An cárta biongó Gwaeilge lán tar éis díospóireacht ‘upfront’ eile faoin teanga

Cás na Gaeilge á phlé ar RTÉ arís? Seo chugainn na seanráite, na sean-nathanna agus an tuairimíocht a chodail amuigh chéanna arís…

An cárta biongó Gwaeilge lán tar éis díospóireacht ‘upfront’ eile faoin teanga

Gné ait den tsícé Éireannach ná an caidreamh grá is gráin atá ag cuid de mhuintir na tíre leis an teanga. Tugann na meáin (na cinn phríobháideacha ach go háirithe) ardán do dhaoine go tráthrialta a bheith ag cabaireacht agus ag cnáimhseán faoin teanga. Tá ár ndeasghnátha, ár nósanna agus ár ngnásanna cultúrtha is sóisialta féin againn anseo in Éirinn; ó bhás go breith agus ó pháirceanna imeartha go stáitsí an cheoil, an rince agus na hamhránaíochta. Ar an drochuair tá an seó bóthair seo ar cheann acu.

Nuair a thagann na díospóireachtaí seo chun cinn, más ceadmhach dom an focal sin a úsáid fiú, tagann na seanráite, na sean-nathanna agus an tuairimíocht a chodail amuigh chéanna chun cinn. D’fhéadfaí an cárta biongó Gwaeilge a líonadh go furasta.

Líonfaí an-tapaidh go deo é leis an gclár Upfront le Katie Hannon. Bímis ionraic faoi chúrsaí, nó upfront mar a deir an Béarla, níl sna díospóireachtaí aineolacha seo ach seanbhailéad le beagán conspóide a shniogadh as an nGaeilge ar mhaithe le figiúirí féachana.

Bhí Brenda Power, Niall Collins, David Cullinane agus Julian de Spáinn sa stiúideo don bhabhta biongó is déanaí.

Dúradh gurb é díolúine na Gaeilge a bhí le plé agus tá go leor go bhféadfaí a rá faoin bpraiseach atá á déanamh den chóras sin. Ach faraor ní raibh i scéal na díolúine ach an leithscéal is déanaí le tabhairt faoi dhíospóireacht leadránach liobarnach eile faoin nGaeilge ‘éigeantach’.

Seo linn arís ar bhóithrín na háiféise, na háibhéile, na heaspa tuisceana agus an aineolais: ní teanga bheo í, níl sí úsáideach, an 10% de mharcanna breise, ní féidir le héinne a ghabh tríd an gcóras oideachais an teanga a labhairt. An t-iomlán léir. Gan aon trácht ar fhigiúirí an Daonáirimh, gan aon trácht ar dhea-mhéin an phobail i gcoitinne i leith na teanga atá cruthaithe i dtuairiscí taighde éagsúla, gan aon trácht ar an dúshlán a bhaineann le teanga a fhoghlaim, gan aon trácht ar an difríocht idir ábhar a bheith éigeantach agus ina chroí-ábhar.

Dhein Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, an fód a sheasamh go tomhaiste, eolgaiseach, ach is deacair snámh in aghaidh eas an aineolais.

Ábhar díomá dom ar shlí nár cloíodh le Dlí Godwin na Gaeilge, sé sin Peig bhocht a tharraingt isteach sa scéal ach d’imigh an plé go tóin poill dá huireasa.

(Chaitheas gáire a dhéanamh nuair a d’fhéachas ar shuíomh idirlín RTÉ mar a raibh cuntas ar gach re sea WhatsApp idir Power agus Patricia Nic Eoin. Faoi mar a bheadh an nimh ar an aithne tarraingíodh bean Dhún Chaoin, a cailleadh breis agus seasca bliain ó shin, isteach i ndíospóireacht faoi thodhchaí mhúineadh na Gaeilge.)

Mar dhuine a bhfuil a shaol caite aige in iomaire an oideachais ag leibhéal na hiarbhunscoile, b’fhéidir nár mhiste luach mo leathphingine a chaitheamh isteach maidir le cuid de na himpleachtaí praiticiúla a bheadh ann mura mbeadh an Ghaeilge ina croí-ábhar. Dar liom go léirítear mórán míthuiscintí bunúsacha faoi conas mar a oibríonn amchláir agus roghanna ábhar sna scoileanna.

An rud is tábhachtaí faoin nGaeilge ‘éigeantach’ ná go gcinntíonn sin go bhfuil teacht ag gach dalta, i ngach scoil ar an nGaeilge. Is ionann éigeantacht agus deis. Má bhaintear stádas an chroí-ábhair den Ghaeilge titfidh sí isteach i bpota na roghanna; pota atáthar a líonadh i rith an ama (Corpoideachas agus Ríomheolaíocht le cúpla bliain anuas, Drámaíocht agus Staidéar Scannán chugainn).

Caithfidh scoileanna fuint de réir na mine maidir le leithdháileadh múinteoirí, seomraí agus éilimh éagsúla eile shaol na scoile. Chomh cinnte is atá cros ar asal bheadh lear mór scoileanna ná cuirfeadh an Ghaeilge ar fáil, agus ní le haon drochrún a dhéanfadh an-chuid acu é.

Fiú dá gcuirfí ar fáil í  bheadh sí in aghaidh ábhar amhail Fisic, Ceimic, Bitheolaíocht, Cuntasaíocht, Eolaíocht Talmhaíochta, Sean-Ghréigis, Matamaitic Fheidhmeach, Araibis, Ealaín, Gnó, Léann Clasaiceach, Ríomheolaíocht, Staidéar Foirgníochta, Grafaic Dhearaidh agus Chumarsáide, Eacnamaíocht, Innealtóireacht, Fraincis, Tíreolaíocht, Gearmáinis, Léann Eabhraise, Stair, Eacnamaíocht Bhaile, Iodáilis, Seapáinis, Laidin, Liotuáinis, Mandairínis, Ceol, Corpoideachas, Fisic agus Ceimic, Polainnis, An Pholaitíocht agus an tSochaí, Portaingéilis, Oideachas Reiligiúnach, Rúisis, Spáinnis agus Teicneolaíocht.

An Ghaeilge ag guailleáil i gcoinne 37 n-ábhar eile, 13 teanga ina measc. Cuimhnigh nach mbíonn ag daltaí ach ceithre ábhar roghnach, ar an meán, faoi láthair. Níl sé seo mar seo nó mar siúd, ach an teanga bheo, úsáideach í an Laidin agus an tSean-Ghréigis?

Nuair a bhíonn na daoine seo ag caint faoin ábhar seo, taibhsítear dom go bhfuiltear ag déanamh talamh slán de go mbeidh an deis i gcónaí ag daltaí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge má theastaíonn uathu. Ní hamhlaidh a bheidh, níl scoil le 600 dalta chun rang Ardteiste a chur ar fáil don seachtar as an gcéad dalta sa chúigiú bliain atá ag iarraidh Gaeilge a dhéanamh. Sin seachtar a ndéanfar éagóir orthu, seachas seachtar a d’fhéadfadh rian beag a fhágáil ar dhán na Gaeilge ar shlí amháin nó ar shlí eile. Bheadh an brúscadh uimhreacha céanna ag tarlú sa bhreis agus 700 iarbhunscoil sa tír. Sin ar fad gach trácht ar ghéarchéim an tsoláthair múinteoirí agus tionchar chóras na bpointí ar an gcóras iarbhunscoile.

Gné eile den chinneadh ná an tionchar a bheadh aige seo ar an ngaeloideachas, tionscal tábhachtach na gcoláistí Gaeilge agus geilleagar na Gaeltachta trí chéile.

Rud eile a imíonn sa bhfraoch sna comhráití seo ná feidhm an chórais oideachais. Tá níos mó i gceist le córas oideachais seachas oibrithe a ullmhú; táthar ag iarraidh saoránaigh a mhúnlú. Mura mbeadh mar shlat tomhais againn ach an rud atá úsáideach bheadh Eacnamaíocht Bhaile agus Staidéar Foirgníochta éigeantach do chách (agus ní le drochmheas a deirim sin faoin dá ábhar bhreátha sin, ach tuigeann tú mo phointe).

Níl spás don smaointeoireacht théagartha sin nuair atá cárta biongó le líonadh.

Fág freagra ar 'An cárta biongó Gwaeilge lán tar éis díospóireacht ‘upfront’ eile faoin teanga'

  • Brídín

    Praiseach na ndíolúintí agus an ceart ag an gcolúnaí. Frith-ghaeil laistiar den tubaiste agus de mhias na ndíolúintí. A cholúnaí, thar am na frith-ghaeil a fhiosrú agus a gcúiseanna le díothú ár dteanga náisiúnta.

  • Sibéal

    “If you were to tell me you got a H2 in the Leaving Cert, I wouldn’t have a clue if you were able to speak Irish or not.”

    Sin a dúirt Julian De Spáinn ar a gclár .

    https://www.youtube.com/watch?v=hvvJVGzauAU

    Tá an caighdeán comh híseal sin ag Gaeilge na Ardteiste, fágann sé sin nach bhfuil cruthúnas ceart á cur ar fáil ag scoláirí sna Gaescoileanna dara leibhéal agus sna meánscoileanna Gaeltachta go bhfuileadar líofa sa teanga. Is ait liom nach bhfuil agóid ar siúl sna Gaeltachtaí chun sin a chur in a cheart – go háirithe nuair atá a fhios ag na múinteoirí Gaeltachta go bhfuil gantannas mór Gaeilgeoirí líofa oilte ins an earnán poiblí, san earnán oideachais agus sa Bhruiséil. Réiteach amháin ar an scéal náireach sin ná an Teastas Eorpach sa Gheilge a chur ar fáil san Idirbhliain sna Gaeltachtaí agus sna Gaelscoileanna.

    Ar ábharaí an tsaoil, ní raibh ach scata beag daoine sa lucht féachana a vótáil ar son deireadh a chur le teanga na tíre mar ábhar éigeantach don Ardteist.
    Ní rabhas ag súil le toradh mar sin de bharr na blianta fada de “Peg-bashing” ar na meáin.

  • Lillis Ó Laoire

    Cailleadh Mairéad an tSaorsaigh, besn Uí Ghuithín i 1958, 65 bliain ó shin. Aos an phnsin fé dhó aici anois, cheapfá.

  • Seán

    Pointí maithe ag an gcolúnaí cé go bhfuilid go léir claonta ar an ábhar seo.
    Tháinig gaeilge riachtanach isteach chun stádús a thabhairt don teanga fiú I réim na breataine
    Is rud tábhachtach í gaeilge do gach saoránach agus níl siad a fáil réidh le sualainnis nó greigis cé gur mhion teangacha iad

    Ach caithfidh an toil teacht ó mhuintir na tíre agus feictear don gur béarlóirí iad tromlach na tíre agus ní fhreastlaimid ar an ngaeilge I ndáiríre

    Culú siar a bheadh I sasannú na tíre ach fós caithfimid éis teacht le toil na ndaoine

  • Ruairí Ó Caisleáin

    Togha ailt, ‘Bhreandáin.

  • Liam

    Ba bhreá tuairim an cholúnaí a fháil ar chaighdeán Gaeilge múinteoirí nua-cháilithe. An bhfuil an caighdeán cuí ag teagascóirí i rannóga oideachais sna hollscoileanna/coláistí tríú leibhéal ar fad? Cainteoirí líofa Gaeilge ar a mbealach isteach chuig na cúrsaí a chuireann múinteoirí faoi oiliúint ach cén bhail a bhíonn ar chuid acu tar éis na hoiliúna? Gaeilge bhriste go minic! Muna bhfuil caighdeán ard ins na hinstitiúidí tríú leibhéal ar fad, cén fáth nach bhfuil monatóireacht leanúnach á dhéanamh orthu? Fiosraigh leis na macléinn an cás!

  • Colin Ryan

    Is beag is fiú an t-éigeantas mura bhfuil toradh air. Cá bhfuil na cainteoirí líofa?

  • Hanna Ní Lochnáin

    Ana-alt. Míniú tomhaiste ar ár gcóras oideachais iar-bhunscoile agus an toradh a bheadh ann dá mbeadh an Ghaelainn ina hábhar roghnach.

  • Dáirine Ní Mheadhra

    Ana-alt a Bhreandáin go raibh maith agat. Fíorspéisiúil.