Cliar láidir i ndráma lochtach na Taibhdheirce faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna

Díoladh amach gach oíche 'Maum' a bhí ar siúl sa Taibhdhearc mar chuid d’Fhéile Ealaíon na Gaillimhe. Ach céard faoin dráma féin?

Eoin Geoghegan agus David Heap
Eoin Geoghegan agus David Heap i radharc as an dráma Maum

Bhí an-tóir go deo ar thicéid don dráma Maum a léiríodh sa Taibhdhearc an tseachtain seo caite mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe. Go deimhin, faoi thús na seachtaine seo caite, ní fhéadfaí theacht ar shuíochán ar bith in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. 

Is dóigh gurbh é an príomhrud a mheall na sluaite chun na Taibhdheirce ná ábhar an dráma – fíorscéal Dhúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882. Fiú anois, agus níos mó ná céad bliain imithe tharainn ó maraíodh cúigear, idir óg agus aosta, go brúidiúil ina dteach i nDúiche Sheoighe, tá an eachtra fós i mbéal an phobail.

Ba chasta an scéal é an tráth sin agus is casta an scéal i gcónaí é. D’fhéadfaí sraith iomlán teilifíse a dhéanamh d’eachtraí na bliana sin agus na mblianta ina diaidh.

Mar sin, ba mhór an dúshlán a bhí roimh an scríbhneoir, Sighle Ní Chonaill, na snáithe tábhachtacha uilig den scéal a shníomh le chéile agus gan aici ach dhá ghníomh leis an iomlán a chur in iúl is a thabhairt slán.

D’éirigh le Ní Chonaill an méid sin a dhéanamh ar bhealach, ach ba é an locht ba mhó ar an script ná gur thriail sí an iomarca a dhéanamh: bhí an iomarca foscéalta ann, bhí an iomarca radarcanna ann agus bhí i bhfad an iomarca carachtar ann.

Bhí an script míshlachtmhar in áiteacha agus theastódh tuilleadh dianeagarthóireachta air sula gcuirfí ar stáitse arís é. D’imigh an scéal chun doiléire ar fad i ndiaidh chrochadh Mhaolra Sheoighe – buaic nádúrtha an dráma ó thaobh teannais de, shílfeá – cé go ndearna na haisteoirí a ndícheall luas a choinneáil faoin aicsean.

Lonnaithe idir dhá shaol a bhí an dráma; Baile Átha Cliath na ndlíodóirí Gallda postúla agus Mám Trasna iargúlta na nGael. In ainneoin a oiread radharcanna agus athruithe seite a bhí ann, ní bhfuair an lucht féachana blaiseadh ceart ar Chonnachta na 19ú haoise agus caitheadh an iomarca ama ag léiriú domhan sin na ndlíodóirí i mBaile Átha Cliath.

Ar an taobh eile den scéal, ba bheag léiriú a tugadh dúinn ar an saol mar a bhí faoi na Tiarnaí Talún in iarthar na hÉireann. 

Fadhb eile a bhain leis an script ná an ró-insint a bhí ann agus na carachtair ann ag déanamh na bpointí céanna arís agus arís eile ar eagla go rachadh téamaí an scéil i ngan fhios dúinn.

D’fhág an blas teagascúil ar an gcaint gur maolaíodh ar theannas an scéil.

Bhí cliar an-láidir i léiriú seo na Taibhdheirce d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe agus moladh tuillte go háirithe ag Colm Ó Fátharta (Tom Pháidín Sheáin) Eoin Geoghegan (Henry Munroe), Colm Joe Mac Donncha (Páidín Sheáin) agus Eoin Mac Diarmada a bhí i bpáirt Tim Pat Collins.

Léiriú dátheangach a bhí in Maum. Scríobhadh an dráma i mBéarla agus chuir Macdara Ó Fátharta Gaeilge shlachtmhar shaibhir i mbéal na Seoigheach agus mhuintir Mhám Trasna, cuid acu a bhain úsáid as canúint lár-Chonnacht ina gcuid cainte. Rud is annamh, bhí Gaeilge nadúrtha ar a dtoil ag na haisteoirí sa léiriú seo (nó ar a laghad iad siúd a raibh Gaeilge á labhairt acu) cé go mb’fhéidir go ndearna Seán Ó Tarpaigh (Maolra Seoighe) ró-iarracht cloí le canúint na haimsire. 

Don dream nach raibh aon Ghaeilge acu, bhí fotheidil ar scáileán os cionn an stáitse. Faraor, tá an Taibhdhearc ag leanacht drochnós TG4 fotheidil Bhéarla a sholáthar agus gan aon fhotheidil Ghaeilge a chur ar an gcuid den dráma atá i mBéarla.

Agus ba i mBéarla a bhí cuid mhaith den dráma seo seachas i dteanga Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. 

B’fhéidir gur fheil an Béarla i gcás an dráma áirithe seo, a bhain le héagóir teanga i measc rudaí eile, ach bímis ag súil nach é an dátheangachas atá i ndán dúinn sa Taibhearc as seo amach.

Fág freagra ar 'Cliar láidir i ndráma lochtach na Taibhdheirce faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna'

  • Eoin Ó Riain (@ReadoutSignpost)

    Is trua gur chaill mé an dráma seo – bhí mé ró-dhéanach. Súil agam go mbeidh sé ar siúl arís le go mbeidh mé fhéin i ndán mo bhreithiúnas fhéin a dhéanamh. Bhí comóradh den eachtra eagraithe ag an gCoimsinéir Teanga cupla bliain ó shin ag Ard Eaglais na Gaillimhe – áit a raibh an príosún inar crochadh Maolra Seoighe agus na daoine eile. Bhí Uachtarán na hÉireann féin i láthair ann. (Féach ar https://anghaeltacht.net/Mam1882/Comoradh2012.html)

    Go bhfios dom tá leabhar á scríobh ag Seán Ó Cuirreáin faoin eachtra le foilsiú i rith 2016.

  • Éilis

    Cheap mise go raibh an dráma thar barr agus bhain mé an-taitneamh as. Le linn na féile chuaigh mé go dtí Maum, The Matchbox, The Dead School agus Lessness. Ba é ‘Maum’ an dráma is suimiúla a bhí ann dar liomsa. Mholfainn go hard é agus rachainn arís dá mbeadh mé in ann ticéad a fháil!