‘B’fhearr go mbeadh páipéir Mháire Mhic an tSaoi caomhnaithe in aon leabharlann amháin in Éirinn’

Tá leabharlann phearsanta an fhile Máire Mhac an tSaoi le cur ar ceant an tseachtain seo agus deir saineolaithe go bhféadfadh ‘luach ar leith’ a bheith ag baint le cuid de na míreanna ann

‘B’fhearr go mbeadh páipéir Mháire Mhic an tSaoi caomhnaithe in aon leabharlann amháin in Éirinn’

Deir saineolaithe litríochta go bhféadfadh “luach ar leith” a bheith le cuid de leabharlann phearsanta Mháire Mhic an tSaoi atá le díol ar ceant an tseachtain seo agus gur chóir go gceannódh institiúid léinn nó stáit cuid den leabharlann.

Tá leabhair, grianghraif agus comhfhreagras de chuid Mhic an tSaoi, a fear céile, an t-iarAire Conor Cruise O’Brien, agus a hathair, an t-iarThánaiste Seán MacEntee, á ndíol ar ceant amárach, Dé Céadaoin.

Tá an-chuid leabhair shínithe, comhfhreagras, ábhair chartlainne agus páipéir oibre i measc na míreanna atá le díol, chomh maith le grianghraif den triúr.

D’fhéadfadh ábhar sa bhailiúchán léargas níos fearr a thabhairt ar shaol agus ar shaothar Mhic an tSaoi agus tá ráite ag daoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an bhfile go bhfuil súil acu nach mbeidh aon “seoda” ceilte ar an bpobal i mbailiúcháin phríobháideacha. Tá sé tábhachtach a deirtear go mbeadh an t-ábhar seo ar fáil do dhaoine a mbeidh staidéar á dhéanamh acu ar an bhfile mór le rá amach anseo.

Tá cóipeanna sínithe de leabhair le cuid de scríbhneoirí móra na Gaeilge le díol ag an gceant chomh maith le go leor leabhar staire agus leabhar faoi chúrsaí polaitíochta, ach deir Máirín Nic Eoin, Ollamh Emerita in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, nach bhfuil sé chomh tábhachtach sin go gcoinneofaí na leabhair sa bhailiúchán céanna toisc go mbeadh teacht ar chóipeanna díobh in áiteanna eile. Dúirt sí, áfach, go gur maith an rud a bheadh ann dá n-éireodh le leabharlann taighde nó le hinstitiúid oideachais greim a fháil ar an ábhar pearsanta atá ar díol.

“Maidir le páipéir phearsanta Mháire Mhic an tSaoi, na litreacha, grianghrafanna agus cáipéisí príobháideacha, shamhlóinn go mbeadh luach ar leith leo siúd agus, ar an ábhar sin, gurbh fhearr go mbeidís caomhnaithe in aon leabharlann taighde nó institiúid léinn amháin in Éirinn,” a deir Nic Eoin le Tuairisc.

An scannánóir Paula Kehoe a léirigh agus a stiúir Deargdhúil: Anatomy of Passion, scannán faoi dhánta agus saol Mhic an tSaoi, agus tá sise den tuairim freisin gur cheart go mbeadh an bailiúchán seo ar fáil go poiblí.

“Cinnte, bheadh sé go hiontach dá mbeadh an stát nó ollscoil in ann an bailiúchán a cheannach, nó an chuid de a bhaineann le stair na tíre,” a deir Kehoe.

Cnuasaigh de chomhfhreagras, nótaí agus ábhar lámhscríofa eile iad roinnt de na míreanna atá le cur ceant agus deir Máirín Nic Eoin gur mór an cúnamh a bheadh ann dá mbeadh níos mó sonraí ar fáil faoi céard go díreach atá sna míreanna sin.

“D’fhéadfadh a leithéid a bheith ina chuidiú mór ag scoláirí litríochta agus polaitíochta. Déanaim amach ón sracfhéachaint a thug mé ar na liostaí nach bhfuil aon idirdhealú déanta idir leabharlann Mháire agus leabharlann Conor Cruise O’Brien. Tá an bailiúchán ina iomláine iontach spéisiúil agus is cinnte go mbeadh liosta na leabhar ina acmhainn luachmhar ag lucht taighde.”

Aontaíonn an Dr Róisín Ní Ghairbhí, léachtóir litríochta i gColáiste Mhuire gan Smál go bhféadfadh tuilleadh eolais maidir le céard atá sa bhailiúchán é a dhéanamh níos éasca na seoda atá ann a aithint.

“An rud a déarfainn ná go mbeidh sé suimiúil fáil amach go díreach cad a bheidh sa bhailiúchán – ardscoláire ab ea Máire, agus ba bhreá liom fáil amach an bhfuil aon chuid de leabhair a huncail ann, an Monsignor de Brún, ar scoláire tábhachtach Gaeilge é freisin.”

Tá nótaí beathaisnéise lámhscríofa a scríobh Máire Mhac an tSaoi faoi chlann a tuismitheoirí i measc na míreanna atá sa bhailiúchán.

An comhlacht ceantála Purcell Auctioneers atá ag reáchtáil an cheant. Ní bheidh cead ach ag slua teoranta freastal ar an gceant ach is féidir tairiscintí a dhéanamh ar an teileafón nó ar líne.

Ceann de na míreanna is luachmhaire a bheidh á ndíol ná dréachtchóip de Bhunreacht na hÉireann. Cóip de chuid Sheáin MacEntee atá inti agus tá sí sínithe ag na hairí rialtais uile a bhí ann ag an am, an Taoiseach Éamon de Valera ina measc. Idir €3,000-€6,000 atá luaite leis an mír áirithe sin.

Bhí Máire Mhac an tSaoi, a rugadh i mBaile Átha Cliath i 1922, ar dhuine de cheannródaithe fhilíocht na Gaeilge sa 20ú haois agus tá a cnuasaigh amhail Margadh na Saoire (1956) agus Codladh an Ghaiscigh (1973) áirithe mar mhórshaothair de chuid litríocht na Gaeilge agus litríocht na hÉireann.

Bhí ceangal mór aici le Gaeltacht Chorca Dhuibhne, mar a mbíodh sí ar saoire agus í óg sa teach ar a dtugtaí Tigh na Cille i nDún Chaoin.

Bhásaigh a fear céile, Conor Cruise O’Brien, in 2008.

Fág freagra ar '‘B’fhearr go mbeadh páipéir Mháire Mhic an tSaoi caomhnaithe in aon leabharlann amháin in Éirinn’'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is ait liom nach raibh sé de chiall is de stuaim ag Máire Mac an tSaoi a cuid páipéirí a fhágáil ina uacht ag institiúid léinn nó leabharlann poiblí, le nach mbeidís á ndíol mar seo?