearsanta an fhile.

Bhí Máire Mhac an tSaoi, a rugadh i mBaile Átha Cliath i 1922, ar dhuine de cheannródaithe fhilíocht na Gaeilge sa 20ú haois agus tá a cnuasaigh amhail Margadh na Saoire (1956) agus Codladh an Ghaiscigh (1973) áirithe mar mhórshaothair de chuid litríocht na Gaeilge agus litríocht na hÉireann.

Bhí sí pósta le Conor Cruise O’Brien, an scríbhneoir aitheanta agus iar-aire rialtais a bhásaigh in 2008.

Bhí ceangal mór aici le Gaeltacht Chorca Dhuibhne, mar a mbíodh sí ar saoire agus í óg sa teach ar a dtugtaí Tigh na Cille i nDún Chaoin.

Bhí Máire Mhac an tSaoi 99 bliain d’aois nuair a bhásaigh sí in 2021.

Fág freagra ar 'Cartlann Mháire Mhac an tSaoi díolta le hOllscoil Princeton mar nach raibh aon institiúid in Éirinn sásta í a cheannach'

  • Tiarnan de Fréine

    Is trua sin gan amhras, tá sé fíordheacair dul in iomaíocht leis na hollscoileanna ollmhór Mheiriceá, a bhfuil na billúin dollar acu le caitheamh ar na háiseanna cultúrtha agus liteartha seo. Ba chóir go mbeadh roinnt srianta ó thaobh dlí de, ar cad é atá ceadaithe a easpórtáil amach as an Stát. Gan amhras táim cinnte go raibh iliomad seoid-ábhar taighde sna bailiúcháin seo. Trua mór agus caillteanas cultúrtha uafásach!

  • file

    Gach iarracht déanta an chartlann a choinneáil in Éirinn? Seachas í a thabhairt saor in aisce do cheann de na hinstiúidí, ar ndóigh …

  • Donncha ó hÉallaithe

    Aontaím leat Tiarnan: níor cheart go mbeadh cead ábhar luachmhar mar seo a dhíol taobh amuigh den tír, mar atá á dhéanamh ag muintir Kenny. Tá súil agam go mbeidh muintir Kenny sásta ligint do scoláire éicint seachtain a chaitheamh ag breathnú tríd an ábhar sul a gcuirtear an beartán go Meiriceá. Ceannaíodh an bailiúchán ar €3,700 ag an gceant i mBiorria ar an 27 Aibreán 2022. Nuair a bheadh taillí curtha leis an bpraghas, chosain an bailiúchán faoi bhun €5,000 ar mhuintir Kenny. Trua nach bhfuil muintir Kenny in ann a inseacht cén praghas a chuir siad féin ar an mbailiúchán agus iad á ofráil do institiúidí fad fad na tire, le go dtuigfeadh muid an scéal níos fearr.

  • Seán Mag Leannáin

    Déanann Donncha Ó hÉallaithe pointe maith. “Nuair a bheadh taillí curtha leis an bpraghas, chosain an bailiúchán faoi bhun €5,000 ar mhuintir Kenny. Trua nach bhfuil muintir Kenny in ann a inseacht cén praghas a chuir siad féin ar an mbailiúchán agus iad á ofráil do institiúidí fud fad na tire, le go dtuigfeadh muid an scéal níos fearr.” Is mór an trua gur chuir clann an fhile an tseoid liteartha seo ar díol ar an margadh oscailte sa gcéad áit – saothar saoil a máthar a chur ar ceant don tairgtheoir is airde.