CLG na Gaeilge: céim chun cinn tugtha ag cumainn lán-Ghaeilge na Gaillimhe agus Bhéal Feirste

Bhí cruinnithe ar siúl i mBéal Feirste agus i nGaillimh an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar chumainn CLG lán-Ghaeilge a bhunú sna cathracha sin.

A general view of the GAA 21/9/2014Oíche Dé Céadaoin, bhailigh thart ar 40 duine le chéile i mBéal Feirste chun labhairt faoi chlub Laochra Loch Lao a bhunú mar chumann lánaimseartha. Faoi láthair, ní thagann an cumann le chéile ach le haghaidh Chomórtas Peile na Gaeltachta agus comórtas nó dhó eile i gCathair Bhéal Feirste.

Bhí cuid mhaith le plé ag cruinniú na seachtaine seo, a deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, ball den chumann.

“Bhí muid ag amharc an mbeadh muid in ann óg-chumann a bhunú, bhí muid ag amharc an mbeadh muid in ann foireann sóisear a bhunú a bheadh ag imirt i gcomórtais dheisceart Aontroma agus ansin bhí muid ag amharc ar chúrsaí maoinithe agus an taobh sin dhó,” a deir Mac Giolla Bhéin.

Beidh Laochra Loch Lao deich mbliana ar an bhfód i 2016, agus ó tharla Comóradh an Chéid 1916-2016 a bheith ar siúl, bhraith na baill gurb é seo an t-am ceart an cumann a fhorbairt.

“Tá a fhios againn nach mbeidh muid in ann achan rud a dhéanamh taobh istigh de scála ama gairid. Bhí muid ag plé plean forbartha don chumann agus clár ama a leagan amach chun na rudaí seo a bhaint amach,” a deir Mac Giolla Bhéin.

“Is é an chéad chéim eile ná eolas a bhailiú. Beidh muid ag cur ceistneoirí amach chuig na daoine a bhí i láthair ag an gcruinniú, chomh maith le roinnt daoine eile nach raibh in ann a bheith i láthair. Tá muid ag iarraidh fáil amach cén suim a bheadh ag daoine páirt a ghlacadh sa chumann nua, ó thaobh foirne óga a thraenáil, imirt don fhoireann sóisear nó a bheith ag obair ar na bhfochoistí agus a leithéid.”

Ar an oíche chéanna, d’fhreastal thart ar 20 duine ar chruinniú poiblí in Áras na nGael i nGaillimh ar an gCéadaoin chun plé a dhéanamh ar chumann nua a bhunú sa gcathair, ‘Gaeil na Gaillimhe’.

Tá lucht bunaithe Gaeil na Gaillimhe ‘99% cinnte’ go mbeidh siad ag glacadh páirte i gcomórtais oifigiúla sa Ghaillimh i mbliana tar éis dóibh plé dearfach a bheidh acu le Bord an Chontae, agus beidh siad ag dul i mbun traenála den chéad uair faoi cheann coicíse.

Dar le Evelyn Fennelly, duine de bhunaitheoirí an chumainn, tá dóthain daoine cláraithe cheana féin chun foireann na mban a chur chun páirce ach tá roinnt imreoirí eile ag teastáil d’fhoireann na bhfear.

“Bhí muid sásta go maith le líon na ndaoine a d’fhreastal ar an gcruinniú,” a deir Fennelly.

“Bhí sé go maith mar chéad chéim. Thug mise agus Stephen [Joyce, bunaitheoir eile] cúlra an togra do dhaoine agus bhí plé ann faoi chúrsaí riaracháin agus clárúcháin.”

Dóibh siúd atá ag iarraidh níos mó eolais a fháil faoi na cumainn seo, is féidir cuairt a thabhairt ar a suíomhanna Facebook: Tá leathanach Gaeil na Gaillimhe CLG anseo agus tá leathanach CLG Laochra Loch Lao anseo.

Fág freagra ar 'CLG na Gaeilge: céim chun cinn tugtha ag cumainn lán-Ghaeilge na Gaillimhe agus Bhéal Feirste'