CLUASTUISCINT: An cárta biongó Gwaeilge lán tar éis díospóireacht ‘upfront’ eile faoin teanga

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis


Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Meas tú céard is brí leis an bhfrása “caidreamh grá is gráin”?
  • Cad deirtear faoi na meáin phríobháideacha?
  • Cén seó bóthair a bhfuil an t-údar ag tagairt de?
  • Cén fáth a luann an t-údar cárta biongó?
  • Cad atá i gceist ag an údar nuair a deir sé “seanbhailéad”?
  • Cén fáth a luaitear Brenda Power?
  • Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

Nuair a thagann na díospóireachtaí más ceadmhach dom an focal seo na sean-nathanna agus an tuairimíocht a chodail sin a úsáid fiú, tagann na seanráite, amuigh chéanna chun cinn. chun cinn

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís. Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach agus dhá aidiacht.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déanaigí iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in an freagra a sheiceáil ar ball.

oideachais an teanga a labhairt. An t-iomlán léir. Gan aon trácht ar fhigiúirí an Daonáirimh, gan aon

trácht ar dhea-mhéin an phobail i gcoitinne i leith na teanga atá cruthaithe i dtuairiscí taighde éagsúla,

bpraiseach atá á déanamh den chóras sin. Ach faraor ní raibh i scéal na díolúine ach an leithscéal is

déanaí le tabhairt faoi dhíospóireacht leadránach liobarnach eile faoin nGaeilge ‘éigeantach’.

Dúradh gurb é díolúine na Gaeilge a bhí le plé agus tá go leor go bhféadfaí a rá faoin

gan aon trácht ar an dúshlán a bhaineann le teanga a fhoghlaim, gan aon trácht ar an difríocht

idir ábhar a bheith éigeantach agus ina chroí-ábhar.

Seo linn arís ar bhóithrín na háiféise, na háibhéile, na heaspa tuisceana agus an aineolais: ní teanga

bheo í, níl sí úsáideach, an 10% de mharcanna breise, ní féidir le héinne a ghabh tríd an gcóras

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: An cárta biongó Gwaeilge lán tar éis díospóireacht ‘upfront’ eile faoin teanga'