Cleachtadh scríbhneoireachta a bhainfidh d’aird den choróinvíreas… ar feadh 15 nóiméad…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Bhí an coróinvíreas ag teacht idir ár gcolúnaí agus a chuid scríbhneoireachta, agus b’éigean dó smaoineamh ar sheift. Ní gá duit a bheith i do scríbhneoir chun triail a bhaint aisti!

Cleachtadh scríbhneoireachta a bhainfidh d’aird den choróinvíreas… ar feadh 15 nóiméad…

Bhí mé díreach tar éis an dréacht deireanach d’úrscéal nua a chríochnú nuair a thosaigh géarchéim an choróinvíris agus dúirt mé liom féin go nglacfainn sos ón scríbhneoireacht chruthaitheach fad is a mhairfeadh ráig an Covid-19. Anois agus mí go leith caite mothaím uaim an scríbhneoireacht ach ag an am céanna, níl fonn ar bith orm tabhairt faoi thogra nua; mar a dúirt an scríbhneoir as Meiriceá Curtis Sittenfeld ní hionann ar chor ar bith ‘a bheith ag obair sa bhaile’ agus ‘a bheith ag obair sa bhaile agus paindéim ar siúl’.

An oíche cheana, smaoinigh mé ar chleachtadh scríbhneoireachta a chuirfeadh brú orm peann a chur le páipéar ar feadh 15 nóiméad in aghaidh an lae, ar a laghad. Bunaithe ar mheascán den chomhairle a fhaightear go forleathan i leabhair bheirt ghúrúnna scríbhneoireachta as Meiriceá, Nathalie Goldberg agus Julia Cameron, tháinig mé aníos leis an gcur chuige seo:

Suigh síos le cóipleabhar (méid A5, ar a laghad) agus peann. Dún do shúile agus téigh siar ar bhóithrín na gcuimhní. Fan go meallann cuimhne ar leith d’aird. Oscail do shúile, cuir peann le páipéar agus scríobh an chuimhne sin amach. Anois, seo é an rud tábhachtach: scríobh an chuimhne amach sa chéad phearsa agus san aimsir láithreach, amhail is go mbeifeá ag cur síos ar eachtra atá ag tarlú os comhair do shúl anois díreach.

‘Táimid díreach tar éis tiomáint den bhád i nDún Laoghaire. “Breathnaigh,” a deirim le m’athair. “Tá córas aláraim ag na tithe ar fad in Éirinn”!’

‘Tá mé ag tuirlingt de bhus in Miami Beach. Ní raibh mé sa chathair sin riamh cheana ach ní túisce mo chosa ar an gcosán agam nó cuireann fear éigin fios an bhealaigh liom.’

‘Maidin ghrianmhar Dhomhnaigh i gcathair Madrid. Tá chuile shórt dúnta. Siúlaim lár na cathrach ar fad ag súil go n-osclóidh siopa faiseanta éigin a bhféadfainn an t-am a mheilt ann sula mbeidh orm aghaidh a thabhairt ar an aerfort, ach ní aimsím ach bácús beag ar an Calle de Atocha. Tá an caife go maith agus na rollaí milse thar barr ach tá fonn cainte ar an tseanbhean taobh thiar den chuntar agus níl ormsa.’

Agus mar sin de. Coinnigh ort go dtí go bhfuil an leathanach líonta. Níl ardlitríocht á scríobh agat anois. Tumadh isteach sa chuimhne, fuinneamh na háite nó na heachtra atá faoi chaibidil a mhothú in athuair, sin é atá i gceist. Má mhothaíonn tú fuinneamh láidir, bí ar d’aire: cá bhfios nach síol scéil nó splanc a spreagfadh dán atá sa chuimhne áirithe sin. Ná bí buartha mura mothaíonn. Ar a laghad ar bith, beidh an chuimhne tar éis d’aird a bhaint d’fhadhbanna an lae inniu ar feadh scaithimh.

Fág freagra ar 'Cleachtadh scríbhneoireachta a bhainfidh d’aird den choróinvíreas… ar feadh 15 nóiméad…'