Leabharlann phearsanta Mháire Mhic an tSaoi, a fir chéile agus a hathar ar díol

Tá leabhair shínithe, comhfhreagras agus ábhair chartlainne i measc na míreanna atá curtha ar ceant ó leabharlann phearsanta an fhile mór le rá

Leabharlann phearsanta Mháire Mhic an tSaoi, a fir chéile agus a hathar ar díol

Tá leabhair, grianghraif agus comhfhreagras ó leabharlann phearsanta an fhile Máire Mhac an tSaoi le cur ar ceant go luath.

Táthar á ndíol mar chuid de cheant ina bhfuil leabharlann phearsanta Mhic an tSaoi, leabhair lena fear céile, an t-iarAire Conor Cruise O’Brien, agus lena hathair, an t-iarThánaiste Seán MacEntee, á ndíol.

Tá an-chuid leabhair shínithe, comhfhreagras, ábhair chartlainne agus páipéir oibre i measc na míreanna atá le díol, chomh maith le grianghraif den triúr.

An comhlacht ceantála Purcell Auctioneers atá ag reáchtáil an cheant a bheidh ar, Dé Céadaoin, an 27 Aibreán.

Meastar gur ceann de na míreanna is luachmhaire a bheidh á ndíol ná dréachtchóip de Bhunreacht na hÉireann. Cóip de chuid Sheáin MacEntee atá inti agus tá sí sínithe ag na hairí rialtais uile a bhí ann ag an am, an Taoiseach Éamon de Valera ina measc. Meastar go bhfuil luach idir €3,000 agus €6,000 ar an mír áirithe sin.

Praghas idir €800 agus €1,200 atá luaite le bailiúchán de chomhfhreagras, gearrtháin agus foilseacháin de chuid Mháire Mhic an tSaoi, a bhásaigh anuraidh.

Tá beathaisnéisí lámhscríofa a rinne Mac an tSaoi ar chlann a tuismitheoirí i measc na míreanna freisin. File agus scoláire aitheanta eile ab ea uncail Mhic an tSaoi, an Moinsíneoir Pádraig de Brún. 

Tá cóipeanna sínithe de leabhair le cuid de scríbhneoirí móra na Gaeilge le díol chomh maith ag an gceant chomh maith le go leor leabhar staire agus leabhar faoi chúrsaí polaitíochta.

Bhí Máire Mhac an tSaoi, a rugadh i mBaile Átha Cliath i 1922, ar dhuine de cheannródaithe fhilíocht na Gaeilge sa 20ú haois agus tá a cnuasaigh amhail Margadh na Saoire (1956) agus Codladh an Ghaiscigh (1973) áirithe mar mhórshaothair de chuid litríocht na Gaeilge agus litríocht na hÉireann.

Bhí ceangal mór aici le Gaeltacht Chorca Dhuibhne, mar a mbíodh sí ar saoire agus í óg sa teach ar a dtugtaí Tigh na Cille i nDún Chaoin.

Bhásaigh a fear céile, Conor Cruise O’Brien, in 2008.

Ní bheidh cead ach ag slua teoranta freastal ar an gceant ach is féidir tairiscintí a dhéanamh ar an teileafón nó ar líne.

Fág freagra ar 'Leabharlann phearsanta Mháire Mhic an tSaoi, a fir chéile agus a hathar ar díol'

  • Pól

    Is cuid d’oidhreacht na tíre an méid sin agus tá súil agam go bhfuil duine fadbhreathnaitheach eicint ar an údarás a cheannós don leabharlann náisiúnta é.

  • Antóin

    Go gceannaí Leabharlann Náisiúnta na Éireann an bailiúchán seo.

  • Conall Cearnach

    Cad ina thaobh nár fhág sí ag an Leabharlann Náisiúnta é?
    Banfhile mór na Gaeilge
    ach is i mBéarla atá a dírbheathaisnéis

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Iontas orm nach raibh bailiúchán Mháire Mac an tSaoi fágtha ina uacht aici ag ollscoil nó ag an leabharlann náisiúnta.

  • Tiarnan de Fréine

    B’fhéidir go bhfuil an t- airgead de dhíth ar a clann. Is mór an trua más ea. Súil agam go gceannaítear an bailiúcháin don leabharlann Náisiúnta nó institiúid phoiblí eile agus go gcaomhnaítear an saibhreas seo do mhuintir na hÉireann!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is lúide mo mheas ar Mháire Mac an tSaoi go bhfuil an bailiúchán seo de dhoiciméidí bunúsacha agus de ghrianghrafanna luachmhaire, a bhí ina seilbh, le díol ag ceant poiblí. Cuma faoi na leabhair atá ar díol. Ach ni dea theist ar an mbean, go bhfuil litreacha stairiúla agus grianghrafanna le díol ar an gcaoi seo. Is fuithi a bhí sé socraithe a dhéanamh ina uacht iad a fhágaint ag institiúid poiblí ach ní dhearna sí é sin, fairíor.